AN GAOḊAL
729
THE IRISH-AMERICAN, T. O'N. RUSSELL
AND THE GAEL.
In the issue of Aug. 27 of the Irish-
American appeared a Gaelic letter from
us in reference to one from Captain
Norris in the preceding issue. The
type-setter made a lot of blunders in
setting up our letter and, suspecting
that the friends (?) of the Gaelic cause
would take an undue advantage of such
blunders to vilify us, we wrote to the
editors requesting the correction of the
most glaring of them. The editors
did not deign to do so, but published
on the front page of their paper a let¬
ter from T. O'N. Russell, ostensibly
grounded on the said blunders — thus
forcing the belief that they and the
writer concocted the blunders in order
to create an opening to abuse us, and
through us, the GAEL. If this were not
the object why did they not publish
our corrections or say that they had
received such ?
The following is a copy of the letter
in question. —
Bruaċlín, an 15ṁaḋ Lúnása, 1887.
Do Ḟoilseoiriḃ an Americáin Éireann¬
aiġ.
A Ṡaoiṫe, — Do ċonnairceas i sileaḋ
na seaċtṁaine seo de'n Americán Éir¬
eannaċ leitir ḟada ó'n taoiseaċ fear-
aṁail, Caiptín de Norraiḋ, a geur-
breaṫnuġaḋ sgríoḃṫaḋ ḋaoineaḋ airiġ-
ṫe in ḃur b-páipeur ó am go h-am.
Giḋ go ḃ-feicim-se an méid a sgríoḃ¬
tar san Americán Éireannaċ fúm féin
agus faoi ḋaoiniḃ eile, ní ċuirim aon t-
suim ionnta de ḃriġ go ḃ-fuil fios agam
air na bun-ḟaiṫiḃ a ġríosuiġeas iad.
Is fíor nár laḃair mise agus an Caip¬
tín le ḋá ḃliaḋain-go-leiṫ — ó aimsir an
toġaḋ náisiúnta — óir do ḃí masán air
an g-Caiptín liom mar ġeall air mo
sgríḃinniḃ san nGaoḋal a n-aġaiḋ Uaċ¬
daráin Ċleveland. Aċ muna laḃair, ḃí
an Caiptín ro-ḟearaṁuil agus ro-ṫír-
ġráḋaċ le focal a ráḋ a n-aġaiḋ an
Ġaoḋail — an ċeud ṗáipéir ḃig a clóḋ-
ḃualaḋ 'riaṁ i d-teangain a ṡinsear.
Buḋ éisean an t-Éireannaċ maiṫ.
Giḋ gur ṁeas sé go ndeárnaḋ mise
mearḃal, ċreid sé go raḃ mé dúraċd¬
aċ a saoṫar na teangan, agus gur
ċruṫuiḋ mé an dúraċd sin a taḃairt
mo ṁaoin agus m' am ḋó gan eilioṁ.
Dá maslóċaḋ an Caiptín mise beiḋ¬
eaḋ sé 'na "ḟear an ċinn ḃáin," agus
ḃeiḋeaḋ sé aireaṁuiġṫe ameasg na
"Scoláiriḋe Gaoḋailge, aċht a n-uair
naċ n-deárnaiḋ sé mar sin, tugṫar cóṁ¬
airle ḋó ḋul agus graiméar Gaoḋailge
ḟóġluim — Agus cia uaiḋ? Ó'n dream
ar ṁúin sé féin a leitreaċa ḋóiḃ
beagán bliaḋanta ó ṡoin!
Ní mian liom mórán a ráḋ timċioll
na ndaoineaḋ atá do mo loċtuġaḋ ag¬
us, ṫríom-sa, a loċtugaḋ an Ġaoḋail.
Tá caint saor agus is dóiġ dá m-beiḋ¬
eaḋ íocuiġeaċt uirri naċ g-cloisfea¬
muid mórán dí a saoṫar na teangan.
Naċ mór an t-iongnaṁ naċ g-cuir¬
eann na scoláiriḋe móra seo páipeur
Gaoġailge air bun iad féin! Go ḃ-feuċ¬
aiḋ Dia air an nGaoḋailge dá m-beiḋ¬
eaḋ sé 'na d-tioḋlamaiḋe
Ḃí iongnaṁ mór orm, go deiṁin, aig
léiġeaṁ an dáin air ar laḃair an Caip¬
tín, óir do ṡaoil mé a g-cóṁnuiḋe go
m-buḋ fear fiúḋantaċ an Saoi "Doṁ¬
nall Crimmin," agus tá áṫas orm go
n-deir an Caiptín nár sgríoḃ sé é. Aċ,
mar na g-ceudna, saoilim nár sgríoḃ
Pádraic é, giḋ gur cosaṁuil le lorg a
láiṁe é. Tá Pádraic ro-ḟearaṁuil le
na ḋéanaḋ; & tá daoine eile in Eoḃ¬
raċ Nuaḋ atá 'nan aiṫris air ġéim an
asail a ḋeunaḋ naċ ḃ-fuil aon ḟiúḋan¬
tas no aon ḟearaṁlaċt ionnta.
Anois a d-taoḃ sgríḃinne an Ċaiptín
agus mo sgríḃinne féin. Déarfad a d-
taoḃ an Ċaiptín mar duḃras a g-cóṁ¬
nuiḋe — giḋ naċ ḃ-fuilmíd mór anois ní
ċuirfiḋ sé aon aṫruġaḋ in mo ḃaraṁ¬
ail air — go ḃ-fuil sé 'na scoláire ṁaiṫ;
agus in mo ṫaoḃ féin, go n-deunaim mo
ḋíṫċioll. Tá sé cinnte go ḃ-fuil sé a
n-am aig na scoláiriḃ a ṁúineamar
deiċ m-bliaḋana ó ṡoin a ḃeiṫ 'na scol¬
áiriḋe maiṫe anois — sin é nós an t-saoġ¬
ail — agus ní'l aṁras naċ ḃ-fuilid 'na
