756
AN GAOḊAL.
ann féin, agus ċiḋfimid é níos soiléire,
agus aiṫneoċamuid é níos iomláine na
is féidir linn anois ar g-caraid is fog-
usa d'aiṫnúġaḋ na d'ḟeicsin nuair a
ḋearcamuid air go díreaċ le nar súiliḃ.
Feuċfaiḋ ar n-anama iad féin go dír-
eaċ air Ḋia ann sin, fiaḋnuiseoċaiḋ a
áillneaċt neiṁṫeóranaċ, a ṁaiṫeas
neiṁaiṫriste, agus a ċuid iomláine eile
go h-uile, agus beiḋ siad ann sin lasta
suas, ag soilsiúġaḋ agus ag dealrúġaḋ
le lonraċd De féin, air lasaḋ le gráḋ
Dé. Ceangalóċaiḋ an gráḋ sin sinn ċo
dlúṫ do Ḋia, go d-taḃairfiḋ sé, a nós,
cineál seilḃe ḋúinn air Ḋia, ionnos go
saṁailfimid Dia do ṡealḃúġaḋ, 'g ar n-
deunaḋ cosaṁail le Dia, mar éiriġean
barra iarainn, a ċuirṫear san teine,
dearg-ṫeiṫ ⁊ a g-cosaṁlaċt na teine
féin. O! a anama seanmara! Creud
atá air talṁain cosaṁail leis so? Is
féidir le fear dall ó ḃroinn a ṁáṫar
mórán feasa a ḃeiṫ aige fa 'n ngréin.
Is féidir le na ċairdiḃ gaċ a d'ins¬
inn dó fúiṫi. Is féidir leis siúḃal ann
a gaṫaiḃ, agus a teas d'airiúġaḋ, Aċt
giḋ go b-feudann sé a ṡuile gan leurg-
as do ċlaonaḋ ċúici, ní féidir a feicsin,
Mar an g-ceudna, ní féidir linne air
talṁain Dia do ḟeicsin. Deir Naoṁ
Eóġan; "ní ḟacaiḋ aon duine Dia am
air biṫ." Deir Naoṁ Pól, "an te naċ
ḃ-facaiḋ duine air biṫ, ⁊ naċ ḃ-feudaiḋ
duine air biṫ d' ḟeicsin; an te a ċoṁ-
nuiġeas anns an solus naċ féidir do
roċtain." Aċt air neaṁ béarfar dúinn
taḃartas eile lé'r ḃur féidir linn Dia
d' ḟeicsin. Is é an t-ainm do'n taḃar-
tas sin, solus na glóire. Le meoḋain
an taḃartais sin, ċiḋfimid Dia ṫart-
timċioll orrainn ann a ċáilíḋeaċta
árd-ċéimeaċa. Feuċfamuid síos a n-
doiṁneaċta a eagna, agus beiḋ roinn
againn san eagna sin. Béiḋmuid fol-
uiġṫe ann a ġlóir agus clúdaiġṫe ann a
áilneaċt. A ċairde, go deiṁin is luaṫ¬
ġáir a tá ann so. Smuaintiġṫe air Ḋia
an luaṫġáir is áirde agus is glaine noċ
is féidir linn dó ḃéiṫ againn air tal-
ṁain. Do scap smuaintiġṫe de'n ċin-
eal so lán-áṫas tre anamaiḃ na naoṁ,
agus ċuireadar na mairtiríḋe aig gáir-
e faoi na b-ṗiantaiḃ. Agus má ċuir-
eann cuiṁniúġaḋ aṁain air Ḋia san
t-saoġal so an oiread gáirdeaċais or-
rainn, creud é a ḟeicsin san m-beaṫa a
tá le ṫeaċt? Dia do aiṫniúġaḋ agus
do ġráḋuġaḋ, a aiṫniúġaḋ mar aiṫniġ-
eann sé-sean muidne; a ġráḋúġaḋ le
nar n-anamaiḃ go n-iomlán; é do ḃeiṫ
againn na ḟlaiṫ agus na riġ; gan fait-
ċíos a ċeileaṁain; roinn do ḃeiṫ againn
ann a ḃeannuiġeaċt — is luaṫġáir, lán-
aoiḃinn na neiṫe so, luaṫġáir a éiriġ-
eas os cionn gaċ uile ṁolaḋ, agus mar
súd a tá luaṫġair na ḃ-flaiṫeas. Agus
ca ḟad a ṁairfeas sé? An g-caiṫfiḋ
sé é féin a n-uiṁir de ḃliaḋantaiḃ?
Mar ṫeine ṫeiṫ an loisgfear amaċ é
go tapa? Ní loisgfear aċt biaḋuiġṫe
le áḋḃar-teineaḋ gráḋa Dé. Beiḋ sé ċo
buan le Dia féin, agus uime sin, mair-
fiḋ sé go deó. Ċiḋfimid Dia an t-Aṫ-
air, Dia an Mac, agus Dia an Spioraid
Naoṁ. Feicfimuid Dia an Mac ann a
nádúr ḋaonda agus ann a nádúr ḋiaḋ-
a. Is minic a ṫarluiġean gar mór linn
do na h-apstolaiḃ, agus do ḋeisciobal-
aiḃ ar d-Tiġearna an t-aoiḃneas mór
a ḃí aca dó na trí ḃliaḋanta do ċaṫaḋ
ann a ċoṁluadar, nuair a ḃí sé air tal-
ṁain ann a nádúr ḋaonda. Cad ċuige
ar ṁór linn dóiḃ é? Do ċonnairc siad
san é in a úirísliúġaḋ; feicfimuidne é
in a ġlóir. Béiḋ cead aig an te is ísle
agus is laige dínn a ḟeicsin, laḃairt
leis, agus coṁnuiḋe leis a d-tír na m-
ḃeó. Mar an g-ceudna, feicfimid má-
ṫair De. Béiḋ againn ann ar g-cúṁ-
aċt buiḋeaċas dó ṫaḃairt duiṫí fa na
faḃaraiḃ a fuair sí dúinn Ċiḋfimuid
mar an g-ceudna na patriarca agus na
faiḋiḋ, agus na mairtíríḋe agus ar g-
cairde agus ar n-daoine muintearḋa;
béiḋ na neiṫe so na n-áḋḃar luaṫġáire
ḋúinn.
Críoċ an dara puinc'.
An tríṁaḋ punc le ḃeiṫ ar leaneaṁain.
We have received No. 26 of the Gaelic Journal.
It is full of very interesting Gaelic matter.
Those desiring to get the Gaelic Journal should
send their subscriptions to the Rev. Maxwell H.
Close, 40 Lower Baggot St., Dublin. By sending
subscriptions to the proper officer mistakes will be
few.
