(28)
6Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 4. SEAĊT-ṀÍ. 1887.
NUAIḊEAĊT na MÍOSA.
Ní'l mórán i nuaiḋeaċt na míosa so
le sólás a ċur air Éireannaiḃ; aċ is í
an uair is duiḃe do 'n oiḋċe a ṫigeas
roiṁ ḋealraḋ an lae.
Deirid go ḃfuil prionnsa na m-Breaṫnaċ
air ṫaoḃ an t-Saoi Ġladstóin. Tá sé-
sean níos críonna ná a ṁáṫair; aċ is
cuma leiṫe-si; tá a cúrsa bunáite riṫ-
te, agus tá a fuaṫ air Éireannaiḃ ċo
mór is go d-teilgfeaḋ sí síos le fánaḋ
an duiḃeagáin iad. Agus b'ḟéidir go ḃ-
fuil an fuaṫ ceudna aig prionnsa na
m-Breaṫnaċ orṫa aċ go m-buḋ ṁó an
soċar ḋó iad a ḃréagaḋ le Féin Riaġ¬
la 'ná ḃeiṫ g-contaḃairt a ḃeiṫ caiṫte
air leiṫ air fad; agus gur ḃ-feárr
leaṫ ḃuilín 'ná ḃeiṫ gan aon arán.
Tá Éireannaiġ ró ṡimpliḋe. Ní'l aon
ġangaid in a g croiḋṫiḃ, agus, mar sin,
imiriġeann cleasaiġṫe an t-saoġail or-
ṫa. Ligeann siad spíodóiriḋe na Sas-
anaċ in a measg agus, go minic, is mó
an aire a ḃéarfaiḋ siad d'a g-cóṁráḋ
feallta 'ná do ċóṁairle ḋílse a g-cáir-
de féin.
Tá braiṫeadóiriḋe Ṡasanaiġ go fair-
sing in ar measg anois. Cad é buḋ
ċóir a ḋeunaḋ leo? Sreangán a ċur
faoi na muinéiliḃ, an ṡeaḋ? Ní ṡeaḋ,
aċ píos talṁan a ċeannaċ in Alasca,
príosún aḋeanaḋ ann, agus a g-congḃáil
dúinte suas ann no go m béiḋ Éire saor.
Aċ, air aon ċor, níor ċóir cead a g-cinn
a ṫaḃairt dóiḃ anois.
Béiḋ rímeud air Ġaoḋailliḃ a ċlos go
ḃ-fuil cúis na teangan a dul air aġaiḋ
go maiṫ, agus má ċuireann siad rómpa
a ḋéanaḋ, béiḋ sgeiṫeaḋ míosaṁla an
Ġaoḋail os cionn deiċ míle go goirid.
Tá sinn-né déanaḋ ar n-díṫċill ; má
ḋéanann siḃse an niḋ ċeudna is ró¬
ġeárr no go ḃ-fágfamuid ar long 'nár
n-diaiḋ.
