AN GAOḊAL.
693
AN GEARRḞIAḊ GEAL.
We have received this story from a student of
Mt. St. Mary's Seminary, Emmetsburg, Md., a
former student of St. Jarlath's, Tuam.
Sgeul air ġleann Neiṁfinn.
An aimsir arsuiḋ, ḃí caisleán láidir
i n-aice le bun sléiḃe Neiṁfinn. Do 'n
ċaisleán sin ní'l cloċ le fáġail anois aċ
aon ċloċ aṁáin noċ 'deirid' is féidir d-
ḟeicsin i m-binn iartaraiġ tiġe Ċeaṫra¬
ṁa-ċaoil.
Aċt deir an sgeul go raiḃ caisleán
ann, agus go m-buḋ taoiseaċ saiḋḃir a
ċoṁnuiġeaḋ ann.
Ḃí aon ṁaċ aṁáin aig an taoiseaċ
seo darb ainm Doṁnall Donn. Ḃí gean
mór aig muintir na n-áite a ḃí ṫimċioll
air air Ḋoṁnall. Ḃí sé óg agus sglaṁ¬
aċ; ḃí sé árd agus lúṫṁar; ḃí sé deáġ-
nádúrṫa; bí an uile ċáilíḋeaċt aige a
tóróċaiḋé ann ógánaċ air biṫ, Agus
do ḃí sé 'nn a ġráḋuiġṫeoir seilge.
Ḃí sé 'na maidin ḃreáġ, soilḃir 'san ḃ-
Fóġṁar. Ḃí Doṁnall Donn imiġṫe a¬
maċ. Ḃí an t-sleaġ sealgaiḋe aig lon¬
raḋ in a láiṁ agus na madraiḋ aig sud¬
ar le 'na ṫaoḃ. Ḃí dúil aige an lá a ċa¬
ṫaḋ le sólásaiḃ na seilge.
Ḃí sé deunaḋ a ḃealaiġ — air ḟad an
t-sroṫa a ḃeireas uisgíḋeaċa Loiċ-an-
leaṫ-ḃaile asteaċ go loċ Con — ċum cuai¬
ne de ċóill tiuġ [ áit a m-bíḋeann fiaḋ¬
ana go minic ], a ḃí 'nn a ḟólaċ os cionn
roinne de'n m-baile d'a ngoirṫear Cnoc
Ṁáire anois mar ainm. Air ḃruaċ an
t-sroṫa so — go h-áḋaṁuil an bruaċ sin
air a raḃ sé aig siúḃal — ḃí cnocán mín-
ḟanaċ agus tobar de'n uisge buḋ ġlaine
aig a ḃun.
Ṫainic sé aṁaisgeaċt do na trí ṡla¬
ta do'n tobar so, 'nuair, aig feuċaint
uaiḋ ḋó, ċonnairc sé gearrḟiaḋ geal a
múċaḋ a ṫarit san tobar. D'iompuiġ
an créatúr faiteaċ a ċeann ċum an
ṗointe ó 'r raiḃ torann na g-coiscéim
aig teaċt ċuige. Ḃí a ḃalaḋ ċeana aig
na ṁadraiḋiḃ agus ḃiadar aig deunaḋ
ċuige. Le béic ruiṫ Doṁnall ċuige agus
an sin ṫosuiġ an fiaḋaċ
Ruiṫeadar leo, gearrḟiaḋ agus mad¬
raiḋ, agus an sealgaire óg aig teaċt na
n-diaiḋ ċo h-easgaiḋ le fiaḋ.
Buḋ ġeárr go raḃadar imiġṫe amaċ
tre ċoilltiḃ Ṁasbrooc [Áṫċaonnaiġ] a¬
gus Terri, agus tar cnocaiḃ anroteaċ¬
a Ṗantúin. Ḃí sé 'na ḟiaḋaċ teiṫ.
Aig an meáḋan lae buḋ fada na n-
diaiḋ a ḃí gleann Neiṁfinn fágṫaḋ leo
Ḃí Doṁnall tuirseaċ, agus buḋ leur
dó go m-buḋ fiaḋaċ díoṁaoin a ḃí ann.
Ṡuiḋ sé síos ; ġlaoiḋ sé ċuige na mad¬
raiḋ. Do ṫainic dis dioḃ ċuige, aċt do
b-feárr leis an triṁaḋ madaḋ congḃáil
a n-ḋiaiḋ an ġearrḟiaḋ.
"Is aisdeaċ," ro smuainiġ Doṁnall,
mar ḃí sé aig cuimilt na n-deor ṁór al¬
ais óna éudun, "ḃearfaḋ mo ṁadraiḋ-
sa air an ḃ-fiaḋ is éasgaiḋe ann aimsir
níos gire, aċt tá an beiṫiġeaċ beag so
aig fáġail an ċinn is feárr orra. An
stadfad anois? an g-caiṫfiḋ mé fill¬
eaḋ ċum caisleán m' aṫar le láṁaiḃ fa¬
laṁa?" aig eiriġ ón áit suiḋte, ro ġoir
sé, "'Na ḋiaiḋ, 'na ḋiaiḋ aris! Caiṫfi¬
muid é seó do ġaḃail."
Is iomḋa míle do ṡiúḃal sé ṫar ṁaṫ¬
aiḃ coṁṫroma a ḃí aig leaṫnúġaḋ amaċ
róiṁe, ṫar ċoilltiḃ tiuġa, agus air fad
sliaḃ, aig leanaċt ann gi ḃe áit ann ar
iompaiġ na madraiḋ a n-aġaiḋ.
Agus anois, ní raḃ Neiṁfinn le feic¬
sin in san imċian liaṫ níos faide. Ḃí
an ġrian faoi, agus ḃí dorċadas na h-
oiḋċe aig teaċt air an talaṁ.
Fa ḋeire rug sé air a ṫríṁaḋ mad¬
aḋ; ḃí an créaṫúr boċt sínnte beag-naċ
gan anáil o ṫuirse a n-aice le sean ċais¬
leán.
Aig teaċt do Ḋoṁnall ċum an ṁad¬
aiḋ rug iongantas mór é mar ġeall air
an gleaṁsán truaġaċ a ṫosuiġ an ma¬
daḋ a ḋeunaḋ. Do lean an dá ṁadaḋ
eile sompla a g compánaiġ.
Ċuaiḋ Doṁnall asteaċ san t-sean
caisleán. Níor ċonnairc sé níḋ air biṫ
ann a ṫaḃairfeaḋ úġdar gleaṁsáin ċo
neaṁ-ġnaṫaċ so do na beiṫiġiḃ tuigsio¬
naċa. D'ḟeuċ sé go grinn ameasg na
g-crann a ḃí aig eiriġe go leaṫan agus
ċo duilleogaċ ṫimċioll na h-áite. Aċt
níor ḟeud sé niḋ air biṫ d'ḟeicsin ann
aċ buin ṁóra áḋmuid deunta suas na g-
