622
AN GAOḊAL.
LEITIR ṖÁDRUIG ĊÚNDÚIN,
(Air leanaṁuint.)
25
Cuirim-se ċúġad-sa anonn go FODLA,
Slán is ceud idir ġaolta is ċóṁursain;
Cé ná feicfiod aon duine go deóg 'guiḃ,
Ní léigfiod as m'aigne marḃ ná beó siḃ.
26
Mo ḋearga dearc mo sgread mo sgóllaḋ!
Gan mé ann sa m-baile mar ċleaċtas um óige;
A d-tuaiṫ no a g-caṫair an aice air cóṁgar,
No a d-taḃairne an leanna aige Baile Ṁacóda.
27
A g-cuideaċta Ui Ġlasáin d'ḟuil árd Eógain,
Ċráiḃṫeaċ, ċaranaċ, leanbaċ, leóġanda;
Ṫugaḋ dam fíon gan maoiḋeaṁ mo ḋaoṫain,
Is gan pinnin dam ḋíṫ le díol go deóġ as.
28
Tugaḋ ḋam cuire go minic ċum beóraċ,
Eagna is greann go ceannsa, gleóiḋte,
Duanta is dánta bárda beóil ḃleaċt,
Is cóṁairle ṫairḃeaċ ġasda dá d-tógfainn.
29
Ṫugaḋ dam seanċas, aiṫne is eólas,
Air gaċ cine, gaċ fine is gaċ fóirne;
Air gaċ curaḋ bí cumasaċ, cróḋa.
An san Áisia, san Áifric, is ann san Eróip,
30
Oċ mo ċiaċ, mo ṗian, gan foírin;
A g-cian tar lear, a ḃ-fad ó'd ċóṁgar;
Ameasg na méirleaċ ṡéan na h-Órda,
Agos ḃainfeaċ an ceann dam ṡaṁuil air ḟeóir¬
[linn.
31
Is é Dia ḋealḃaig flaiṫis gan teoraḋ,
Neaṁ mar ġaḃan talaṁ is mór ṁuir;
Grian is ré agus réultain lúnraċ,
Beaṫaiḋig éisg is eunlaiṫ clúṁaċ.
32
Do dealḃaig Áḋaṁ air íoṁáiġ ġlórṁar,
Is do ċnáṁ d'á ċnáṁa rinne cónaṁ pósda;
Tug dóiḃ ceannas is gradam is cóṁaċta,
Gur ṫaraing an deaṁan ċum peacaḋ fá ḋeóiġ
[iad.
33
Tré ḃás Abel t-séiṁ gan ṁórtas,
Da ċuir sé séala air Ċain is cóṁarṫa;
Tug Seth d' Éaḃa tar éis na sceól-so,
Is do ṡiúḃail Enoch gan eag fós leis.
34
San é Naoi ó'n ndíle d' ḟóir air,
Nimrod ríġ do ċlaoiḋig a ḋóċas;
An túr do meas go Neaṁ do ṫógḃain,
Leagan anuas gan duaṫ níor speóis leis.
35
An ḟuireann do ḃíoḋ go cínte a g-cóṁair leis,
Tug dóiḃ aṫaraċ teanga 'na mḃeólaiḃ;
Ní ṫigidís féin a ċéile aċ cóṁarṫa.
Is do cuireaḋ air scaipe gan fearn gan fód iad
36
Tug do Abraham grása móra.
Mac do Ṡára doḃ ársaḋ clóḋ is driuċ;
Ó d-táinig saoiṫe líonṁar slógaċ,
Is tímċilġearaḋ air a ḃ-fearaiḃ buḋ nós dóiḃ.
37
Sodom is Gomorra las is do ḋóig iad,
