AN
GAOḊAL.
757
An
Láiñ Mór.
air — Petrie's
A.I.M.
No. 816.
Cúl an ÓRḞOILT,
Fonn — Port Eóċaill
Is air an Láinn Mór seo ḃí mo ċóṁ-
nuiḋe,
Agus tá mé a n-ualg-ċas le fada riaṁ
Smuainuġ' orṫi-se, cúilín ómraċ,
Gruaḋ mar an rósa 'gus a béilín binn;
Teaċt an Doṁnaiġ biḋim go móḋṁaraċ
Mar ṡúil go seólfaiḋe ann mo ḃealaċ í
Aċ anois tránóna bíḋim go brónaċ,
A smuaínúġ' air ċóṁráḋ mo ḃalentine
A ċailín óg deas dá d-triallfá an ród
liom,
Ná'r ḋeas do lóisdín ag teaċt na h-
[oiḋċ',
Béiḋ flúit is orugáin ag seinm ċeoil
duit,
A ṫóigfeaḋ an brón agus an uaigneas
[díot,
Béiḋ buidéal beóraċ síor leagṫaḋ air
bord ann,
Agus dís ban óga le na g-cur na suiḋe;
A's bás dá ḃ-fuiġfeá 'sdo ṡínuġ 'g-cóṁ-
ra,
Seal dod' ṗógaḋ go m-ba é mo ṁian.
Bean is fiċe ḃí 'n-urṫaiḋ i n-gráḋ liom
A's i lán na sráide díoḃṫa ní ċuirfinn
suim,
No gur casaḋ orm an cúilín bán, deas
Agus ṫríd an ḃ-fáinne go raċfaḋ a cum.
Ḃí culaiġ ġeal orṫi de'n t-síoda b'áille,
A's mil go ḃ-fáisgiḋe as gruag a cinn,
Ḃíḋeas a caint i n-urṫaiḋ le na ḋá
grandfather,
'Sní ḃ-fuiġe O'Hara í no Caiptín Ṁinn.
Siúd í ṫáll uainn an rósa gáirdín,
Is lán ġealaċ áluinn os cionn an t-sluaġ,
A ḃ-fuil mo ċroiḋe stiġ dúinte i ngráḋ
lei,
Mar na h-áirniḋe atá g-croiḋṫ' na n-
[úḃall.
Ní pósaḋ míosa na margaḋ sgaoilte,
Aċ coingeall daor a d'ḟanfaḋ go deó,
'Smá ṫéiḋeann tú g-cleaṁnas le bunaḋ
an ċlampair,
Béiḋ tú 'san angar ċó ḟad is ḃéiḋeas
tú beó.
Lannmor and Lancille are two townlands in the
neighborhood of Westport, Co. Mayo. These lines
are a remuan of a song composed by a disapoint-
ed lover on a Miss O'Mealla or O'Mally, taken from
the recitation of my aunt on her death bed.
Martin Peter Ward,
Vol. II No. 6.
Féaċ Vol. IX. No. I.
The following old song sent us by Prof. Lovern
is very popular. The professor has another, which
will appear in our next —
"Ḃí Dís Ṁac Agam."
CAILÍN DEAS na LUAĊRA.
A Ċailín deas na Luaċra.
Glac suaṁneas agus fan go réiḋ;
Dá d-tiocfá liom air uaigneas
Faoi ḃruaċ na g-coillte is glaise feur.
Sagart ní ḃ-fuiġiḋ sgeul air,
No aoinneaċ d'a maireann beó,
Go d-tagaiḋ caint do'n ċéirseaċ
Agus Gréigis do'n lon-duḃ breáġ.
Ṡiúḃal mise ċios cuantaiḃ
Ó ṫuaiḋ agus o ḋeas go h-aird,
'S a saṁail o ní ḃ-fuair mé —
'Gruaiḋ ba deise, gile, breáġ.
Sé duḃairt sí, "A ḋuin' uasail,
Fan suas a's na ċuir orm stro,
Na scap mo ḃeartín luaċra
N éis a ḃ-ḟuair mé d'a easonóir.
Ní'l busca agam na cóṁra,
Ní'l stól agam le suiḋeaḋ síos ;
Ní'l hata mar is cóir agam,
A's air m'ḋóiġ tá mo ṗluid gan sníoṁ'.
Tá mo ċóta stróiceaḋ,
Agus ní'l bó agam le cuir 'sa g-cíos;
Tá go leór go luċt an ósda
Teaċt sa tóir orm faoi luaċ na dí.
Ba ḟoras d' aiṫne ḋaṁ-sa,
Nuair a luaiḋ'ḋ liom go h-óg le mnaoi,
Dá n-deunainn raiṫ no fóġnaṁ,
No stuaim air biṫ in aice an tiġ,
Nuair a ḃiḋeas an tac d'a ḟuadaċ,
'Sé 's dual dó an sruṫ ḃeiṫ ṫríd;
'S go ḃ-fásann cíb is luaċra
Air na tuarṫaiḃ seo 's mórán fraoiċ.
air —Petrie's
A.I.M.
No. 1358.
Féaċ
Vol. VII.
— 876.
WANTED — In every city and town in the United
States and Canada, active men to canvass for the
GAEL. Very liberal terms. (Write for terms.)
Canvassing among Irishmen for the first and
only monthly journal published in their National
Language should be an agreeable occupation ; for,
if properly approached, there are not many Irish-
men (none deserving the name,) who would not
willingly contribute a dollar a year towards the
preservation of their language, apart from the
possession of an educational journal in that lan-
guage.
