790
AN GAOḊAL.
AISDEAR Mc-LÉIĠIN.
III
Tá coláisde breáġ i b-Portláirge,
agus oidiḋe, tírġráḋaċa ós a ċionn.
Aiṫniġim féin roinn de na sgoláiriḋiḃ
atá ann, agus is feasaċ mé go ḃ-fuil
fonn mór aig cuid acu, i g-cás air biṫ,
a d-teanga ḋuṫċais d' ḟoġluim, dá ḃ-
fuiġdís aon ṁeaḋan nó aon caoi ċum
sin a ḋéanaḋ. Cad fá naċ d-tugtar
múnaḋ beag teagasg eigin dóiḃ? Níor
ḃeag ḋóiḃ leaṫ-uair 'san ló, giġ gur sua¬
ráċ an tamall é súd, dá d-taḃarfuiḋe
ḋóiḃ é, ní ċaillfidís an Ġaeḋilge ḃlasd¬
a atá aig cuid acu ċeana. Bíonn an
dream nár laḃair Gaeḋilge ó'n g-cliaḃ¬
án ag briseaḋ a g-ceann, dá n-dallaḋ
féin os cionn sean-leaḃar agus ag riṫ
anonn 's anall ṫríd an tír, nauir ata
faill & acfuinn acu, ag déanaḋ a n-díṫ¬
ċill leis an m-blas ceart d' ḟáġail. Ní
ḟeadar an n-eiriġean leo fá ḋeire Aċt
air an taoiḃ eile, ag so an dream óg
so ins an g-Coláisde, Uí Ċoṁruiḋe ag¬
us Uí Ḋonnaḃáin óga, ag caṫaḋ agus
ag diombailt an ṁór-eoluis atá acu air
a d-teangain dúṫċuis. Atá súil anois
go n-déanfar an scannail ṁór so a ċur
air g-cúl, ó ṫárla Easbog nuaḋ aig a ḃ-
fuil ṁór-spéis i d-teangain a ṡinnsear
i n-díoġóise Ṗortláirge le déiġionaiġe.
Ní ḋéanfar dearmad dá ainm leis an
muintir a ġráḋuiġeas ár d-teanga, má
ṫógann sé a láiṁ í a ċur air an m-bun
ceudna leis an ḃ-Fraincís agus léis na
teangṫaiḃ coigċríoċa eile. Go d-tí so,
ḃí sí díṁeasta annso mar ins gaċ aon
ċeárda eile d'Éirinn, agus tá a ṡlioċt
air an dúiṫċe ṫart timċioll, ní ċlois¬
feá focal dí ó ṁaidin go h-oiḋċe. Bí¬
onn mío-ḟonn agus drugoil orm in áit
de'n t-saṁail so, agus deifriġim aisti
ċoṁ luaḋ ar ṫig liom. Sul d' ḟágas
an ċaṫair, ṫug mé rud eile fá deara,
ioḋon, a liaċt tiġṫeaḋ ósda atá innte.
Is clos dam go g-cailltear míle punt
gaċ lá annso le póitioireaċt. Le déiġ¬
ionaiġe, buiḋeaċas le Dia, tá Connraḋ
na Croiċe ag oibriuġaḋ go maiṫ in aġ¬
aiḋ na h-ainṁeasarḋaċta a ḃí ag mill¬
eaḋ na tíre. Ní ḟeadar cia sgríoḃ an
duainín so ṡíos, aċt cuireann sé i n-iul
dúinn na smuainte do ḃí aig na daoin¬
iḃ an uair do sgríoḃaḋ é, —
Ní ḃ-fuil 'san m-beaṫa aċt mar an
taoide,
Ní ḃ-fuil i meanma aċt níḋ aon laoi,
Ní ḃ-fuil i ngráḋ aċt óige inntin'
Fíon aṁáin mo ḃuaiḋreaḋ claoiḋeann.
Ná leig uait aon am le smuaineaḋ,
Líon mo ċorn, líon go fíor;
Ní ḃ-fuil 'san m-biṫ sólás nó aoiḃneas,
I g-cosaṁlaċt le h-ól an ḟín.
Creud do ṁaiṫ ḃeiṫ ċoiḋċe air muir,
Aċt ḃeiṫ dá luasgaḋ ó ṫonn go tonn,
Creud a deir an míleaḋ mearḋa,
Fíon aṁáin tugann dam-sa fonn.
Ní ḃ-fuil mo spéis i niḋ san t-saoġal,
Ní ḃ-fuil orm aon ċás croiḋe;
Le Déiṫiḃ Olimpus geárr mo ġaol,
Ólaid nector — ólaim fíon.
An tráṫnóna ceudna ṫriallamar air
Ċorcaiġ, agus ḃíomar air ḟairrge go
maidin. Tá na daoine easblaḋaċa a¬
tá go maiṫ as, in Éirinn, aig eirġe an-
uaiḃreaċ. Ní laḃróċaidís siolla leat
dá m-beiḋṫeá ag taisdiol 'na ḃ-foċair
air fud an lae. Sin ceann eile de na
beusaiḃ Gallda atá ag teaċt go ró-líon¬
ṁar in ár measg. Do raobfá do ḋá
ṫaoiḃ ag gáire, dá ḃ-feicfeá na daoine
móra so i d-tileaḋ an ḃaid gaile ag
spaisdeoraċt, gaċ duine leis féin, a¬
nonn 's análl, siar 's aniar; agus iad
ag bualaḋ, ag bogaḋ agus ag tuitim in
aġaiḋ a ċéile do réir mar ċuir an ġaoṫ
an bád air luasgaḋ agus ag léimnead
ṫar na lonnaiḋiḃ.
NUAḊA.
Foclóir — acfuinn, means; easbláḋ¬
aċ, independent, well off; diombailim,
I waste; drugoil an míoḟonn, disgust
lonnaiḋe, billows; siolla, syllable; til¬
eaḋ, the stern.
Tig le "Nuaḋa" sgeul inseaċt go h-
an ṁaiṫ ; ḋreaċiḋ sé na "daoine móra"
go fírinneaċ. B'ḟéidir go raḃ seisean
a "bogaḋ," go simplíḋe ameasg na m-
buiḋeán a ḃí air ḃord luinge 'sa ḋá
láiṁ air ċúl a droma, aċ tá sé cinnte
náraḃ a ṡúile nó a inntinn díoṁaoinaċ
