658
AN GAOḊAL
TAḊG GAOḊALAĊ, AN GAOḊAL,
Agus
TOMÁS Ua NÉILL RUISÉAL,
Rinne T. O'N. Ruiséal dileagra i n-
Gaeḋilig os coṁair an Ċumainn Ġaeḋ¬
ilge in Eaḃroċ Nuaḋ an oiḋċe ċeana, &
is sé an cóṁráḋ is diṫċéilliḋe é noċ do
ċualamar i riaṁ. Deir sé d-taoḃ sgrí¬
ḃinne Ṫaiḋg Ġaoḋalaiġ. —
"Agus 'sí mo ḃaraṁuil gur fíor-ċaraid
do 'n Ġaeḋilge é, an té a ċeannóċaḋ
gaċ aon macsaṁuil ḋe, dob ḟéidir leis
cur a láṁ air, agus iad do ċaiṫeaṁ
san teine."
Maiseaḋ, is sé ar m-baraṁuil-ne nár
sgríoḃ séisean an Ġaeḋilig i riaṁ agus
naċ sgríoḃfaiḋ sé í ċoiḋċe ċo maiṫ ag¬
us do sgríoḃ Taḋg Gaoḋalaċ í. Is fad¬
a go sgríoḃóċaḋ Taḋg Gaoḋalaċ mar
seo. —
"Ní'l aċt naoi focail 'san líne seo, ag¬
us tá 'ceaṫar' aca miċeart — cad í
an ṁaiṫeas focail agus moḋa naċ ḃ-
fuiġṫear a n-aon 'graiméar na Gaeḋil¬
ge' — naċ d-tuigtear aċt 'le' daoiniḃ
éigean — agus má do sgríoḃ Taḋg
boċt san teangain ann ar sgríoḃ an t-
Aṫair O'Suileaḃán, ní buḋ ċóir d'aon
Éireannaċ ná aon Críosduiḋe do ḃeiṫ
gan a leaḃar — tá mé luaṫġáraċ le
clos — tár éis na bliaḋana nuaiḋe,
agus deunfad gaċ in mo ċumas —
níos feárr na an Ġaeḋilig bíḋeann
snna Gaoḋal, suiḋfiḋ mé síos ċo trom
air a's do ṡuiḋ mé air an irisleaḃar d'
ainmniġeas — deunaim iarraċt ċneas¬
da ċum canaṁna ceirte sgríoḃaḋ agus
do laḃairt."
Feicfiḋ aonduine a léiġeas an dil¬
eagra go h-iomlán go ḃ-fuil gné an t-
Sacs Ḃéarla ins gaċ h-uile líne ḋe, &
'sé seo an fear a deir go ḃ-fuil an
Ġaeḋilig millte le na h-Éireannaiḃ a
sgríoḃas í. Ní'l, aċ ṁilleóċaḋ na h-
Iar-Ṡasanaiġ í a sgríoḃas í dá ḃ-fuiġ¬
dís cead a g-cinn, óir do ḃeiḋeaḋ sí
faoi ċulaiḋ Sacs-Ḃéarla aca go goirid.
Ní'l aon loċt air sgríḃinniḃ Ṫaiḋg
Gaoḋalaiġ aċ aṁáin nár ġarḃuiġ sé 'n
g agus an d i n-deire a ḟocal. Ní raḃ
aon ḟocal garḃuiġṫe 'san t-sean aim¬
sir; cia 'n fáṫ, mar sin, i ḃ-feudeóċaḋ
Taḋg, ce lean an nós ceudna, an Ġae¬
ḋilig do ṁilleaḋ? Ní ṫiúrfaiḋ aon-
duine airide air an Saoi Ruiséal aċ an
te naċ ḃ-fuil aon eolas air Ġaeḋilig
aige.
Adṁuiġeann an t Éireannaċ (?) seo go
bródaṁuil gur "ṡuiḋ sé síos go trom"
air an g-ceud ṗáipeur beag clóḋḃualaḋ
riaṁ i d-teagain a ṫíre! Buḋ fiúḋan¬
taiḋe ḋó "suiġeaṁ síos" in eudan a
ġnóḋṫaḋ 'ná gangaid a ċroiḋe i n-aġaiḋ
an Ġaoḋail a ṫaisbeánaḋ do'n t-saoġ¬
al nuair nár ḃ-fuair sé cead a stiúraḋ.
Aċt fan, a ḋuine ċóir. Ná h-abair
gur "ṡuiḋ tú síos air an nGaoḋal,"
de ḃríġ naċ raḃ sé in do ċúṁaċt, aċt
tig leat a ráḋ go fírinneaċ go ndeár¬
naḋ tú an iarraċt, agus gur ċlis tú
ainti.
Dá m-beiḋeaḋ do "ṡuiḋeaċán" míle
milliún uair níos leiṫne ná atá sé ní
ḟeudṫá "suiġeaṁ síos" air an nGaoḋal.
Teiḋeann an Gaoḋal go h-Alasca, go
na h-Inndiaċaiḃ Soir & go na h-Inndia¬
ċaiḃ Ṡiar, go h-Éirinn, do 'n Ḟrainc,
do 'n Róiṁ, go Gearmánaiġ, go Ruise,
go h-Albain, go Sasanaiġ, go Deas Éir¬
e-Ṁór, agus go Canadá, agus is dóiġ
linn dá ṁeud miosúr do "ṡuiḋeaċáin"
naċ ḃ-fuil sé leaṫan go leor le folaċ a
ċur air an méid sin.
Agus, airís, má "ṡuiḋ" sé ċo trom
sin air an nGaoḋal cia 'n ċaoi i sgiorr¬
ann os cionn trí ṁíle Gaoḋal uaiḋ
gaċ mí go na tíreaċaiḃ seo? Caiṫfiḋ
feadán mór éigin a ḃeiṫ 'na ṫimċioll a
leigeas uaiḋ iad i gan ḟios dó ḟéin.
Agus b' ḟéidir go ḃ-fuil a náṁadaċt
ag dul a saoṫar do 'n Ġaoḋal. Níor
"ṡuiḋ sé síos" air irisleaḃair Áṫ-Ċléiṫ.
agus cá ḃ-fuil sé 'nois? Tá sé fáġail
ḃáis air easbaḋ bíḋ!
Tá sé cinnte anois naċ féidir leis
an Ruiséalaċ aon díoḃáil a ḋeunaḋ do
'n Ġaoḋal aċ imeasg na ndrong a ġaḃ¬
as air aon leiṫsgeul le n-a d-trí fiċiod
píġinn a ċongḃáil in a b-pócaiḃ.
Tá luṫġáir orrainn gur "ṡuiḋ" an t-
