(33)
6Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 9.
ABRÁN.
1888.
SGEILÍN BEAG EADRAINN FÉIN.
Do réir cosaṁlaċt na n-aimsire, tá
Éire ċo fad ó Féin-riaġla a's ḃí sí a-
riaṁ. Mar duḃairt an t-Aṫair tír-
ġráḋaċ Ua Caogáin, fuair Éireannaiġ
buntáisde ḃeag le goirid a d-taoḃ na
talṁan, aċ cia 'n ṁaiṫ go h-iomad na
n-daoineaḋ na lascainiḋe talṁan, de
ḃriġ naċ ḃ-fuil aon tálaṁ acu. Ach tá
áḋḃar suime ṁóir ag an g-cine go h-uile,
i m-baile 'sa g-cian, i saoirseaċt na tí-
re. Dá m-beiḋeaḋ saoirse agus Féin-
riaġla aig Éireannaiġiḃ 'sa m-baile ḃeiḋ-
eaḋ meas orrṫa ins gaċ ceárda de 'n
dóṁan, aċ anois, 'nuair naċ ḃ-fuilid aċ
'na n-iarbaillín suaraċ greamuiġṫe do
ṫóin an t-Sasanaiġ, ní'l meas orrṫa no
suim ionnta. Is mó tá muidne i g-crúḋ-
óige Féin-riaġla i n-Éirinn ná ar g-cinne
'sa m-baile. Tá 'n talaṁ acu-san níos
saoire ná ḃí sé 'riaṁ, aċ tá muidne
scapṫaḋ air fuid an doṁain gan áit
ṡeastaḋ ameasg na g-cinneaċa.
Is sí an teanga fréiṁ agus geug na
Féin-riaġluiġeaċta, agus is sí an cloċán
í buḋ ċóir a ṫeanntuġaḋ i n-aġaiḋ na
síonta atá d'a treasgairt le na ceud-
taiḃ bliaḋain. Tá sé g-cumas Éireannaċ
an cloċán seo a ċosnaḋ, gan pileur a
losgaḋ no cloiḋim a ṫarraint. Ċuir-
feaḋ an dream ata stiúraḋ Féin-riaġ-
la na h-Éireann i n-diu a g-cuiṁne ḋuit
"gaisguiġeaċ" a ḃeiḋeaḋ ag iarraiḋ
troda nuair a ḃeiḋeaḋ fios aige, naċ
ligfeaḋ na daoine i láṫair air aġaiḋ é
agus a d'eulóċaḋ air ċúl an doruis
'nuair a ḃeiḋeaḋ uain troda aige.
Tig le léiġṫeoiriġiḃ an Ġaoḋail, ní ṡé
aṁáin teanga na h-Éireann a ċosnaḋ, aċ
saoirse na tíre do ḋearḃfaḋ; agus tig
leo é seo a ċuimsiúġaḋ ṫré craoḃsgaoil¬
eaḋ na teangan go fóir-leaṫan ameasg
an ċine. Cosnuiġ an teanga agus ní'l
baoġal naċ d-tiucfaiḋ féinriaġluiġeaċt
na h-Éireann.
