AN GAOḊAL.
733
aḋ air gaċ taoiḃ;
'S gur duine ḃeiḋeaḋ gan ċéill a ṫóġ¬
faḋ ḋó féin,
Ḃeiṫ casgarṫa 's na sléiḃtiḃ sin Ḋoire-
Ui-Ḃruín.
Séamus,
Is aoiḃinn an niḋ a ḃeiṫ mí na Beal-
teine,
A ngleanntaiḃ áluin' so Ḋoire-Ui-Ḃruín
Biḋeann feur fada 's fásaċ a's cean¬
naṁáin ḃán' ann,
'S biḋeann luaċra níos feárr ann 'na
'nn áit air biṫ san tír;
Ó ṫiocfas ráiṫe 'n t-saṁra biḋeann
rince fada 's baire ann,
'San fear ḃeiḋeaḋ air leaba 'n ḃáis ann
d'eireoċaḋ se 'nn ṡuiḋe;
Fan ṫusa 'nn m' ḟárraḋ 's tiuḃarfaiḋ
mé mo láṁ duit,
Aon ṗiġinn aṁáin go bráṫ naċ n-íocfaiḋ
tú de ċíos.
Úna.
A tráṫ ṡeasaim amuiġ air ḃárr an t-
sléiḃe,
Cuirim osna 's ceud amaċ dem ċroiḋe,
A's le cúṁaiḋ 'nn a ḋiaġ sin, d'ḟás
nioscóid ċléiḃe,
Os cionn mo ċroiḋe séiḃ tá 'nois 'g a
claoiḋ';
Agraim-se féin Críost Mac an Dé ġil,
Nár ḟágaiḋ mé an saoġal, 's nár eug¬
aiḋ mé ċoiḋċ'
Go m-béiḋ teaċ agam féin arís go
seunṁar,
Air ċnocáinín aeraċ éigin ṡíos anns an
tír.
Séamus.
Ċaiṫ mé trí ráiṫe air Ċloċán-in-ráiṫín,
Aig an áiṫín taoḃ 'muiċ de Ċill-Ċríost;
An trá ṗós mise Úna, ṫiteas a g-clam¬
par,
Ċaiṫ me ráiṫ an t-saṁra suaiḋte 's
an dliġe;
'N uair naċ air fóġnaḋ tá sé dul dam
sa,
Seaċfad mo ġáḃaltas 's íocfad mo ċíos
A's raċfad arís go tír ṡúd na h-óige,
Ameasg mo ṡean ċoṁarsan go Doire-
Ui-Ḃruín
Úna
A Ṡeamuis O na páirte fan féin go lá
liom;
A's tarruiġ liom a' feuċaint Antoine
a' ċroiḋe,
Aiṫris dó go páirteaṁail go ḃ-fuil tú
gan árus,
'Teaċt oiḋċe Ḃealteine gan áit air biṫ
's an t-saoġal;
Má tá an sin an t-áḋ orrainn tá an
fear go h-an ġrásaṁail,
Tiuḃarfaiḋ sé dúinn árus ṡíos anns an
tír,
'S gur míle feárr a ġeaḃas tú do
ṡláine ann,
'Na ḃeiṫ casgarṫa 's na gleanntaiḃ sin
Ḋoire-Ui-Ḃruín.
In "Irish American" also
Aug. 21st, 1886.
A Volce From the Old Sod.
Mí Luġnasa, 31aḋ lá, 1887.
A Ṡaoi Ḋílis :
Tá tusa aig troid a g-cúis
na teangan duṫċais le fada, agus saoi¬
lim go d-tiuḃarfaiḋ mé misneaċ duit
anois, mar ṫárla go ḃ-fuil sgeul maiṫ
agam agus is é sin — go ḃ-fuil greim aig
an nGaeḋilge a measg na ndaoineaḋ a
g-contae Ṗortláirge a rioċt naċ g-caill¬
fear annsin é le ceud bliaḋain eile, a
g-cás air biṫ.
Le do ċead, taḃarfad cúntas in ṁo
ċeud ṗáipeur eile air ṁainisdir Ṁell¬
erai agus air stáid na Gaeḋilge 'san
dúiṫċe sin.
Tá tú dul air d'aġaiḋ go maiṫ, agus
go m-buḋ ṡeaċt ḃ-feárr a raċfas tú
air aġaiḋ, is é sin mian do ċarad,
Go measaṁail
NUAḊA.
[ We anticipate pleasant papers from Mt. Mellory ]
Aisdear Mic-Léiġin.
Ag Fóġluim Gaeḋilge.
(Sgríoḃṫa le h-aġaiḋ an Ġaoḋail.)
"Níor ṁór do ṁac-léiġin dul ag tóg¬
ḃáil aeḋir áit éigin, nuair atá cead
aige," a duḃairt coṁarsa liom mí ó
ṡoin.
"Níor ṁór, go cinnte," arsa mise,
"agus go deiṁin tá mise aig imṫeaċt
