612
AN GAOḊAL.
Go ḃ-fuilid an Aiceron damanta dóiġte.
12
Sin mar do ċaiṫid a m-beaṫa go cionntaċ,
Miosguiseaċ, measgaiġṫe a m-bearta náċ fóġanta;
Go d-tagaḋ srannán an ḃáis 'na scórnaiġ,
Mo ṫruaġ-sa an t-anam boċt n' ḟeadar cá ngeoḃa sé!
13
Tuille d' á d-tréiġṫe is léir go inneósad,
A mná, go deiṁin, ní'l cuisle 'na cóṁada
Aċo re na ḃ-fearaiḃ seoċ clannaiḃ a g-cóṁursan;
Is cuma ann sa donas leó singil no pósda iad.
14
Cois claiḋe no coille ionna d-tiocfar air fód leó,
Díg no cumar no oinead 'na ngeoḃaid siad;
Dob ḟeárr leó cumas air scilling 'na b-pócaḋ,
'Ná a g-cáil do ḃrise le guilm de 'n t-sórt sin.
15
D'á olcas a ngníoṁarṫa a slíġ 'sa ngnóṫa,
Na droinge ḃíon aco air an maċaire a róṁar dóiḃ;
Tugaid a b-páḋa gan spás 'na ndóirne,
Biaḋ agus deoċ air a d-toil a ndaoṫain.
16
Air n-eiriġ air maidin as leabuiḋ ḋuit ġeóḃaḋ tú,
Glaine biotáile fulláin fóġanta;
Arán is ím is píonaḋ sóġṁaile,
Cannṫaḋ cáise 's cnáṁ mairtḟeola.
17
Iar n-iṫe do ċoda le deiṫneas mór duit,
Siúd air sodar ċum oibre leó ṫú;
An am an eadarṫa beiḋ agad-sa cóisir,
Cosaṁuil re bainis, le baisde no pósaḋ.
18
Beiḋ corainn air ċlár a táḋal air ḃeóir duit,
Miasa bána lán do ṫóṁaltas;
Géḋeana is ganndail raṁraḋ rósda,
Is éin d'á malairt ná bacad do ċóiṁrioṁ,
19
Taḃraid ċum iṫe ḋuit fiṫċiḋ agus moímiont,
Ní ḃeiṫdís a feiṫioṁ a ṫuille níos mó leat;
Beiṫ míle béic ort glaoiḋ agus fógairt,
Ad ṫiomáint amaċ tar 'n ais le fórsa.
20
So leó a rís tú a ḃ-feiḋil do ġnóṫaḋ,
Tuisiḋ ní'l leat le grog aċd ól é;
Má ḃíon tú air meisge 'ná'r deire 'n ṫráṫnóna,
Taḃarfaḋ an maor duit páipeur boṫair.
21
Dá ṁéid do ṁolaim a g-coṁṫram sa g-coísir,
A ndram 'sa ndeoċaḋ 'sa mborb ṫoirċ ḟeóla;
Do b-feárr liom agam a ḃ-fearan ṡlioċt Ḃrógáin,
Pudátuiġe is salan cé dealḃ an lón iad.
﻿22
Ní'l aon oíḋċe ó ḃíos a ḃ-fóḋla,
Ná té'im aḃaile go dearḃ is dóiṫ liom;
Glaoḋaim asdeaċ go teaċ mo ċóṁursan,
Tugaid fáilte, láṁ is póg daṁ.
23
Biogaim suas ó'm ṡuan re mórtais,
Déinim maċtnaṁ air maidin go brónaċ;
'Nuair ċím gur b'aisling gan tairḃe an sgeul sin,
Bíḋim go doilḃ is goilim mo ḋaoṫain.
﻿24
Air léaġaḋ mo laoi ḋuit ná bi brónaċ,
Deun an gáire gráḋaċ dob eol duit;
Iḃ mo ṡláint' air ċlár an ósda,
Is cuir tar sáile slán no ḋó ċúġam.
To be continued
