AN GAOḊAL.
611
Aisde na n-Iarṫar, le Pádruig Cúndún ó Ṁaċaire an
Ḟiaḋ taoḃre ċaṫair Útica, a g-conntae Oineada, a Stat Nuaḋ-
earc, do ċum gráḋṫóir na h-eagna uasal oirḃeartaċ .i. Miċeál
moġṁuil, muirneaċ, mín, measarḋa O'Glasáin, ó Lios Ċoinleáin,
a b-paróisde ḃaile Ṁacóda a g-conntae Ċorcuiġe ann Éirinn.
Mr Patrick Condon of Ballymacody, county Cork, Ireland emigrated to this
country and settled near Utica, in this state, and wrote the following letter home
to his friend, Mr. Gleason. We are indebted to Mr. O'Driscoll of Cherry st.
NY City for the manuscript, which we take pleasure in publishing.
1
A Ṡoilḃ ḟir léiġionta, ṡéiṁ, ḋeaḋ eolais,
Taḃarfad tásg faoi 'm láiṁ gan ġó ḋuit;
Air an dúṫa ġránda ionna ráinic ḋam-sa,
Teaċt go h-ársaḋ fálṫa feóiḋte.
2
Ní'l máġaiḃ míne, caoin 'ná cóir ann,
Aċt coillte is crannaiḃ is gearḃṫin ṁóra;
Leaċtain lomarṫa, ċoirtiġṫe ċróna,
Cnoic is gleannta is ceanntír ċeóḋaċa.
3
Uaill is gáirṫa ós árd urċóideaċ,
Ag peantair, faolcoin, bear is leóin ann;
Ainṁiġṫe agallta aṁasoraig ċóṁḃraic,
Is aiṫreaċa niṁe le binb ag ónḟairt.
4
Spéarṫa cnagaig abagairt 'sa fógairt,
An t-aer air lasaḋ sa talaṁ air ṁór ċriṫ;
Caora d'á g-caṫaṁ 'na g-ceaṫaiḃ air ḃóiṫre
'Sas léir go nglacaim-se eagla rómpa.
5
Bíon trí ráṫa breáġ go leór ann,
Bíon ann ráṫa eile go goineadaċ róṫaċ;
Cuisne 'gus fuaċt go buan d'á leónaḋ,
Is truaġ mar ċriċid um Inid am Ṗósda.
6
Ó Lá Nodlaig go meáḋon an Ṁárta ċóṁriṁ,
Sioc agus sneaċta go plaiciḃ a d-tóna ;
A g-cluasa goirṫiġṫe toċailte tóṁaċta,
A g-cosa 'sa láṁa agus áit 'nár ḋóiṫ leat.
7
Saṁraḋ teasḃuiḋṫeaċ greadaiġṫe scóllta —
Lasarḋa grianṁar, pianṁar, breóiḋte;
Ní ḃíon faice air ḟear caite 'na óg ann,
Aċ léine ċriúmsa triús is bróga.
8
Fuirean na tíre, is buiḋean droċ ṁeónaċ,
Fealltaṁúil, fiongalaċ, cuirpe, córbaċ;
Breugaċ, meaḃlaċ, mallaiġṫe, mór oilc,
Cealgaċ claon a meíng 'sa nósaiḃ
9
Cré ná paidior ní cantar go deóġ leó,
Aċt bruiġean is ċeanairc, caismirt is cóṁrac;
Dia, agus Muire 'na ṁiona 'na m-beólaiḃ,
Diaḃal is deaṁan gaċ am 'san ló aco.
10
Ní ṫaḃradaois leiṫṗíninn air Aifreann glórṁar,
Aċ scige 'gus maga fe 'n Eaglais g-cóṁaċtaċ;
Deirid go gur teagusc ó'n n-deaṁan a g-cóṁairle,
Is gur ċóra a g-ceangal a g-carcair le córda.
11
Gaċ Aoine is Saṫran alpoid an spólaḋ,
Dliġṫe na Cléire reubṫar leó iad;
Deirid gaċ naon do ġéill d'á nglórṫa,
