AN GAOḊAL.
779
Ḃ-fuil truaiḋ in Éirinn, aċ mac 's má¬
ṫair,
A ċuir an fán air a ċéile ċoiḋċe?
Bíḋim aig iarraiḋ déirce agus i guiḋe
Dé,
Agus ní cluinim sgeul o ḃord na d-tonn
Iarraim air Ṁuire go maiṫ ṫú ċúṁdaċ
Agus fortún ċúṁaċtaċ o Riġ ua nGrás,
A ċuirfeaḋ ḃaile agam slán o ċontaḃ¬
airt,
Mar is mór mo ċúṁaḋ ndiaiḋ mo mai¬
cín bán.
Ḃ-fuil truaiġ i n-Éirinn aċ mise i geur
ġól;
'Ndiaiḋ an ċéad ṁac a ċráiġ mo ċroiḋe
Bíḋim ag iarraiḋ déirce o ḋoras d'a
ċéile,
Agus fios mo sgéill ní'l aig aon ḃean beo
Ní ṡé sin a ṁarḃaiḋ mé, no ċráiġ go
deo mé
Aċt go ndeárnaḋ mé an pósaḋ air ais
arís ;
Ḃain sé 'n clann díoṁ ḃí múinte tógṫa,
Ḃí muirín óg agam 's mé lag na g-cionn
Dá m-ba n-Urrisanaiġ ḃioḋ do ċnáṁaḋ
Ní ḃéiḋinn ċo cráiḋte seo, no leaṫ, do
ḋiaiḋ,
Aċ cuirim mo ḃeannaċt leat go cúirt
na nGrása,
Nuair naċ ḃ-fuil sé n-dán dam ṫú ḟeic¬
sint ċoiḋċe.
A Ṗeadairín ċúṁra ḃi céilliġe, múinte,
A ċuaiḋ i g-contaḃairt 'ḃeiṫ níos fearr
Ṫug mé scoil duit agus beagan fóġluim
Réir mo ċúṁaċta no níos mó,
Is beag a ġoilleas ort leaṫ mo ḋólais,
'S liaċtaiġ brón tá dul ṫrí mo ċroiḋe,
Ṫainic an tinneas orm is ċaill mé an ḃó
liaṫ,
'S ní'l luaċ na cónra agam mar ḃ-fuil
aig Dia.
This song is well known in the West of Ireland
where it is very popular. I copied it from the
singing of Mrs Joyce. The parties mentioned
must have lived in Erriss Anagh across the bay
from Roundstone, Connemara. M. J. Lovern.
See
aḃ Ċl. Gaeḋeal. p. 122.
" An Iarṫair " 60.
We copy the following speech, which
was delivered by Mr. M'Gough of Car¬
town, at the last meeting of the Natio¬
nal League, from THE TUAM NEWS.
Ní comórtas do ḋúiṫċe air biṫ eile
dúiṫċe Vesey, oir ní'l na daoineaḋ aig
caidreaḋ no aig dul ċo dlúṫ le ċéile a's
buḋ ċóir ḋóiḃ; agus ní ḃeiḋ íongnaṁ
orraiḃ faoi seo, 'nuair inniseóċad daoiḃ
cad rinne cuid díoḃ 'san droċ ṡaoġal.
Ṫainic an siriaṁ go baile an Ċart¬
úin; aig tógḃáil seilḃe ó ḋaoiniḃ nár íoc
cíos, — daoiniḃ boċta nár ḟeud sé íoc, —
daoiniḃ a ḃí 'g a d-treasgairt le boċt¬
aineaċt agus le ganntanas. Ní ḃíḋeaḋ
'san am sin arm, no gárda peelers, no
fiú a's báile i n-aoinḟeaċt leis an sir¬
iaṁ mar ḃíḋeas anois. Agus faraoir
geur! ní raiḃ call air biṫ leo air an g-
Cartún.
Ní túisge a laḃair an siriaṁ gur
ṫastuiġ congnaṁ uaiḋ 'ná ṫainic air an
m-ball seisear ó ḃaile áiriḋe de'n dúiṫ¬
ċe réiḋ leis an obair ṁillteaċ a ṫosuġ¬
aḋ, Go gasta, díocasaċ, ċuaḋdar
steaċ agus reubadar rómpa, ag caṫaḋ
amaċ an troscáin agus ag strócaḋ a¬
nuas dín an tiġ. Ní raiḃ sé d' ḟoiġid
aca fanaċt go m-beiḋeaḋ a m-béiliḋ iṫ¬
te aig páistiḋiḃ a ḃí preuċta le ocras,
ṫógadar ó 'n g-croċa an pota in a raiḃ
stirabóta aig bruiṫ agus teilgeadar a¬
maċ ṡé air an t-sráid, Dá réir sin,
níor ḃ' iongnaṁ air biṫ n-diu daoine na
dúiṫċe seo a ḃeiṫ aig breiṫ faḃáltais
air a ċéile,
'Nois, a d-taoiḃ an ċís, ṫainic sinn
ellug in a ċéile, agus rinne sinn suas ar
n-inntinn á ḋul ċuig oifige an agent, Mr
Bnrk, agus coróin ins an b-punt lascan¬
aiḋ d' iarraiḋ. Ċuaiḋ sinn ann, sé
feara fiċead dínn, agus mé féin a laḃ¬
air leis an dúine uasal. Ṁíniġ mé ḋó
fáṫ ar d-teaċta agus an cíos a ḃí rún
againn d' íoċ, Ṫairig sé trí scillingeaċa
ins an b-punt dúinn. Duḃairt mé leis
go d-tiuḃarfainn cíos bliadna ḋó, sé
ṗunt, an cíos a ḃí air an ngaḃaltas sul
a d'árduiġ Jackson ṡé go naoi nguinea,
"Ní leis an talaṁ," ar mise, "ṡaoṫruiġ¬
im an cíos, ní ḟáiġim air ċnoc nó air
