AN GAOḊAL.
839
an
mar ḋeunfaḋ féileacán. Ċuir mise mo
ġunna plaosgáin le mo ṡúil mar ġiḋeaḋ
go ngeoḃainn urċar air. D'imṫiġ sé
sgaṫaṁ beag eile, agus lean mé ḋó, ag¬
us mo ġunna le mo ṡúil. Aċt, le sgeul
fada ḋeunaḋ geárr, riġne mé dear¬
mad air an méis agus coileaċ de ċineál
na lorgan ḟada, agus deireaḋ noċduiġ¬
ṫe, air a raḃ péire buataiseaḋ go naċ
d-toċlóċaḋ sé na h-uinniúin no na plan¬
diḋ cabáiste agus meacan.
Léim sé suas air ṫaoḃ na méise agus
ṫuit sé air an g-carraig.
'Nuair a ḃreaṫnuiġ mé ṫarṫ ḃí an
ṁias imiġṫe. Air teaċt ṫar air ḋam
ċonnairc mé go raḃ sí briste 'na ḋá
leiṫ; agus ḃí banḟéis ag na cearcaiḋiḃ
agus ag na laċainiḃ ag slugaḋ an leite,
de ḃriġ go ḃ-fuil sé folasaċ, mar atá
sé ráiḋte "Gur ocraċ 'n dá niḋ, cearca
Saṁraiḋ agus coiliġe Fóġṁair." Ċon¬
nairc mé naċ d-tiocfaḋ liom an leite
do ṡáḃáil, agus ṫosuiġ mé'g losgaḋ le
mo ġunna plaosgáin gur ċaiṫ mé mo
ċuid piléir go h-uile.
Buḋ ġeárr go d-tainic sean ċráin
ṁuice Ḃriain Uí Ċonċuḃair a raḃ na
seaċt m-báis uirri leis an ocras, mar
ḃí sí tógḃáil ḋá ċeann deug de ḃainiḃ.
Ḃí sí caol, cnáṁaċ agus ċoṁ gránda
go scanróċaḋ sí na préaċáin as páirc
ḟóġṁair. Ċaiṫ sí a smut 'sa leite a-
steaċ go d-ti a ḋá súil, agus ṡluig sí
cúpla lán a claib, agus d'éiriġ sí air a
ḋá cois deireaḋ agus leig sí scréaċ
mar ḋeunfaḋ fíor-asal; agus riṫ sí
siar an bóṫairín agus asteaċ 'sa scio¬
ból, agus ṡín sí siar, agus fuair sí bás
faoi ċeann uair a ċloig.
Buḋ é sin an lá duḃ ḋamsa; an ṁias
briste; an leite air fán, agus bainḃ
Ḃriain Ui Ċonċuḃair 'na n-díṫleaċdaiḃ,
gan ṁáṫair. Mallaċt air an dreóilín,
buḋ h-é buḋ ċionntaċ leis an mí-áḋ a
ċur orm an ṁaiḋin ġeal, ṡaṁraiḋ úd
Ní ḋeunfaiḋ mé dearmad ḋe go d-téiḋ
trí ṡluaisde 'n ḃáis orm.
Ḃí go maiṫ agus ní raḃ go h-olc go d-
tainic siad ċum ċeudṗroinne. Ḃí an
ṁias briste agus an leite sluigṫe, sca¬
pa ṫart air an maċaire, agus mise am'
ṡuiḋeaḋ air an m-bac ag caoineaḋ mar
ḃean síġe.
B'éigin dóiḃ a ḃeiṫ i n-deasḃaiġ leite
an ṁaidin sin, agus arán, uiḃeaċa agus
baine d'iṫe.
Aċt 'nuair ṫainic an oiḋċe ḃí ḋá
ċeann, air an tráinín agamsa; aċt
beannaċt Dé le h-anam mo ṁáṫair ṁór,
Caitilín Ḃán ní Ṡeiriodáin, 'nuair a
ṫainic mo ċúis air aġaiḋ, ṡeas sí suas
air mo ṡon mar ḋeunfaḋ fíor-ḋlíġea¬
dóir, agus ṡaor sí mé ó'n m-bualaḋ a
b'ḟeárr d'ar ṫuill mé ariaṁ.
Slán leis an sean t-saoġal agus lae¬
ṫiḃ m'óige; tá mo ḋaoine 'san g-cré in
Éirinn agus mise annso, a ḃ-fad ó ḃaile,
ag troid air ṡon mo ḃeaṫa.
Go Saoruiġ Dia Éire!
Mr. Edward Lynch Blake of Ballinrobe co. Ma¬
yo, writes, —
"I read in the Sunday Democrat that your Society
is teaching Irish. I have a large collection of MSS
Traditional Stories in the Irish Language. They
have been collected from the peasantry of the four
Provinces. Some of them were collected by my
father, and the remainder I have collected myself.
I thought I would be able to get them published
in book form but I regret that I am prevented by
illness. The stories have never been published,
and I think it a great pity that they should be lost
I have altogether 127, besides a lot of poetry, old
sayings and nursery rhymes. I will give you the
names of some of the stories. —
Macanna Mór. He was a prince in
the shape of a cat. The cat when dy¬
ing said, —
"Taḃair sgeul uaim a ḃaile go Lead¬
aiḋe na Luaiṫe gur ṁarḃuiġ O'Ceallaiġ
Ríġ-ċat na Cruaiċe."
It is a long story and occupies about
twelve pages of foolscap.
An Ceannaiġe Fionn; An Caisleán air
Sáile; Caisleán na Circe, a story of
Lough Corib; Caisleán na Cailliġe, a
story of Lough Masg; An Conán Maol
An Mada Ruaḋ; An Ċailleaċ Ḃeuraċ;
Mac Ríġ Ċonnaċta agus an t-Éun
Ceóil Binn; Cú Bán an t-Sléiḃe agus
Mada na n-Oċt g-Cos ; Mac Bran-Duḃ
Ríġ Laiġean agus Cailleaċ na ḃ-fiacal
Fada; Noaṁ Pádraic agus na h-Ull-
ṗéiste; An Cú Duḃ agus an Gearr¬
ḟiaḋ Bán; Doṁnall na Gréine; Púca
