598
AN GAOḊAL.
Dá m-beaċ sgeul air fuaid na dúṫċe,
Ḃeaċ sé, gan doġat, agesna táilliuriḋe
O, bo meíḋreaċ é 'n baile!
Gaċ oiḋċe ḃeaċ duain no sgeul
Aguinn ag dul o ḃeul go beul,
Sinn mar sin dí glaoċ na g-coileaċ,
No go n-imeóġaċ na daoine 'maċ.
O, bo ġráḋṁar é 'n baile!
Ní'r ṁeaṁair linn freaċ ar a dteíntán,
'N ár suíġe síos cois teine ḃreáġ,
Ag ínsint sgeulta 'gus ag aḃrán,
Ó ṫiteaċ an oíḋċe go n-eíreóġaċ an lá.
O, bo ṡúgaċ é an baile!
Ní ḋ'iarṫainn spórt go deo bo ġille,
Ná triall o ṫuaiġ ċum na Coille,
A's buala as san di Sráid-an-Ṁuillinn
No foḋa ag taḃairt di Graig a-Ḃurra,
O, bo ḃaḋmar é 'n baile!
Is anaṁ áit annsa tír seo
A ḃ-faiġ tú croiḋe bog, gráḋṁar,
Mar tá gaċ cearḃaċ air a ḋioṫċoll,
Ag deunaḋ gleacaíġeaċt grána ann.
'Tá na coṁarsain agus mé féineaċ
Díreaċ mar a ḃíḋmair sa m-baile,
Annsa dorus annso age á ċéile,
'S níos muintarṫa sa tír seo go fada.
Tá 'n baile seo fiċe míle ó Ḃostún,
Air ḃruaċ na fairge an áit sláint'ṁuil
Bíon go leor ann de ḋaoineaḋ acfain¬
eaċ, láidir,
Ag caṫaḃ an t-Saṁra ag dul fe ṡáile,
Raíġin asteaċ go Bostún § air maidin,
Agus marga ḋeunaḋ ḋam féin,
Agus buala air fuaid na caṫraċ,
'S teaċt aḃaile am tráċnona 'r a train.
O! dá mbeaċ sgaṫaḃ caínte aguin araon,
A's a n-foċair sinn peannta maiṫ díġe,
Ní le dúil é annsa m-braon,
Aċt le báḋ a's boigeaċt croíḋe.
Bíon tarcaisne agesna ✝ Puncáin,
Dá ċaṫaḃ air an te ḋ'ólṫaċ braon;
'S raíġdís-sin "idir an crann 'sa slioḃ¬
[án,"
Cun é ḋ'ól ar ċúl ann doiris leo féin.
Ní mar sin do Ċlanna-Gaoḋal,
Ní ċeillṫig siad braon ó'n saoġal;
Dá m-beaċ ciall ċeart aguin go leireaċ
Ḃeiḋmis ċoṁ maiṫ as le aon dream ar
an taoḃsa.
Ní bladar atáim, ní dual dam é,
Is beag do ċleaċtas de ar feag mo ṡao¬
[ġail,
Aċt mo ḃeannaċt leat gaċ lá go bráċ,
Mar n'ḟeaċa mé riaṁ fear coṁláġaċ,
Taḃair mo ḃeannaċt dod ḃean 's dod
ċlann,
'S mo ṁíle slán ċugat féin anann,
'S slán go deo liḃ go léir ṫar calla,
Mar is doċa na raiġead go bráċ aḃaile.
Tá míle bliaḋan a's oċt de g-ceudṫa
Fiċe na d-teannta, deiċ a's caoguid,
Gus sé na ḃ-foċair dí maidin an lae so
O ṫainig Críosd nuas air an saoġalsa.
AN PAORAĊ.
| beautiful Easter ; § an expression
for hard work; ‡ a saw; i salár; § his
running into Boston a distance of twen¬
ty miles, transacting business and ret¬
urning the same day, seems to him a
matter worthy of comment; † this form
has been used by good writers.
He in a note says that 40 or 50 years
ago very few in Tomás Ruaḋ's neigh¬
borhood spoke English, all Irish: now
all English almost. How long will
this go on?
Mr. Ward’s Letter.
CAṪAIR NAOṀ ṖRPNNSIAIS,
Tráġa 'n t-Síoċáin Órḋa, Ḃeal¬
taine, 1886.
Ċum Foillseora an Ġaoḋail & Cairde
Coitíona;
Tá mé go maiṫ, buiḋeaċas do Ḋia,
agus tá súil agam go ḃ-fuil siḃse go
maiṫ mar an g-ceudna. Ṫainiceas do'n
tír aoiḃinn seo agus tá átas orm, ní
ṡé, go deiṁin, go ḃ-fuil fuaṫ agam air
mo ṫír ḋúṫċais, no air m' áitreaḋ déiġ¬
ionaċ i d-tír mo ṫoġṫaḋ, aċ tá 'n tír
seo 'na dara párṫas air ṫalaṁ.
Ḃí aisdir ḃreáġ agam féin agus mo
ċóṁluadar. Ṫangamar i sé ló go-leiṫ.
Ḃí ar d-tiomaint ċo luaṫ is gur ġlac
ceann d'ar g-cóistaiḋe teine trí h-uair¬
e aon lá aṁáin, agus do ḃi mul an ċap¬
aill iarainn féin ṫré-lasa.
Ní'l níos mó fiaḋa no beiṫiḋe fiaḋá¬
