AN GAOḊAL.
827
PÁDRUIC CONĊÚḂAIR.
(Another translation by Prof, Lovern has been published
in THE GAEL.)
Vol. V. p. 683.
Buḋ é Pádruic Conċúḃair an t-anḃruiṫ garsúin,
Agus ṡeas sé sé troiġṫe a's oċt n-órlaíġe:
Ḃí a ċuisle ċo raṁar le h-uaċtar ceaṫraṁan,
Do ba é Pádraic bu ṁó agus ba ċóraíġe.
A's ḃí gruaig air ċo duḃ le sgáṫ anns an oiḋċe,
Mar ċlúdaiġ sí créaċda ḃí líonṁar ó ḃruiġeanaiḃ,
'S ḃí a ġuṫ mar an tóirneaċ — doṁain, fuaimneaċ a's treun,
A's a ṡúil mar splanc soluis, ag eiteall faoi neul.
Ḃí gráḋ na m-ban óg' air, ḃí sé ċó síḃialta,
A's milis 'nuair b'áil leis, mar ḃí sé ċó diaḃalta,
Ní raḃ cailín d'a ċrosdaċd faoi ċúigdéag air ḟiċid,
Ná feudfaċ meallaḋ, ḃí ṫeanga ċó cliste ;—
Aċt d'á ṁéid na mná deasa do leag air smiodġáir,
Ḃí aon óigḃean aṁáin ġaḃ a ċroiḋe ós a m-bárr,
Ċó teiṫ leis an n-gréin a's mar ċarruig siúráilte,
Ḃí a gráḋ a g-croiḋe Ċonċúḃair, go doṁain diongṁáilte.
Ġeoḃfaċ bás air aon ḟiod-ġáir ó Ċaitlín ní Ḃriain,
Ḃí a ġráḋ, mar an leoṁan, a's a ḟuaṫaḋ ċó treun,
Aċt ḃí Míċeál Ua h-Anláin a n-gráḋ léi ċó maiṫ,
'S ḃí a ġráin air Ċonċúḃar, ḃí mar ifrionn le neart.
Ṫóġaiḋ a h-aṫair Ua h-Anláin, mar ḃíodar d'aon ṗáirtí,
Clann Ṁurċú, Clann h-Anláin, Clann Ḃriain 's Clann Cár¬
(ṫaiġ,
Agus ḃíḋdís le ċéile ag cáine Ċonċúḃair
Mar buḋ ṁinic do ṫug sé ḋóiḃ bualaḋ go leor.
Duḃairt Ua h-Anláin, a ḃ-fiaḋnuise an Ḃrianaiġ, gan sgiṫ,
"B'áil liom d'ingean do ṗósaḋ ;— má ṫugair dam í,"
Do ḋéanadar cleaṁnas, a's ḃí ċuideaċta ann,
'Nuair a ṫainic an Inid ;— trí ċéad má ḃí ceann;
Ḃí ann, buiḋean h-Anláin, buiḋean Ṁurċú, a's búiḋean Ċar-
[ṫuiġ,
Cailíníḋe a's buaċaillíḋe 's gasraíḋe de'n ṗáirtí,
Ḃí Brianaiġ an lá úd, go líonṁar 'san h-alla,
Na píobaíḋe d'a séide, 'san ḃilín d'a greada.
Ḃí béiceaċ 'gus léimneaċ, aḃráin a's meir-ríngce,
An t-aos-óg 's na sgolóig a daṁsa air a b-poinnte,
Agus ḃíodar ag gáiríḋe ;— mar b'áil leo an cor,
'Nnar ḋéan h-Ánláin ḃloc-magaiġ de Ṗádraic Ċonċúḃair.
Ḃí caint agus sgige air faid ḃóird na féise
Ag iṫe 's ag ól a's ag folaṁúġaḋ miasa,
Ḃí píob'reaċd, fidlínteaċd a's géimneaċ d'á ṫréine,
Gur ḋóiġ leat do ċeann ḃeiṫ d'á sgoilt as a ċéile.
"Ciúineas," ġlaoiġ an sagart, — "cuiriġ stop leis an ġreann,"
,S do ṫóg an leaḃar deas-ġnáiṫ ċum an ġnóṫa, ḃí ann,
