708
AN GAOḊAL.
teaċt anois, agus cumaḋ na maṫasa
orrainn ṫar mar ḃí a d-toiseaċ. Ní'l
an oiread a teaċt ċugainn a's buḋ ṁian
linn. Buḋ ċóir go m-beiḋeaḋ an áit seo
líonta gaċ aon oiḋċe ó ḃun go bárr.
Tá na mílte daoineaḋ a ḃ-Piledelṗia
aig a ḃ-fuil Gaeḋilge ṁaiṫ — Gaeḋilge
níos feárr 'ná tá agam-sa, agus cia 'n
ċiall go m-beiḋeaḋ failliġe air biṫ or¬
ṫasann aċt an oiread linne ? Tá an oir¬
ead de ḃaint a's de ṡoċair le fáġail
acasan 's tá againne. Buḋ ċóir go d-
tiocaidís ann seo agus fóġluim le Gae¬
ḋilge a sgríoḃaḋ agus a léiġeaḋ, tais¬
beánaḋ do Ṡasana agus do 'n doṁan gur
cinne air leiṫ ḋúinn féin atá annainn;
go ḃ-fuil teanga ḟóġluimte againn,
teanga uasal; teanga atá ḃ-fad, ḃ-fad
níos sine, níos fóġluimte, agus níos
uaisliġe 'ná glafaraċ Ḃéarla, [ bualaḋ
bos ].
Tá mórán deuntaḋ aig mná uaisle
'gus daoine uaisle do'n g-Cumann Tal¬
ṁan, no National League, ann san tír
seo. Ní'l baile air biṫ, beag no mór,
naċ ḃ-fuil siad ann. Tá 'n ṁuintir seo
a deunaḋ a n-díṫċioll a taḃairt a n-
ama 'gus a g cuid airgid le congnaṁ a
ṫaḃairt do'n ṁuintir san m-baile Tá
obair ṁór d'a ḋeunaḋ ṫáll, aċt ní iong¬
naṁ ar biṫ é sin, óir tá ceannfuirt
maiṫ orṫa, ceannfuirt stuama, treun,
mar tá an duin' uasal, onóraċ, Séar¬
lus Stiaṁard Párnell. [ an ḃualaḋ bos ]
Giġeaḋ go ḃ-fuil cuid ṁaiṫ deunta
aḃus agus obair ṁór d'a ḋeunaḋ ṫáll,
tá mórán le deunaḋ fós. Ní cóir dear¬
mad i ḋeunaḋ de'n Ġaeḋilge. Má tá
sé i n-dán go ḃ fuiġṫear cead párliment
a ċur i m-Baile Aṫ-Ċliaṫ, agus go m-
beiḋ ceart aig Éireannaiġ a n-dlíġṫe
féin a ḋeunaḋ, mar buḋ ċóir, caiṫfiḋ
sí ḃeiṫ 'na párlment Ġaeḋilge, sé sin,
má's mian linn i ḃeiṫ buan. Ḃí parli¬
ment i m-Baile Áṫa-Cliaṫ ċeana aċt is
geárr a ṁair sí. Párliment Ḃéarla ḃí
ainti : Ċuir loċt an Ḃéarla a m-bail
féin uirṫi.
Nuair a casfaiḋe d'a ċéile daoine a
ḃ-fuil Gaeḋilge aca buḋ ċóir go m-beiḋ¬
eaḋ stroḋ orṫa ḃeiṫ a nan cóṁráḋ
'ḋeúnaḋ i d-teangain a sinsear, an
teanga a laḃruiġeaḋ i n-Éirinn na ceud¬
ṫa bliaḋain sul do rinneaḋ Béarla. Is
náireaċ an sgeul é le ráḋ go ḃ-fuil Éi¬
reannaiġ san tír seo a ċeilleas go ḃ-
fuil Gaeḋilge aca. Tá an dream seo a
cur le Sasana, a cur leis an náṁaid,
agus a cur a n-aġaiḋ muintir na h-Éir¬
eann. Ní tagann an cineál sin ann seo,
dá d-tagfaḋ b'ḟeárde iad: Ní'l aon
ḋuine, mar sin aċt duine suaraċ. Cin¬
ċál na spiadór, cineál an adstair. Buḋ
ċóra 'gus buḋ onóruiḋe ḋóḃṫa Gaeḋil¬
ge laḃairt le na ċéile 'ná ḃeiṫ cur
straois orṫa féin & a leonaḋ a ngiall
a laḃairt Béarla briste, [scairtiġil
ġáire, agus "ṁ'anam gur fíor ḋuit" ].
Maoiḋim orraiḃ anois, na cliseaċ
aonduine, bíḋeaḋ muiniġin agaiḃ an a
ċéile. Congḃaiġiḋ a d-teanta ċéile a
taḃairt conganta 'gus misniġe d'a ċéil¬
e anns an obair ṁaiṫ seo: Siḃse aig
a ḃ-fuil tuigsint air Ġaeḋilge ; siḃse
atá a nan í laḃairt go maiṫ, agus siḃse
go n-airiġṫe tá congḃáil na scola seo
suas, óir is orraiḃse aṁáin tá trom-
ualaċ na h-oibre a luiḋeaḋ. Maoiḋim
orraiḃ air fad: deunaċ gaċ aonduine
a beagán no a ṁórán de réir a ṡliġe.
Laḃruiġiḋ Gaeḋilge le gaċ aonduine
ḃ-fuil Gaeḋilge aige, agus ann gaċ aon
áit d'a g-casfar orraiḃ iad, cibi astiġ
no amuiṫ, áir an ngort no air an m-bó¬
ṫar, a n-eudan a g-cuid oibre no a siúḃal
na sráide. Má ngniḋeann siḃ seo raċ¬
faiġ mise i m-bannaiḋe gur geárr an t-
am go m-béiḋ toraḋ na h-oibre le feic¬
eál anns ann meas i ḃeiḋeas orraiḃ
féin agus air ḃur d-teangan ann gaċ h-
uile ḃall de'n doṁan, [bualaḋ bos, noċ
do congḃuiġeaḋ suas air feaḋ tamall
fada].
Fuaireamar leitir ḟada o'n Aṫair
Uillioc a Búrca an lá ċeana timċioll
coṁḋluiġṫe an ḃriaṫair aon t-siolla
agus ḃrúiġ sé sinn gan ṁagaḋ, aċt ḃí-
mar a súil leis agus air an áḋḃar sin
níor ġoill, sé go ró-ṁór orrainn. Tá¬
mar cleaċtaċ air ḃuilliḋe ṫroma o'n g-
ceud lá ar ṫosuiġmar an Ġaoḋal, ó
n ar g-cáirdiḃ mar aon le n-ar náṁaidiḃ
— giḋ b'ḟéidir nár ċóir dúinn, "náṁaid"
