(36)
6
Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 12.
OĊT-ṀÍ,
1888.
Leis an uiṁir seo críoċnuiġṫear an
Seisṁaḋ Rolla de'n Ġaoḋal agus an
seaċtṁaḋ bliaḋain d'a aois. Ba ċóir
go m-beiḋeaḋ an seachtṁaḋ rolla críoċ-
nuiġṫe anois Cia 'n fáṫ naċ ḃ-fuil?
Tré leisgeaṁlaċt agus failliḋe a ċon-
gantórṫa. Tá fios aig gaċ duine naċ
féidir páipeur mar an Gaoḋal a ċur
amaċ gan cosdas. Cia 'n ċaoi, mar
sin, a m-beiḋeaḋ súil uca seo nár íoc
air a ṡon le trí bliaḋanaiḃ go maireo-
ċaḋ sé? Agus iarramuid air gach Éir-
eannaċ a ḃ-fuil sé cóir no ceart an t-
ualaċ a leagan orrainn-ne agus air an
m-beagán congantóiriḃ fíora a tá ag-
ainn. Tá fios aig gaċ duine a ċuireas
bárr sa talaṁ go g-caiṫfiḋ sé aire a
ṫaḃairṫ ḋó más mian leis é ḃeiṫ tor-
aṁuil. Air an nós ceudna, más mian
le Éireannaiġiḃ saoṫar na teangan a
ḃeiṫ toraṁuil caṫfiḋ siad aire ṫaḃ-
airt ḋó. Ní'l aon dul uaiḋe seo acu.
Deirtear go n-déantar failliḋe do
ṡaoṫar na teangan de ḃriġ naċ ḃ-fuil
aon airgiod ann. B'ḟéidir go ḃ-fuil go
leor de'n ḟírinn in seo, aċ ta sé cinnte
go ḃ-fuil go leor daoineaḋ ṫírġráḋaċ
aig oibriuġaḋ go diṫċiollaċ i saoṫar na
teangan naċ ḃ-fuil súil le luaċsaoṫair
aca aċ an obair a ġniġeadar. Feictear
a n-ainmneaċa san nGaoḋal ó am go h-
am, ⁊ is í an ċaill is mó naċ ḃ-fuil a
n-uiṁir níos iomadaṁla. Tá go leor
eile, ṫré failliġe, nár íoc píġinn air son
an Ġaoḋail le trí bliaḋanaiḃ. Anois,
cia a measann na daoine seo a ḃ-fáġ-
ann muidne an ṁaoin le caṫaḋ na
ḋiaiġ? no b'ḟéidir go saoileann siad
go ḃ-fuilmid baint ar m-beaṫa as an
nGaoḋal! Ma ṡaoilid táid a dul a-
múġa go h-an ṁór. O ta muid 'nann an
Gaoḋal a ṫionsglaḋ ta muid, mar an
g-ceudna, nann ar m-beaṫ ṡaoṫruġaḋ
gan a ḃeiṫ d-tioḋlamaiḋe déirce na m-
boċt. Sí cúis na teangan cúis na h-Éi-
reann, ba ċóir breaṫnuġaḋ uiri mar sin
