AN GAOḊAL.
791
NEAṀ.
An Treas Roinn.
(Continued from page 756)
Do ṡílfeá go m-buḋ doṫaineaċ neaṁ
do ḃeiṫ n'áit suaiṁnis agus luaṫġáire,
aċt ní ṡeaḋ. Tá taḃartas eile aig Dia
aig fanaṁain linn ann sin; óir tá Neaṁ
mar an g-ceudna n'áit glóire. Deir
naoṁ Pól : Glóir, onóir, agus síoṫċán
do gaċ uile ḋuine a ġniḋeas go maiṫ.
Is áit ġlóire a tá a neaṁ ní ṡé aṁain
de ḃriġ go ḃ-fuil Dia ann sin in a ġlóir
agus go ḃ-feicfimidne an ġlóir sin, aċt
arís de ḃriġ go m-beiḋmid féin glóruiġ¬
ṫe san áit sin, glóruiġṫe a g-corp agus
a n-anam. Iompuiġeamaid anois ar
súile air an n-glóir an-ḃáraċ fíor úd a
tá ṫart-timċioll na naoṁ air neaṁ. Aig
feuċain le súiliḃ líonta le iongantas
air ġlóir na ḃ-flaiṫeas is féidir linn an
áit sin a ċur a g-cosaṁlaċt gáirdín
breáġ, bláṫṁar darab Dia an garraiḋ¬
eadóir agus ann a ḃ-fuil gaċ naoṁ na
sgoṫ áluinn do réir an oiread grása
do bronnaḋ air nuair a ḃí sé 'san t-
saoġal so, agus do réir an nós ann ar
ġlac sé go buiḋeaċ an grás so agus ar
iompuiġ sé é go h-aireaċ ċum leasa a
anama. Dearcamuis air ġlóir cuide
de'n droing ḃeannuiġṫe air neaṁ. Air
tús, ġlóir Iosa Criosta. Feudamuid
glóir Iosa Críosta do ḃreaṫnuġaḋ le
n'ar súil air a ḋiaḋaċt mar duḃramar
ċeana. Aig breaṫnuġaḋ air ġlóir Iosa
Críosta mar Ḋia, ciḋmid go ḃ-fuil an
ġlóir so o ṡíoruiḋeaċt go síoruiḋeaċt.
Mar eiriġeann sí as a nádúr ḋiaḋa, ní
féidir leiṫe éiriġe níos lúġa na níos
mó na tá sí. Aig feuċainn air ġlóir
Iosa Críosta mar ḋuine, ciḋmid go raḃ
tús aici, aċt gur n-árduiġeaḋ í, agus
gur cuireaḋ í os cionn gaċ uile niḋ air
neaṁ aċt Dia féin. Air neaṁ is glóir
dúinne breaṫnuġaḋ air a ġlóir-san,
feuċain síos a n-doiṁneaċtaiḃ a ṁór¬
aċta, a ḟeicsin na ṡuiḋeaḋ air ḋeis
láiṁ Dé, a aṫair, eudaiġṫe a g-cuṁaċt
agus a m-breáġaċt. Cifimid bualaḋ a
ċroiḋe ġlórṁair a tá sarlíonta leis an
ngáirdeaċas iongantaċ a ḃriseas amaċ
ó ḃlollaċ na Tríonóide Ġlórṁaire.
Ṫart timċioll air tá na mílte a ċean¬
nuiġ Sé ó'n b-peacaḋ agus ar áilniġ Sé
le na ċuid fola. Tá A ċolainn sar-iom¬
lán, agus níos lonraiġe na grian air
biṫ, tugann solus do na flaiṫeasaiḃ air
fad. Cad fáṫ a ḃ-fáġann Sé an oiread
seo glóire? Éist le fearsaid de'n aḃ¬
rán ḃinn sin a tá aig deunaḋ macalla
tré arsaiḃ na ḃ-flaiṫeas & inneosaiḋ
sé ḋuit cad fáṫ. Deir an Ġlór: "Is
fiúntaċ Ṫú a Ṫiġearna an leaḃar do
ġlacaḋ agus a ṡéalaiḋ d'ḟosgailt, de
ḃriġ gur cuireaḋ ann báis Ṫú agus gur
ċeannuiġ Tú sinn le Do ċuid fola."
Uime sin, is fíor gur b'iad a luaiḋ¬
eaċda mar fulangṫóir air talṁain aon
bun-ḟaṫ fa 'r bronnaḋ air Iosa ann a
nádúr ḋaonda an ġlóir is áirde air
neaṁ. Cuiṁniġ: luaċ-saoṫair air Neaṁ
air son fulangtais air talṁain. Anois
feuċ air ġlóir na Maiġdeana Beannuiġ¬
ṫe. Is Sé Íosa Riġ, agus Muire Bean-
riġean, na ḃ-flaiṫeas. Ní'l aon ġlóir
níos mó ná a glóir-san a n-áilneaċt a¬
gus a n-oirḋearcas aċt glóir Íosa a¬
ṁáin. Air a brollaċ tá seoid naċ féi¬
dir bárr a breiṫ airṫi le breáġaċt. Air
an t-seod so tá sgríoḃṫa a trí príḃ¬
léid. Is iad so: Muire a geineaḋ gan
peaċaḋ, Muire maṫair Dé, Muire
Maiġdean. Is leiṫe-si aṁáin na trí
priḃléide so. Goireann Íosa, a ṫug A
ċolain ona colain-san, maṫair airṫi. An
féidir linn glóir air biṫ cruṫuiġṫe do
ċoimsiuġaḋ níos mó na a glóir-san?
Aċt ni ona priḃléidiḃ a ṫigeas iomlán
a glóire. Do tugaḋ mórán de'n ġlóir
sin duiṫe de ḃriġ go n-deárnaḋ sí toil
Dé air talṁain go réiḋ, agus le iomlán
a croiḋe agus a h-anma, agus uime sin
do cúitiġeaḋ í le árd-ġlóir. Do ḃí sí
dílis go h-eug. Do ċuir sí a ngníoṁ
mian Dé a niḋṫiḃ buḋ searḃa agus buḋ
dócaṁlaiġe do nádúr ḋaonda. D'ful¬
ang sí; uime sin ṫug Dia mórán onóra
ḋuiṫe, agus ainm os cionn gaċ ainm eile
aċt aṁáin ainm Íosa. Cuiṁniġ: luaċ-
saoṫair air neaṁ air son fulangtais
talṁain.
Is féidir linn anois ar smuaintiġṫe
