742
AN GAOḊAL.
Mr. St. Mary's Seminary, Oct. 18, 1887.
The following is a translation of a sermon on
Heaven preached last February by Rev. Daniel
Quinn, of Cin. Ohio, then a member of the Semi¬
nary. Rev. Mr. Quinn was ordained priest on the
26th of August last. He is now in Greece where
he intends to remain for a year or two to improve
his knowledge of Modern Greek, and acquire a fac¬
ility in speaking it."
[The translation is by the translator of “The
White Hare,“ a young theological student of the
Seminary, who we have no doubt, will make his
mark in Gaelic literature. — Ed.
NEAṀ.
"Agus do ċonnairc mise, Seáġan, ann
Caṫair Neaṁṫa, an t-Iarúsalem Nuaḋ,
aig teaċt anuas as neaṁ o Ḋia ullṁuiġ¬
ṫe mar ċéile d'a ḟear-ċéile," — N, Eoġ¬
an, tais. caib. XXI. r. 22.
Ann san g-caibidil so de'n taisbeán¬
aḋ insiġean Naoṁ Eoġan dúinn ciannos
ar ḟeuċ riġeaċt neaṁa nuair a ċonn¬
airc sé é a n-aisling. Do laḃraḋ agus
do seanmóruiġeaḋ fa neaṁ go minic.
Do tráċtaḋ faoi mar a g-ceudna le
sgríḃneoiriḃ móra. Ṫug luċt diaḋaċ¬
ta, aig deunaḋ úsáide d'a n-eolas air
an sriobtiúr agus air an m-ḃeul-óideas
diaḋa, saoiṫe aig leanaṁain reasúin
ċeirt, filiḋṫe ag cur a saoilim d'a d-
teiṫeaḋ is áirde, an-ṁórán eolais dúinn
air an áit ċoṁnuiḋe iorgantaċ so Dé
agus na muintire a ġráḋuiġean Sé aċt
níor raḃ ariaṁ agus ní feudfar do
ḃeiṫ go bráċ lan-eolas fa neaṁ ag
daoiniḃ air talṁain, oir, "ní ḟacaiḋ
súil, níor ċluinn cluas, níor ċuimsiġ
croiḋe an duine na neiṫe a tá ullṁuiġ¬
ṫe aig Dia fa ċóṁair na muintire a ġ¬
niḋeas a ṫoil." Is é neaṁ an áit d'ar
cruṫuiġeaḋ sinn. Is sé neaṁ ar n-áit¬
reaḃ. Ní ṡé an talaṁ ar n-ait ċóṁ¬
nuiḋe. Is sé neaṁ an ċríoċ ċum a ḃ-
fuileamar ag triall. Is sé an cuan ann
a ḃ-fuileamar ag dul a fasguġaḋ an¬
coire ar long de ċaraig na n-aois. Is
sé neaṁ an ait ann a dtastuiġean
uainn dul. I n-diu teiḋeamar in súd a
spioraid ag taḃairt as coṁair ar n-in¬
tleaċt cuid de na fírinniḃ a ṁúinean
an Eaglais dúinn fa neaṁ. Fáġṫar trí
n-duile i g-croiḋe gaċ uile ḋuine ;- duil
i suaiṁneas, duil i luṫġáir, duil i nglóir
Líonfar na trí n-duile so i riġeaċt
neaṁa. Ní líontar go bráċ iad air tal¬
aiṁ.
Ciannos a ḃ-fuil neaṁ na ait ṡuaiṁ¬
nis. Tá neaṁ na áit ṡuaiṁnis de ḃriġ
naċ ḃ-fuil niḋ ait biṫ ann sin a ṫorsoċ¬
aḋ sinn, aċ sealbuiġean sé agus tugann
uaiḋ gaċ uile niḋ a ḃeireas suaiṁneas
agus aṫ-úrúġaḋ. Ní ḃ-fuil ann so air
talaṁ, aċt deifir, rioṫ, luaċair, corr¬
uiḋe, toran, fait, brosdúġaḋ. Ní féi¬
dir linn sgiṫ no suaiṁneas d'ḟáġail in
seo de ḃriġ go ḃ-fuileamar nar luċt siú¬
ḃail ag naċ ḃ-fuil cead stadaḋ go riġ-
fear neaṁ, críoċ ar n-aistire. Ní ḃ-
fuil suaiṁneas dúinn go ḃ-fosgliġe fear
ġeata neaṁa geataiḋ na m-baeain óir
dúinn, go d-treoruiġiḋ sé asteaċ sinn,
agus go d-tugaiḋ sé áit a ríġeaċt na
n-aṫar agus an aoiḃnis. Ann sin ní
fulangfar aon ṗian, ní silfear aon deor,
ní ṫarraingeoċar aon osnaḋ, ní ḃeiḋ o¬
bair no cúram le dul faoi, ní ḃeiḋ tin¬
neas le fulang.
Is fíor go ḃ-fáġmar suaiṁneas eigín,
aoiḃneas eigín ann so, aċt ca laḋad?
An san g-caṫair, a g-cuid de na sráid¬
ṫiḃ, is féidir le duine mórán d'ḟeicsin
atá sólásaċ, agus mórán atá áluinn,
breáġ; deifriḋ dronga daoineaḋ ṫart
air a ḃ-fuil éadaċ breáġ; aċt ann san
t sráiḋ eile is fogusa dearc air an
teaċ gráineaṁail tonóntaiḋe úd ann a
b-fanann an boiċteanaċt ag polluġaḋ,
ann a ḃ-fáġann mná pósta bás, beagnaċ,
le ocras, agus ann a sgréadann mal¬
raiḋ ag iarraiḋ biḋ, agus ann a n-éir¬
iġeann na fir deaṁanta an a n-éadóṫ¬
ċus. Má 's mian leat a ḃ-feicsinn in
a n-an-ṡóġ, agus má's fear gan faitċíos
atá anad, gluais tre a sráid i noċt.
Na g-coṁnuiḋe air an t-sráid sin tá na
ceudta daoineaḋ a ċaiṫfeas an oiḋċe
i noċt gan neul ċodalta. Cad fáḋ ?
Feuċ asteaċ orra ṫríd an ḟuinneóig
ḃriste agus ní riaċtanaċ ḋuit fiafruiġe
cad fáṫ. Cad a ḟeiceas tú ? Dadaṁ,
de ḃriġ go ḃ-fuil sé ċo dorċaḋ sin insin
astiġ — gan aon t-solus. Eisd! B'ḟéidir
go g-cluinfeá cneadaiġil ṫruaġaċ o ċru¬
ṫaiḃ caiṫte, ag iarraiḋ sócaṁal ḟáġail
air urlár cruaiḋ, fuar, — gan aon ċlúd¬
úḋaḋ. Tá siad ann'sin ag criṫ ann san
dorċadas — gan aon teas. B'ḟéidir nár
