AN GAOḊAL.
673
The Hills of Cúnamara.
(By Leo)
Translated by Dr Joyce of San Francisco Cal.
Air — The Green Flag Flying Over
Tá 'n ceo go trom os cionn an ḃaile
Roiṁ tuitim duḃ na h-oiḋċe,
An drúċd ag luiġ' go tiuġ 'na ċeann,
'S na lampṫa gliocuiḋ tréfa,
'S mise mo ḋeoruíḋe annso mo ṡuiḋ'
O ṫír 's cáirdiḃ scarṫa,
'S na gaoltaiḃ díl d'ḟear mo laeṫiḃ óig
Air ṡléiḃtiḃ Ċuan na mara —
Sléiḃte breáġ froiċ 's ḃláṫ,
Sléiḃte Cuan na mara.
Tá 'n ceo go trom os cionn an ḃaile,
'S ceo níos truime triall air:
An croiḋe tá uireasḃuiġ gráḋ
Air an sioṫċán 's sóġ le fad' uainn.
M'aon, m'aon giḋ milliún ann,
Mar ḃeaḋ air mo ċlaontaiḃ magaḋ,
Le aisling oir fa ṡnuṫa mór'
Air ṡléiḃte Cuan na mara —
Sléiḃte deas na m-borḃ súl ġlas,
Sléiḃte Cuan a mára.
Os cionn Loċ Coirib tán ġealaċ 'g suan,
'S an corraċ ag snáṁ go teatrom,
Air ṁaṫaiḃ Ċloċáin ár g-cailíniḋ siúḃal
Aig deunaḋ spóirt 's pléisiúr.
Fágfaḋ mé anois an sparn 'san gleo,
'S mar ċuiṁne liom ag sgaraḋ;
Aon aṁarc aṁáin le cumas gráḋ,
Air sléiḃte Cuan a mara.
A ċnoic ċaoṁ na m-ḃárr donn fraoiġ
Sléiḃte Cuan na mára.
Sar ḃeannaċt Dé go raḃ 'na g-ceann,
'San slioċt a tá siad ṫógáil,
Má ḃeaḋ clann Éireann go léir mar iad
Ní ċailleoċamuid go fóil í;
Go g-cóṁlíonaḋ Dia mo ṁuiníne teann,
Faoi 'n tan sin béiḋ mé faire,
Béiḋ ceol na sruṫ 'sa n-eun na g-ceann,
Dom' ḟáiltiúġ', air ais go Cuanamara
Á ċnoic áird ċéim mo ḋúṫċais féin,
Sléiḃte Cuan a mára.
The Irish Nation should maintain some patriotic
bishop or priest in Rome to counteract English in¬
fluence. There is no doubt but that the English
agents represent the Irish as worse than the Ind¬
ians.
RIAĠÁIL ÉIREANAĊ in ÉIRINN.
Leis an "g-Craoiḃín Aoiḃinn."
Nois inneósaiḋ mé an ḟírinn',
Tá aon níḋ ann fós le fáġil,
Riaġail Éireannaċ in Éirinn;
siúd é an níḋ atá teastáil ;
Siúd an niḋ atá teastáil uainn,
Easḃuiḋ ṁór in Éirinn áluinn,
A's ní féidir a ċongḃál uainn,
O ní féidir a ċongḃál!
Riaġail Éireannaċ in Éirinn !
Siúd an focal is milse linn ;
Focal a ḃ-fuil éifeaċt geur ann, —
Focal bríoṁar, focal binn !
Óir 'sí Sacsana do ċráḋ sinn,
'S í do sgrios a's do robáil sinn,
'S í do ṁasluiġ a's do ċáin sinn :
'S geárr go g-coisgfeamuid-ne sin
Riaġail Éireannaċ in Éirinn ! —
Focal ṫógas uile ċroiḋe ! —
Uile ḟód dí a ḃ-fuil feur ann,
Béiḋ sé leis na h-Éireannaiġ'.
Béiḋ uile ag na daoiniḃ,
'Nuair a ḃ-fillfidís ṫar taoide,
Tá le fad air fán d' a n-díbirt,
Béiḋ na Sacsanaiġ ag críṫ.
Deir T. O'N. Ruiséal naċ ḃ-fuil aċt
beirt ḟear 'sa tír seo ce tá 'nan Gaeḋ¬
ilig a sgríoḃaḋ go ceart, — na Saoiṫe
Maignéar agus Pádraic. Is neaṁnáir¬
eaċ an ráḋ é sin. Tá scoláiriḋ Gaeḋ¬
ilge 'sa tír seo ce ḃí 'nan an teanga a
sgríobaḋ agus a laḃairt sul do ḃí fios
na leitreaċa aige san. Cia 'r ḟág sé
an Saoi, Uilliam Ruiséal, de ċaṫair na
h-Ola, agus P. J. O'Dálaiġ, de Ḃoston ?
Aċt b'ḟéidir go ḃ-fuil draoiḋeaċt air
an Gaeḋilig agus naċ d-tugṫar cead
a fóġluimte aċt do ḋaoiniḃ áiriġṫe!
Cad fáṫ naċ ḃ-fuil an draoiḋeaċt seo
air an m-Béarla?
Those readers of the Gael who have preserved
Gael Glas's prophesies, commencing in No 8, page
457 of Vol 4, will find a re-reading of them inter¬
esting in view of the present political phase of
Europe.
