AN GAOḊAL.
767
S Ṗ. MÍ NODLOG, 1887.
Do Ċlóḋóir an Ġaeḋil.
A Ṡaoi: Fálaiġṫe le seo, deónaiġ
dollar a b-páipeur ṫíorṫaṁuil d'ḟáġail
air son an Ġaeḋil air feáḋ na bliaḋna
so ċugainn
Atá Catoiliciġe na caṫraċ so ag
tógḃáil árd-ṫeampoll annso anois; ag¬
us ċum airgiod a ḃailiuġaḋ ċum é ċur
suas, do ċongḃaiġeadar na paráistiḋe
go léir aonaċ an-ṁór i n-deire na mío¬
sa déiġeanaiġe seo. Atá óig-ḃean ua¬
sal, sáir-léiġeanta, annso, gur ab ainm
di Hariat ni Sgidmore, agus d'ḟurḟóg¬
air si-se páipeur-nuaḋaċt, ainmniġṫe
"Na Ċóṁḟuama," * air feáḋ ann aonaiġ, a
ṫug cungnaṁ mór do'n ċúis; agus mar
do ḃí Gearmáinaiġe, Spáiniġe, Iodáiliġe
agus Frainciġe ag tógḃáil páirte 'san
aonaċ, do ċuir gaċ cineaḋ aca-san leitir
'na ṫeangain féin do'n ṗáipeur so;
nuair do ċonnarcas-sa féin é sin, agus
nár raiḃ an Ġaeḋlig ḃoċt, ḟailliġṫe,
taisbeánta 'na measg, do ṫainic dearg-
náire orm air an m-ball; mar atá's
agat go maiṫ, a Ṡaoi, gurab é ar g-
cineaḋ-na do sgaip an creideaṁ úd
tríd an mór-ṫír seo. An ḟaid a ḃí m'
ḟearg suas, agus leis an eólas beag atá
agam air an nGaeḋilig, do ġlacas meis¬
neaċ agus ċuir mé asteaċ an leitir seo
mar leanas:
623 Sráid Sansoim, Caṫair Sain
Ṗrioinsiais, an cúigeaḋ lá deug
de ṁí na Saṁna, 1887.
A Ḃean Uasal Ṁeasaṁuil:
Iarraim párdún ort mar ġeall
air an leitir seo a ċur ċugat i d-tean¬
gain mo ḋuṫċais, se sin i nGaeḋilig.
Tá ḟios agam go ḃ-fuil tú ós cionn an
ṗáipéir ainmniġṫe "Na Ċóṁḟuama,"
furḟógarṫa air feáḋ ann aonaiġ seo air
bun anois; mar is dóiġ liom go d-tioc¬
faiḋ mórán d' Éireannaiġiḃ, idir ḟear¬
aiḃ agus ṁnáiḃ, air ċuairt dod' oifig,
agus mar atá 's agam go ḃ-fuil eólas
maiṫ agat-sa air nádúr daona, beiḋ do
ḋóṫain suilt agat ag feuċaint orṫa ag
taisbeáint a neiṁeólas air an teang¬
ain ḃreáġ, ṁilis, ṁín seo a n-dúṫċais.
Leag síos an leitir seo, a inġean ál¬
uin, ós a g-cóṁair a n-áit soiléir éigin
ann d'oifig, noċ go g-caiṫfiḋ siad í d'ḟei¬
csin, agus beiḋ aṁarc agat air a d-tar¬
cuisne d'a caiṫeaṁ uaṫa mar potáta
teiṫ, ag ráḋ, naċ laḃrann agus naċ
sgríoḃann aon neaċ anois an teanga
ársa so na naoṁ agus na n-ollaṁ aċt
na daoine is ísle agus is mó atá leaṫ-
tromuiġṫe 'san talaṁ dona úd a n-duṫ¬
ċais. Aċt fán go fóil; "Beiḋ an Ġae¬
ḋilig faoi ṁeas fós."
Agus anois, a ḃean uasal, ionṁuin,
ag iarrad d'ḟoiġde arís, fanaim mar
riaṁ,
Do ṡeirḃíseaċ ro uṁal,
SEÁĠAN MAĊ UI AOḊGÁIN
Do Hariet M. ní Sgidṁóir,
Bean-eagair "Na gCóṁḟuam."
* The Chimes
De riġne an ḃean uasal mar a duḃ¬
airt mé léiṫe; do leag sí síos an leit¬
ir 'na h-oifig go puibliḋe ameasg na
leitreaċ eile; agus ag caint léiṫe tar
éis an aonaiġ, duḃairt sí liom gur
reiṁinniseas-sa go díreaċ mar do ṫuit
amaċ. Ḃí an t-aonaċ go h-áḋṁaraċ,
agus ċuirfinn an leitir seo ċugat
caoicíḋeas níos túsga muna m-beiḋeaḋ
lem' ḟuireaċ leis an g-críoċ-ċuntas; ag¬
us giḋeaḋ naċ ḃ fuil an t-áireaṁ go
léir críoċnuiġṫe anois, fós tá go leór
aiṫiniġṫe ċum do ċur a d-tuigse ḋam
gur tógaḋ asteaċ suas le trí fiċid mí¬
le dollar; agus gan aṁras ḃí a Ġrás,
Pádraic Ṁ O'Ríordáin, ár n-Ardeas¬
bog ṁaiṫ, lán-ṡásda leis an toraḋ.
Is maiṫ liom, a Ṡaoi, go b-fuil tú ag
tarraing an Ġaeḋil tríd an iarraċt
deacraiġ só atá air m-beiṫ deunta a¬
nois ċum an teanga d'aiṫḃeóḋaḋ; agus
is ró-ṁaiṫ liom go d-tugann tú tairḃe
d'irisleaḃair do na tosuiġṫeóiriġiḃ ċóṁ
maiṫ leis na céimniġṫeóiriġiḃ ċum a
saoṫar a ṫaisbeánt, óir tugann sé meis¬
neaċ ḋúinn ár d-toirṫe d'ḟeicsin clóḋ-
ḃuailte anois a's arís ; agus tugann
sé, mar an g-ceudna, eaga maiṫ ḋúinn
iad do ċur i ḃ-feaḃas le dul ṫarsta a¬
rís go h-aiṫriseaċ agus iad d'aiṫsgrio¬
