AN GAOḊAL.
709
a ráḋ, óir is ḋoiġ linn naċ ḃ-fuil aon
náṁaid againn, aċ dream na Sasanaċ.
Maidir le na daoiniḃ a loċtuiġeas móḋ
ar sgríḃinne & neiṫe beaga, eile noċ do
feicear 'san nĠaoḋall o am go h-am, ní
ṁeasamar gur naṁaidiḋe ḋúinn iad, &
naċ n-deunfaidís aon dola ḋúinn cuir a
g-cás go m-beiḋeaḋ sé in a g-cuṁaċta.
Loċtamuid féin daoine eile gan tóṁ¬
as, & is cóir ḋúinn smuaineaḋ go ḃ-
fuil an ceart ceudna acasan. Caiṫ¬
fiḋmid breaṫnuġaḋ air neiṫe mar seo,
nó dá ngéillfimis do gaċ niḋ h-abruiġ¬
ear linn ḃeiḋeaḋ sinn a n-uisge bruiṫte
gaċ lá 'sa m-bliaḋain, agus go deiṁin,
támar a n-uisge bruiṫte le ċúig bliaḋ¬
ana, agus ḃeiḋeaḋ sinn scallta a ḃfad
ó ċoin meireaċ an croiceann tiuġ, ríġin
atá orrainn. Aċ an buille is niṁníḋe
a buaileaḋ orrainn fós, — de ḃriġ go ḃ-
fuil sé eugcóraċ — ṫainic sé ó n-ar g-
caraid, an Saoi O'hegarta. Tá ḟios
ag gaċ duine aiṫniġeas muidne gur b'é
ar m-baraṁuil gur leis na daoiniḃ gaċ
acra talṁana sa tír. Aċ teiḋeann muid
níos fuide ná sin, — Ní ṡé aṁáin go meas¬
amar gur b'é an talaṁ oiġreaċt na n-
daoineaḋ go h-uile, aċ ṡocróċamuid na
droine air an talaṁ & ṫiúrċómuid ias¬
aċt airgid, gan aon ṗiġinn gaimbín, ḋóiḃ
le na m-bunuġaḋ ann.
FILLEAḊ AN DÍBEARṪA, D'Á TÍR
ḊÚṪĊAIS,
By
T. O'CALLAHAN.
Maidin ṡaṁraiḋ, 'san ġrian ag éiriġe,
Ḃíḋ-sa siúḃal air ḃruaċ na tráġa,
Do ḋearcas óig-ḃean is í na h-aonar,
'Sa cuaċa síos lei air ḋaṫ an óir.
Do ċroċ mé láṁ lei mar ċoṁara fáilte,
Bo cos'ṁuil le Ḃénus í no Hélin ó 'n
nGréig,
Bo binne a guṫ 'ná ceol na n-eun ḃig,
Laḃair sí Gaoḋailge go socair, réiḋ,
Ċuir sí tuairisg cá ḃ-fuil a gaoltaiḃ,
'Sa cáirde gaoil i ḃí farsainn, mór,
Scar sí leo-san i d-tús a hóige,
A croiḋe go brónaċ is í sile deór.
Do léim mo ċroiḋe-sa le áṫas naoṁṫa,
Is dúḃairt mé lei-sin gan ḃeiṫ 'gul na
caoi,
Go raċfainn féin léi d-tí 'n g-coill ġlas
ċraoḃaċ,
Iona ḃ-fuil a gaolta go ciuin na luiḋ'
Do lúb sí síos a guiḋ' air na marḃ;
Ṫuit na deora mar drúċd air a ḃ-feur,
Aċt éireoċaiḋ na treun-ḟir go luaṫ as
Gailliḃ
Béiḋ ceol in gaċ baile 's Éire ḃoċt saor.
TOMÁS O'CEALLAĊÁIN.
AN ḂRATAĊ UAIṪNE.
UILLIAM RUISÉAL RO Ċan.
NOTE — The following poem on the
subject of the Green Flag, is written
in that difficult style of versification,
which in Irish is called conaċlonn,
which signifies chain-verse.
W. R.
Ní traċt linn calṁaċt na lán-laoċ
luaiṫ;
Fós, fán na n-ollaṁ, agus ár na n-
druaḋ ;—
Ní traċt linn cogaiḋċe nó baird na n-
duan,
Iona tráġaḋ binn-ġoṫa na clairsiġe
uainn;
Aċ aṁain an ṁeirg ġlas is bláiṫ-ġrinn
sgeiṁ
Tá á ngráḋ croiḋe feisdiġṫe 'gan ḃ-
Fail-ċlainn ṡeiṁ ;
'S gur nár linn aṁarc airṫe tláiṫ, ṡíos
daor,
Agus Seáġainín Ḃreataine a n-árd ríġ-
réim.
A réim a d' aṁarc-si na sgáil Ruaḋ-
Ċraoḃ,
Ná 'r leoiṁ d'á feilliṫiḃ ḃeiṫ táir, a
ngéiḃ,
'S ní stráic í 'ṫaisdil ċuġainn andiuṁ
ná 'ndé,
'Na áilleán dannar duḃ na ngnás g-
cam g-claon:
Aċ meirg ċuġainn do ṫeilg-siad an Ḟail-
