AN GAOḊAL.
743
iṫeadar niḋ air biṫ i n-diu — gan aon
ḃiaḋ. Gan solus, gan clúḋúġaḋ, gan teas
gan biaḋ; uime nin, gan aoiḃneas; uime
sin, gan sgiġ, gan suaiṁneas. Aċt ċea¬
na go n-deonuiġiḋ Dia go soilseoċaḋ
reult treoruiġṫe anuas ó'n spéir ġorm
asteaċ ṫríd an ḟuineóig ḃriste sin, ag
gliocúġaḋ óna n-áit ċoṁnuiḋe air neaṁ,
ag beoġ-foilsiúġaḋ suas a m-beaṫa ḋoi¬
léir, ġruama, ag sgeiṫ aon dealrúġaḋ
aṁáin dóṫċuis le misneaċ do ṫaḃairt
ḋóiḃ ċum go ḃ-fulangóċaidís a d-triob¬
lóideaċa ionnus go d-tiocfaidís go
suaiṁneas tar éis na beaṫa so. Aris
táir láidir, sláinteaṁuil; agus b'ḟéidir
gur geur-ṫaiṫneaṁ leat lá fuar, gleaċ¬
duġaḋ a n-aġaḋ líaspad gaoiṫe na gei¬
ṁre, aċt an gaoṫ ġarḃ a ċuireas lasaḋ
ann do leacan-sa, b'ḟéidir go n-goidean
sí leiṫe an bláṫ as an ḃ-fear tinn úd
ṫáll, a n-insiġean a ċoiscéim lag, agus
a ġnuis ġeuruigṫe sgeulta fulanġtais
galair.
Aċt arís, a deirim, fa 'n m-beagán
daoineaḋ ag a ḃ-guil roinn eigin suaiṁ¬
nis ann so, naċ g-congḃuiġean siad a ḃ-
fad é. Mar so; b'ḟéidir gur baincéar
atá a ḃ-fear, aċt ma riṫeann a ḟear
coiṁéadaiġe ann bealaiġ amaraċ, cad
ḋeunfas an baincéar? B'ḟéidir gur
ceannuiḋe atá a ḃ-fear, aċt ma dóiġ¬
tear aṫeaċ stóir i noċt, cad a ḋeunfas
sé ? B'ḟéidir gur curċóir atá a ḃ-fear,
aċt ma ṫeiḋean a ċuid báirr síos le
tuile, an t-seaċtṁain so ċugainn, creud
a ḋeunfas fé ? B'ḟéiḋir ann sin go raċ¬
faḋ an fear saiḋḃir so na ċoṁnuiḋe
san teaċ graineaṁuil sin d'ar laḃram¬
ar ċeana. Cia aig a ḃ-fuil fios? Ní'l
ḟios aige-san. Aċt go déiṁin ma ta
sé ann a ċuṁaċt a ṡaiḋḃreas do cong¬
ḃail a g-caṫaḋ a ṡaoġail cad é an trio¬
blóid a ṫarlóċas dó ag iarraiḋ so do
ḋeunaḋ? Ta sé d'a únfuirt féin go dó¬
caṁlaċ air leaba gan suan ag cuiṁniu¬
ġaḋ air na neiṫiḃ a ta cumṫa agus lea¬
gṫa amaċ aige go deireanaċ sa n-oiḋċe,
le na ċeann g'a sgoilteaḋ le tinneas,
deunann sé suas a ċuid cuntais. tor¬
suiġean sé a intleaċt; caiṫeann sé a
ċolain. Ní ḟágan sé suaiṁneas. Suaiṁ¬
neas no sgiṫ ní ḃ-fuíġiḋ sé no go riġfiḋ
sé neaṁ. An te naċ riġfiḋ neaṁ go
deo ní ḃ-fuiġiḋ sé suaiṁneas go deo.
O! cad é an lá an lá sin, nuair a cas¬
far le ċéile cairde ċeanaṁla gan sgar¬
aḋ le ċéile go deo arís, agus cuimileo¬
ċaiḋ Dia na deora óna súiliḃ, agus im¬
ṫeoċaiḋ gaċ brón agus osnaiġil nuair a
raċfas corpa na naoṁ a stáid ġlórṁar
síorḃeo, gan ḃaoġal, meaḋ no gorta, no
bás orra asís go deo. Euduiġṫe a so¬
lus, asteaċ tre ġeataiḃ na caṫraċ
neaṁḋa, agus a ḃeiḋeas baint aca de
Ċrann na Beaṫa ! Agus ní ḃeiḋ aon
ṗeacaḋ san áit sin, aon ġala anṁian¬
ta, aon ġaṫ coinsiais, aon dealg ċaṫ¬
uiġṫe. Air neaṁ suaiṁneas agus caḃ¬
air do gaċ uile ḋuine. Feicfiḋ súile na
muintire a ḃí ċeana dall an Riġ an iom¬
lan a ċuid áilneaċta. Tá cluasa na
muintire a ḃí ċeana boḋar sosgailte
aig éisteaċt leis an m-binneas is toġṫa,
agus le ceoltoireaċt is aonduiġṫe & is
cuṁaċtaiġe na cruinne. Bainean an
teanga a ḃí ċeana balḃ bárr de gaċ ui¬
le ċuimsiúġaḋ daonda air ṡolaḃarṫa
a g-cainteoireaċta ṫapaiḋ agus a mol¬
aḋ sarṁaiṫ. Tóigeann an cruṫ a ḃí
ċeana bacaċ, neiṁḋíreaċ, coṁṫromaċt
Le ḃeiṫ ar leanṁain.
Mr. M. Heffernan, Louisville, Ky.
writes —
I noticed in the Gaoḋal a request by
Father Mulcahy concerning certain
words and what they were known by
in the different parts of Ireland
I remember having heard the fol¬
lowing in the South-east of Limerick, —
luck-penny, airling ; whiskers, riġaiḋ ;
a pump, buimpa; jackstones, cloċa-cub¬
aiḋ ; knuckles, rúdáin ; wire, teud-mio¬
tal; wiry, miotalaċ; paint, péint ; a
tie, cor —
'Cor a n-aġaiḋ an ċaim,
Agus cam a n-aġaiḋ an ċoir
Goḃán saer's message to his wife.
Window shutters, fór-ḟuinneog, fór
defense : a carpenter's square, riaġal-
cearn, cnoc-greina; buisgeid, a covered
basket, but I never heard of a hod.
M. Heffernan.
