AN GAOḊAL.
623
Is ṫug leis lot a ṁac gan leónaḋ;
Feuċ a ḃean nár ġlac a ċóṁairle,
Rine pileór salainn air bara cnoic fós di.
38
Ó'n scian tug Isaac deiṁneaċ deónaċ,
Ó'n bpríosún ḋaingean do ċaḃair air Ióseṗ;
Ṫug Aṫair 'sa ḃráiṫre a mná san óga,
Ó ḃroid na gorta do ġoirtig na slóiġte.
39
Do ċuir ar an Égipt léirscrios ióngantaċ,
Pláġana doilge borba, brónaċ;
Do loit a ḃ-fearann a m-bailt sa m-bólaċt,
Is marḃ na táinte ársaiḋ is óg díoḃ.
41
Ṫárraing Maoise aḃuiḋean sa ṁór ṫroip,
Tríd an ṁuir go bioṫḃuaḋaċ beóḋa;
Ṗároa feargaċ le fala lean tóir air,
Do báṫaḋ é féin a ṫreád is fórsa.
41
Piléar neul an lae ḃíoḋaċ rómpa,
Is teine ann san oíḋċe an gaċ slíġe 'na ngeóḃ¬
(daois
D'aiṫin dóiḃ bile 's slisne ḋe ṫógḃain,
Sa ċaiṫeaṁ san uisge ḋeunaḋ milis re'n ól é
42
Ċuir plúr ó ḟlaiṫis air talaṁ mar lón dóiḃ,
Raḋairseaṁuil rabairneaċ raṫṁar na ndóirse
Ċeiṫre ċeud bliain na ḃia gaċ ló aco,
Is ní ṫigiḋ an dada ḋe air feaḋ na Sabóide,
43
An ḃuiḋean nár ċroiniġ aċ omar buḋ leór san,
An tí ṫiomarga an iomad do ṡil aċ a ḋaotain
Ċuir cuid aco a d-taisge go maidion 'na gcóir é
Is do ḃí na loḃṫaire loitiġṫe ḋreóiġte.
44
D'oscail an glaise ó'n g-carruig an Hóreb,
D' ḟoirtig a g-ceasna re fairsinge a ṁórḋaċt;
ní ḋeaċaiḋ tuisle aco an lonar 'ná a mbróga.
Do réir mar inisdear a nDeutronómi.
45
Do rug Maoise air ṫaoḃ an t-sléiḃe ṁóir leis,
Ealta na reaċta do leanfaidís d'órduig ;
Tug ḋeiċ n-aiṫeanta beanuiġṫe, cóṁaċtaċ,
Air ḋá ċlár ṡocara ċloiċe 'na ḋóid do.
46
Tar éis gaċ cáis níor ḃ-feáirde a meóḋan sin,
Tuitid a máilís peacuiḋe móra,
Ċumadar déiṫe caoċa cóṁ oilc,
Ṫugadar géile do'n laoġ órḋa.
47
Dáṫan Abiram, On, is Ċóra-
San g-cuideaċta leaṁ, do lean a g-cóṁairle;
Sloigeaḋ san talaṁ 'na m-beaṫaiḋ an slóġ sin
Aċt an dá ċéad is caogaid d'óg díoḃ,
48
Do ċuir ga follas do'n ṗobal mar ċóṁarṫa,
Air an slait do ḃí ag Áaran bláiṫ is almóine;
Tug caint is laḃairt do 'n asal re fórsa,
Do bí fó Ḃalaam ag gaḃail air ḃóṫar.
49
Do ċuir stad air an ngréin aneul iarnóna,
Go ḃfuair Iosua beannuiġṫe bara san gcóṁraċ
Ṫug do Ṡamson neart is cróḋaċt,
Cé milleaḋ a ġnaoi le mnaoi 'sa ċóṁaċta.
[To be continued]
