636
ANG AOḊAL
ann —
Míle buiḋeaċas le Ríġ na glóire.
Tá Éire go boċt agus go brónaċ,
Na daoine dá g-caṫaḋ amaċ air na
bóiṫre,
Gan truaġ air dóṁan dóiḃ, fosgaḋ no
fóirṫean,
'S iad ag imṫeaċt anann ṫar muir na
slóiġṫe.
Ṁar ní'l torraḋ maiṫ ná fóġanta
A g-coirce, a g-cruinneaċt ná 'n-eórna ;
A's tá na prátaiḋe suaraċ go leór ann
A's le sraoileaċt na h-aimsire na bar¬
raíḋe dreóġaḋ orrain.
Sinn stuite, stracaiġṫe, briste, brúiġte,
Cráiġte, ceusda, sniugaiġṫe crúiġte,
Gan allus air doṁan orta ná naire,
Ḃeiṫ ná'r g-caṫaḃ agus ná'r g-cáine.
Gan a luaċ féin air ċaoire ná bó 'guinn
'S cíosana troma 's sraċana mór ċuid
Ag teaċt gaċ traiṫ orruinn le fórsa,
Go ḃ-ḟóire Dia orruinn más buan an
sórt so.
Is deacair duine ḋ'ḟaġailt ċum obair
ná gnóṫa,
Cailíníḋe a's buaċaillíḋe tagarṫa go
leór ann,
Agus iad go neaṁ-maṫaċ agus go droċ-
ṁúinte,
Mar a b-fáiġid ṗáḋ ṁór & biaḋ fóġan¬
ta.
Ní ḃíon leaċ ná trian an ṗaróisde,
Air maidin Diadóṁnaiġ age 'n aifrionn
glórṁar,
Mar is beag annso aosda ná óg díoḃ,
Aċt iad ann imigéin nó fé 'n ḃ-fód ann.
Ní 'l buaċaill bríoġṁar, lúbaċ, láidir,
Ṫáll ná ḃus air fuaid na h-áite,
Mar ḃíoċ fad' ó 'guinn le fáġailt ann,
Aċt iad go léir imigṫe anann ṫar sáile
Dá m-beoċ trius anois nó cosóig uait,
A's gleiṫeireán ort a's deiṫeanas leóṫa
Do ḃeiḋinse suas lem' ġeallaṁaint duit
Mar is beag le deunaḋ age táiliúiríḋe
Tá ceárdaiġṫe dealḃ go leór ann,
Ní ḋeunṫaċ gréasuiḋe breug níos mó
[ leat
Anuair ag ġeallṫaċ sé ḋuit péire bróga
Ḃeidís deunta 'ge a n-am gan ġó ḋuit.
Tá 'n Ġaeḋilge meaṫ & a feóġ' orruinn
Ro-ṁór na ndaoineaḋ 'nois ag Béar¬
lóireaċt;
Naċ boċt an cás na h-aos óga
Ḃeiṫ laḃairt Ḃéarla leis an dream do
ṫóig iad.
Ní'l an teagusg Críosduiḋe anois d'a
ṁúineaḋ,
Ní ḃíon sgeul ná eaċtara 'guinn air ṫó¬
raṁ,
Ná súgra air dóṁan mar bí fad' ó
'guinn,
Agus is anaṁ a ḃíon braon le n-ól ann
Suas air na cnoic as amaċ air na
sléiḃte,
Síos annsna gleannta 's air fuaid na
réiġte,
An Béarla d'a laḃairt a's meaṫ air a
nGaoḋailge,
An teanga úd do laḃair Pádraig naoṁ¬
ṫa.
An teang' úd do laḃair gaisgíg na
Féinne;
An teang' úd do ṫug an creideaṁ go
h-Éire;
An teang' úd is dual dúinn go léireaċ;
An teang' úd do laḃ'rag gaċ am ann
Éilge.
Dá g-cuirṫeaċ na sagairt le na ċéile,
An dream do ċimeád an creideaṁ in
Éire,
Agus na daoine cuir leo an einfeaċt,
D'aiṫḃeoḋfuiḋe gan ṁoill an teanga
Ġaeḋilge.
'Sé ġoillean orm, ma ḋiṫ, go doiṫte,
Nuair ċiḋim an dream ar ḋual 'sar
ċóir dóiḃ,
Ar d-teanga laḃairt go blasda gleóiġ¬
te.
Gan focal Gaeḋilge aco aċt ag Béar¬
lóireaċt
Ag taḃairt teagasg Diadóṁnaiḋ ó'n
altóir dúinn.
Ag dul ag cuir olla 's ag feaċaint na
g-cóṁarsain,
'Sag éisteaċt daoine ḃíos aosda 's
breóiġte —
