(29)
6Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 5.
SAṀAIN
1887.
Phila. Lá Saṁna, 1887.
A Ṡaoi Ionṁuin:
Gaḃaim buiḋeaċas leat fa cuireaḋ
ṫaḃairt san nGaoḋal dúinn ar sgríḃinn
ċur ċugad. is maiṫ an ċaoi é le mis¬
neaċ ṫaḃairt dúinn agus fonn a ċur or-
rainn agus fóġluim le sgríoḃaḋ. Ní'l mé
féin a nan leitir a sgríoḃaḋ air mo
ṁian go fóill, aċt tá súil le Dia agam
naċ m-beiḋeaḋ mar sin a g-coṁnuiḋe.
Is maiṫ liom sgeul a ċur ċugad ain-
ti seo — mo ċeud leitir. Ní l oidċe Ḋóṁ
naig air beiṫ le mí naċ ḃ-fuil cúigear
no seisear scoláirig nuaḋ againn. Má
leanann dúinn mar seo, beiḋ an scoil
is feárr i Meiricá againn an Geiṁre
seo. Ṫainig ċugainn aig an scoil paip¬
eur Baile Aṫċléiṫ, agus má ṫainic féin
gan ṁagaḋ is maiṫ é. Ní'l mórán Béar-
la ann aċt Gaeḋilge air fad; Gaeḋilge
ḃreáġ nádúrṫa mar ċleaċtamar san
m-baile. Is mór an truaiḋ naċ d-tagan
sé amaċ níos mince.
Tugann gaċ aon duine againn a Ġaoḋ
al leis aig an scoil, is má ḃíḋeann cuid
do naċ d-tig linn a ḋeunaḋ amaċ tá
duine an seo le na ṁínúġaḋ ḋúinn. Na
bíḋeaḋ eagla ort go g-cuirfiḋ na loċt¬
óiriġ aon duine ann seo i n-aġaiḋ do
ṗáipéir. Tá an oiread de ḟáilte roiṁ
an Gaoḋal an seo a's ḃeiḋeaḋ roiḃ nóin¬
ínig na Bealtaine. Do ġlacmaoid foiġ-
id leis na loċtóirig seo le fada aċt tá
deire na foiġide caiṫte anois, ⁊ mar
m-biḋ aṫrúġaḋ poirt aca gan ṁoill, lá
breáġ eicin, nuair naċ m-béiḋ aon t-súil
aca leis ; ġeaḃaiḋ siad iarraċd uainn,
agus b' ḟéidir go m-béiḋ a sáiṫ ann a
leaṫ.
Le meas mór, is mé do ċaraid,
SEÁĠAN RUBIRTUN.
