﻿682
AN GAOḊAL
gus air an deáġ-ċlú níos feárr' ná gaċ
níḋ eile, do ḃron mo ḋúṫaiḋ orm in a
muintireas flaiṫeaṁuil. Ní féidir liom
gan móṫuġḋ, a ṫiġgarnaiḋe, gur raib
siḃ-se féin cúramaċ, go mórṁór, air an
ḃ-fiaċ mór so an ḃuiḋeaċais a ċur orm;
níos mó, b'ḟéidir, 'ná ḋuit do ḋán aon
neaċ eile riaṁ, agus, gíḋ taiṫneaṁaċ
an ċúis, cuireann sí mé a sráid piana¬
ṁuil go minic. An tan castar aon de na
fearaiḃ calma so liom (agus is minic é
sin), atá, maille lé daoiniḃ eile, 'na g-
cúis an ḃille seo, agus d'iomċair mise
ċóṁ minic-sin air sruṫ na caiṫréime;
anuair ċíḋim iad cóṁarṫuiġṫe fós le
casaoid urraime roinnte, fós díṁeas¬
ta faoi 'n ṁiana ṁacánta, agus fós
fuagarṫa neaṁoireaṁnaċ ċum dul leaṫ-
astiġ d' ḟál an ḃun-reaiċd, ḃíḋeann,
ḃeagnaċ, náire orm mar ġeall air na h-
onóraiḃ do sgaireaḋ orm ;— móṫaiġim,
gíḋ ba leo-san an luaiġeaċt, gur tugaḋ
ḋam-sa cad do ḃain leó ; gur ḃain mi¬
se gíḋ gur ċuir siad-san, gur iomcair
siad-san ualaċ agus teas an lae, aċt
gur ba liom-sa aṁáin an suaiṁneas a¬
gus an tuarasdal. A ṫiġearnaiḋe, is
sólás mór eile ḋam-sa na h-áḋḃair seo
a ṫagraḋ a n-aonaċd le ball urramaċ
dom' ċineaḋ, ċóṁ deiġianaċ-san os cionn
riaġluiġṫe a ṫíre ḋúṫċasaiġe — tír ion¬
ṁuin liom-sa go deo air ċuiṁniḋiḃ m'óig¬
e, air ṁeaṁair a trioblóid agus air
ċróḋaċd a daoineaḋ. Is díleas liom
ainm na h-Éireann, a ṫiġearnaiḋe, agus
'sé an sólás is áirde am' ġlóirṁian a
ḃeiṫ aontuiġṫe mar so leis an ċuid eile
dom' ċineaḋ air an obair taiṫneaṁaiġ
seo ag dúnaḋ suas na ngoin do ċuir
mí-riaġail seaċt g-céad bliaḋan air an
talaṁ dona so.
CRÍOĊ.
A few typographical errors appear
in Mr. Baldwin's poem, in last GAEL,
to which he called our attention.
In last line of the preface the s of
sneaċta should be eclipsed by t ; amaċ
in second line above should be amuiġ,
and the f of fanaċt should not be as¬
pirated. Read cúṁaċta instead of smaċ¬
ta in first line, and, snow instead of
"moon" in second line of translation.
Remarks of WILLIAM RUSSELL on the
incorrectness of the orthography of the
words Gaeḋeal and Gaeḋilig.
Caṫair na h-Ola, Pa. 1887.
Ċuig Oiditeara An Ġaoḋail:
A Ṡaoi Ionṁuin ;— Cia gur ro an¬
naṁ do sgríoḃaim leitreaċa Gaoḋailge,
cuirim róṁam sgríḃin do ċur ċugat
andiuṁ a b-pros seanda, milis mo ṡin¬
sir; agus a sé an t-áḋḃar atá agam
leis, an moḋ gráineaṁuil ann a ḃ-feicim
go minic na focail, "Gaeḋeal agus
"Gaeḋilig" litriġṫe ann d-irisleaḃar
tíoraṁuil, le sgoláiriḃ noċ do ṡaoil¬
eann náċ d-tig le duine air biṫ annsa
tír seo Gaoḋailig ṁaiṫ do sgríoḃaḋ aċ
leo féin.
O'n am ionn ar tionsgnaḋ le bárdaiḃ
agus saoiṫiḃ eile na h-Éireann riaġail
ḃlasda ar d-teangan, ioḋon, "Caol le
caol agus leaṫan le leaṫan," agus ar
cuireaḋ air leaṫ-taoiḃ úsáid an daḟoġ¬
air "ae" ar son an daḟoġair "ao," níor
ḋeárnaḋ aon sgoláire maiṫ an erraid
Gaoḋal agus Gaoḋailig do sgríoḃaḋ
annsa g-cumaḋ aisdeaṁuil, neaṁ ċoit¬
ċean do loċtaiġim, nó go d-ti le deir¬
ionnaiġe. Agus uime sin ní fáiġtear
sgríoḃṫa le trí ċeud bliaḋain, le sgol¬
áiriḃ Ċonnaċt, Ulaḋ, na Laiġean, Gaeḋ¬
eal ioná Gaeḋilig. Agus ní air an g-
cumaḋ san do sgríoḃaḋ le Doċtúir Céi¬
tion iad; ioná fós le sgoláiriḃ na Deas-
Ṁúṁaine: Mar atá Eoġan Ruaḋ, ag¬
us Taḋg Gaoḋalaċ O'Suillioḃáin; Seáġ¬
an Claraċ; an Mangaire Súgaċ; Seáġ¬
an O'Tuama, agus Seáġan O'Coileáin.
Agus maidir le sgoláiriḃ deanċaḋ
Tuaḋ-Ṁúṁaine do sgríoḃadar go h-uile
"Gaoḋal & Gaoḋailge;" mar atá Aoḋ-
Buiḋe, Aindréas, agus Séamus Mac
Cruitin; Miċeál Ó'Coileáin, noċ do
sgríḃ An Sotaċ 'sa Ṁáṫair; Brian Mac
Giolla Ṁeiḋre, Seon Lluid, Peadar O'
Conaill, Eaċaiḋ O'Gormáin, Donċaḋ
Ruaḋ Mac Conmara, Tomás O'Mioḋa¬
ċáin, Seáġan Do Hór, Miċeál Coimin,
Séamus Mac Cuinsidin, Gearoid Mac
Gearailt, agus filiḋe eile an Ċláir.
