AN GAOḊAL.
587
EAĊTRA ĠIOLLA 'N AMALLÁIN [Leantaḋ]
Ag cur cloċa nirt mar ċosnaṁ cine Réimiḋ?
An g-cluinfir-se an glór so aige slóġ na Féinne,
Ag seinniṁ a g-ceoil, ag spóirt 's ag pléireaċt?
Atá Horas ann ag meallaḋ suilt MacÉnas,
A's dá ġearraḋ sin gan lagaḋ air biṫ le géire.
Óḃid 'na ṡuiġe air beinnse féir ġluis,
Nóta 'ge dá sgríoḃ go foiġeaċ ċun Caesar;
Iuḃenal 'sa ṗeann idir a ṁeuraiḃ,
Domblus mar ḋuḃ aige a's géirniṁ.
Aoḋ Buiḋe mac Cruitín ó Éirinn,
Ag filíḋeaċt go gobċaoin i n-Gaoiḋeilg;
An prionnsa suilt go ceannsa, glic, dá m-ḃreugaḋ,
A's le fonn a ġuiḃ go d-taḃarfaḋ duine ó'n eug leis
An ḃ-feicir na coillḟir 'na luiḋe seaċ gaċ aon loċt,
Go m-beirid a g-cinn tar na Ciclops le ċéile.
Atáid an rúd uċ, trúip na féinne,
Go h-arrḋaċt lúṫṁar, lúbaċ léimneaċ.
Uċ, a Ḟinn Ṁic Ċúṁail, a ċinn na Féinne,
Gan mé agus tú 'nár n-dúiṫċe gaolṁar,
Go d-taḃarfaimís a ḃaile arís an fearraire Séar¬
[lus.
A's beiḋeaḋ caḃair le n-aġaiḋ in Albain no mealla
mise in Éirinn.
Maċtnaigse air Lúter d' iompuiġ an téarma,
A's Calḃin, an crúsda ag cúḃraḋ méiṫris;
An t-Oċtṁaḋ Hannraoi 's an ḃanríoġan ḃneugaċ,
Croċda as ḃrannraiḋiḃ le slaḃraiḋiḃ geura,
Gaċ Sagsanaċ dá ngaḃan an ball seo pleusgan
An ceaṫrar cam so d'iompuig ó'n g-cléir ċirt.
Iad so tá sgaoilte ċíḋir gan aon loċt,
Béarfar arís go ríġeaċt ṁic Dé asteaċ;
Imṫigse a ḃaille ar an fearaire treunṁar,
A ḋuine seo ṫagan mar ṫeaċdaire ó Éirinn.
Is fada beiḋ síolraċ míntais Ṡéamuis,
Go h-anacraċ sgíosṁar claoiḋte i n-geurḃruid,
Go n-éirgiḋ plannda do ṡean t-slioċt Éiḃir,
Ḋeunaḋ cúnncus mar ġeall air éicceart;
Bainfiḋ an ċróinn de'n ċóip seo an éiric,
A's leanfaḋ go deo de Ṗór Ṁilésius,
Seaċainse an t-olc do lot síol Éba air fad.
Gaiḃ paidir a's trosgaḋ 's cros Ṁic Dé ort,
Bí déirceaċ, carṫanaċ air lasaḋ le daondaċt,
Á's réim na ḃ-Flaiṫeas do ġeaḃair más féidir.
Raċadsa air siúḃal tá liúġ a's glaoiḋ orm,
An aicme seo Lúter do ḃruíġdear m' aoḋ ionam.
Do ṁairḃ an Franncaċ an doṁan 's an saoġal díoḃ
A's caiṫfeadsa a d-taḃairt análl má ḟeudaim,
Go róḟada sgeinn óm raḋarc don léim sin,
Gur ṫóg Aoiḃinn íoguir léi mé
Do ṫángamuir aníos a n-innioll naċ léir dam,
Mar ṡaíḋtear liḃ coinín as poillín le spéice.
Gan stad óm smuit do ṁúsgail mé ann san,
