AN GAOḊAL
697
ṁail — agus ní'l caill do ḋuine baraṁail
a ḃeiṫ aige — go ḃ-fuil Éirinn ṡíos agus
Saċsan ṡuas, agus gur mur sin a ḃéiḋ
siad mar nglacaiḋ Éireannaiġ misneaċ,
agus buile níos cruaiḋe na caint a ḃual¬
aḋ air son a d-tíre. Ní'l an cumann
"N. L." ag dul a troid air son saoirse
na n-Éireann. Mar ḃ-fáġaiḋ siad
"Home Rule" le caint, ní'l siad dul a
troid air ṡon. Deir Parnel seo, agus
creidim go ḃ-fuil fios ag Parnel.
Aċt tá aon niḋ ṫiocfaḋ leis an "L."
a ḋeunaḋ. Tá sé faoi ċúṁaċt an "L"
an Ġaeḋilge do ṁúnaḋ do na daoiniḃ
tá innnti.
Ní'l aon ḃaile mór anns a tir naċ ḃ-
fuil a ċumann-san air bun ann. Dá g-
cuireaḋ gaċ cumann scoil Ġaeḋige air
bun, ba ġoirid go m-beiṫ gaċ Éireannaċ
anns a tír ábulta teanga a ṫíre do la¬
ḃairt. Ḃeiṫ gaċ Éireannaċ anns an
doṁan buiḋeaċ do'n "N. L." an sin. So
an rud is feárr a ṫiocfaḋ leis an gcu¬
mann so a ḋeunaḋ. Ní'l binn air biṫ ag
Saċsan air a g-cuid cainte aċ mur ḃeiṫ
aici air asal a buiriḋ.
Glac mo leiṫsgeul, a Saoi, air son an
droċ Ġaeḋilge atá sgríoḃṫa anns a lit¬
ir so. Cuirim ċugat an Ġaeḋilig mar
laḃair mé í an m'óige a Ċondae Ṫír-
Ċonnaill, air oileán air ba ainm Aran
Ṁór. Tá súil agam go ṁ-beiḋ mé abul¬
ta an Ġaeḋilge a sgríoḃaḋ níos feárr
nuair ċuirfeaḋ mé litir eile ċugat.
Do ċaraid, go fírinneaċ,
SÉAMUS E. ṀAC CAṀLAIḊ
We print Mr. McCauley’s letter just as he sent
it, and we must say that his first effort is highly
creditable to him.
He states what every sensible Irishman thinks.
AN MANGAIRE SÚGAĊ.
A ḃlainnioll blaiṫṁilis ḃeasaċ, blaṫṁio¬
car béal tanuiḋe moḋal,
Le gráḋdil dá blaṫċruiṫ do ċeus mé, is
d'ḟág mé gan treine gan treoir;
A bláṫfuilt go bláṫtuiġ air ḋaoldaiṫ, sis
bláṫsnuiġte a h-aolċraoḃ gan smol
As bláṫ-ṫuigfeaċ ráiḋte na beiṫe sas
bláṫ nuile ġeag di darno.
Ġráḋġil do ġráḋas tú tar ḃeiṫe, is do
ġráḋfinn dá m-b'ḟéidir níos mó,
Do ġráḋas tú a ġráḋġil mo ċléiḃe, le
gráḋgeal dod ṁeinn is dod ċloḋ,
Ó ġráḋas tú a ġráḋgil le geursearc, do
ġraḋsa ní ṡeunad leam ló,
Mo ġráḋsa is do ġráḋsa má raobṫar,
gan gráḋ ceart aig aoine go deó.
A riúnġil is riún duit tar aon mé, mo
riúnsa leamrea tú is mo stór,
Do riúnsa, mo riúnsa, go n-éagad mo
riún tú is mo ċéile leam ló;
A riúnġil na rún g-cert, ní leigfead mo
riún tuig le h-aon ḃean ad deoig
Is más riún sin ar rúnna do sgeiḋfear
gan rún glan ag aoinne go deó.
A ċumann na g-cumann ná tréig mé, is
go ḃ-fuilim an aegċruit ad ḋeoig
Is gur cumann do ċumann na treigfead
a ċumain go d-teadsa fán ḃḟód
Ó ṫugas duit cumann is geille, mo ċum¬
annsa ṡeunaḋ ní cóir,
Is mo ċumannsa a cumann má ṫreigir,
gan cumann aig aoinne go deó.
A ċara na g-carad le ċéile, do ċaras
le saor-ġean ar d-tois,
Mo ċaraid a ċara do ṫreigfinn is do
raċfainn a g-cein leat na ḋeoig;
Ní carad dam cara na ceiṫlean aċt ca¬
ra na beiṫe so am breo,
Is mo ċarasa a ċara má ṡeunuir gan
carad aig aon ḃean go deó.
Annsaċt na n-annsaċt do ċeus mé, le
h-annsaċt dod sgeiṁ is dod ṗóig
Bíoċ a roġa agadsa misi mar ċéile, nó
dúnsa gan ḃeasa agus fós
Annsaċt na santuigsi baoṫlaċ, na stam¬
pa na reigfeaċ do ḃrón,
Is m'annsaċtsa annsaċt má ṫreigir, gan
annsaċt na rea agat am ḋeoig.
Críoċ, mar fuaras,
Tomás ua Gríoṁṫa.
We have received an excellent copy of O'Don¬
nell Abu, in the key of C, for the pianoforte, in
which the words of the song are given in full
both in English and Irish. This grand Irish
march is now very popular, and will no doubt find
its way to the music stand of every Irish family. It
is published by the Messrs Ford, 17 Barclay St.,
N. Y., price 40 cents.
