AN GAOḊAL.
599
na le feicsint in seo, mar atá an tal¬
aṁ a leig roinnte agus faoi ḟál, an áit
a m-beiḋeaḋ an dáṁalta & an t-Indian
ta sé anois faoi ṡnúṫ agus faoi ḃláṫ,
beiṫiḋe-teallaiḋe, agus daoine son'ṁuil
síḃialta; aċ mar do ṫangamar go d-tí
an ċaṫair seo buḋ h-áluinn an t-aṁarc
é le feicsint, — ċo breáġ is naċ ḃ-feud¬
óċaḋ inntleaċt duine i ṁíniuġaḋ. Tá
súḃtalṁana 's silíniḋe abuiḋ a d-tús
an Abráin, agus ṗotaiġ-nuaḋ ċo mór le
fóḋa móna agus co plúraċ leis na bru¬
síniḋ in Éirinn sul do ṫainic an loḃa
orṫa. Tá iasg ċo farraing le cloċaiḃ
Aṫ-Ṡionnaiġ, agus tá an partán ċo mór
as dá m-beiḋeaḋ sé gleusta go ceart
go d-tiúróċaḋ sé méile go ḋá'reug. Tá
bric ċo furain ann as naċ ḃ-fuil aon t-
suim ionnta — caiṫtear amaċ iad. Aċ
tá ceudṫa daoineaḋ díoṁaoineaċ in
seo mar atá an áit sladṫa le na Chi¬
níniḋe, oibriġeann siad ċo saor sin.
Aċ seo í an tír go ċailín ṁaiṫ. Fáġann
cócaire maiṫ o ċúig dolar ḟiċead go
ḋá ḟiċead dolar sa mí ann. Tá na
daoine fial, croiḋeaṁuil. Saoilim gur
b'ṡeo í "Tír na n-Óg," air ar sgríoḃ
Oisín, mac Ḟinn mac Cuṁail. Is breáġ
glórṁar an tír í seo, aċ, mar duḃairt
bárd na h-Alban, d-fág "Neaṁ-ḋaond¬
aċt ḟir le fear" priaċáin ċo duḃ inseo
as tá in áit air biṫ eile.
Air an dara lá de Ḃealtaine do ḃí
féile ṁór aig cumann na Craoiḃe-Ruaḋ
in seo. Ċuaḋadar suas san aḃainn ċo
fada le Fair Facs, agus ċaiṫeadar an
lá go siansaṁuil air ḃruaċ na tráġa.
Ḃuail an t-ocáide a n-deaċaiḋ roiṁe le
iomadaṁlaċt agus measaṁlaċt na n-
daoineaḋ a ḃí ann. Ḃí os cionn naoi
míle duine ann, agus ní ḟacas duine
air ṁeisge air feaḋ an lae; agus giḋ
go ḃ-fuil na tiġṫe ósda fosgailte air
feaḋ an Doṁnaiḋ ċo maiṫ lé aon lá
eile, ta níos lúġa pótaireaċt ann ná tá
sa Tír Ṡoir ann áit a m-bíḋeann an
taoḃ-ḋorus fosgailte agus an ciarsán¬
aċ [ the growler ] dul asteaċ 'sa 'maċ,
Do ċaráid,
M. P. McṀáird.
Irishmen, preserve your beautiful language, and
dont become the ridicule and laughing stock of the
intelligent world?
THE EXILE of ERIN
Translated for THE GAEL by
Wm. RUSSELL.
Air — An Cnoicín Fraoiġ.
Do ṫainic ċum na taoide deoraiḋe
boċt ó Éirinn,
An síon a leaḃair éide do léir-ḟliuċ
san d-tráiṫ:
Do ċaoin sé a ṫír 'san oiḋċe 'sé ag
teirnioṁ,
An aonar ċois taoḃ-ċnoic na ngéirde
go tláiṫ.
Do ḃreaṫain sé le súile bo ċuṁaċ air
an réalt ṁoċ,
A d' eiriġ suas os ċionn ínnse duṫ¬
ċais a ġaolta,
Mar seal is é go súgaċ a d-túis ġil a
laeṫe,
Do ċanaḋ sé duain aoraċ na h-Éir¬
eann go bráċ.
Is duḃaċ é mo ċas, air an fánaiḋe
croiḋe-ċeusda,
An fiad 'gus an faol-ċú is léir go ḃ-
faiġid sgáiṫ;
Aċ ḋoṁsa ní'l díḋean ó easpaíḋe ná ó
ḃaoġalaiḃ:
Aon áras ná crioċ-aṫar ní'l dom le
fáġail!
Ó! ċoiḋċe airís a ḃ-fioḋ na nglas
ċraoḃa,
Mar a m-biḋeaḋ mo ṡínsior ní síoċ
ḃeiḋ mo rae-si,
'S mo ċláirseaċ le mín ḃláṫaiḃ luí'ean¬
na ní ġleusfad,
'S ní ṡínfiod a teuda air Éirinn go
bráċ.
A Éire mo ḋúṫaig! cé duḃaċ tú 'gus
tréigṫe,
A d-taíḃriḃ seaḋ ṫeiḋim-se ag feuċ¬
ainn do ṫráġa;
Aċ is mairg liom nuair músglaim ṫar
triúċaiḃ a g-céin uait,
Ná casfar liom na gaolta is léir
ḋom go bráċ :
A ḋáin mo ṁíoḋáirde, an ḃ-fáġad uait
taréis seo
Aiteas síoṫċánta, gan gnaiṫ ġuais
dom ċeusaḋ?
Go deoġ, deoġ mo ḃráiṫre ní ḟaisgfiod
