(30)
6Ṁad Rol. Uiṁ 6. MÍ NA NODLAG. 1887.
BOSTÚN, MASS'
An Deiċṁaḋ Lá de ṁí na Nodlag, '87.
Do Ċaiptín Ṫomás Ṁic Daḃi de
Norraḋ, fear Calma, Cráiḃṫeaċ,
Cróḋaċ, deiġ-ġníoṁaraċ, deiġ-ḃeusaċ,
deártúil, fíor-uasal, fírinneaċ agus
fíor-ṁacánta.
Ní misde a ráḋ gur fear gan ċlaon,
Agus fear deáġ-ċroiḋeaċ é an Caiptín;
A's ní ḃ-fuaireas féin, ó na ḃeul,
'Riaṁ am' ṡaoġal, breug ná sgeul.
'Tá prionnsa fir 's g-Caiptín,
Mar cuir sé, gaċ am, ainm féin
Le na ḋán, a d-teangain na nGaoḋal,
Gan spleáḋ'ċas air biṫ le daoi 'sa t¬
saoġal.
Ní'l beann air doṁan aige 'n g-Caiptín
Orṫa-so tá ag taḃairt faoi féin,
Mar tá sé fírinneaċ air feaḋ a ṡaoġ-
ail.
Agus saor ó'n dream tá ag bagairt
baoġail.
Go d-tugaiḋ Dia do'n g-Caiptín,
Agus do leigṫeoiriḃ uile "An Ġaoḋail"
Odlaig ṁeiḋreaċ faoi ṁór-ċuid séin,
Agus Bliaḋain Nuaḋ ṁait dóiḃ go léir.
Aireoċaiḋ tú aríst ó'n ngarsún,
An Puncán Gaodlaċ ó Ḃostún.
Faraoir geur! ta áḋḃar cúṁaḋ 'gus
caoi aig na Gaoḋailgeoiriḃ an Nodlaic
seo, mar do sciob an bas uaṫa príoṁ
ṫaca a d-teangan — Beannaċt Dé le n-
anam. Aċ, mar is sé ar g-cineaṁain
go n-uile é, ní'l neart air.
Nodlaiċ ṡúgaċ agus Bliaḋain Nuaḋ
ṡeunṁar aig gaċ aon d'ar léigṫeoiriḃ.
