(2)
7Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 2.
GIONḂAR,
1889.
I g-cathaṁ na míosa seo fuaireamar
misneaċ ṁór o ċongantóiriḋiḃ an Ġao-
ḋail ins gaċ ceárda de'n tír, Easboig,
sagairt agus tuatṫa ag ráḋ go n-deun-
faidís a n-ḋiṫċioll le cúis na Gaoḋail¬
ge leaṫnuġaḋ. Giḋeaḋ gur mór an t-
áḋḃar ríméid é seo — ⁊ támar rímeudaċ
as — ní'l na h-Éirennaiġ seo ag deunaḋ
aċ an niḋ atá oiblioġáideaċ orṫa, mar
Éireannaiġ, do ḋeunaḋ Mar duḃra-
mar go miniċ, ní'l aon t-soċar ḋúinn-ne
san nGaoḋal — ní iarramuid aon t-soċ-
ar as. Go d-tí seo ċailleaṁar suim
ṁór de ṁaoin agus d'aimire leis — níos
mó, do réir an ċosaṁlaċt atá in ar d-
timċioll, ná ċaillfeaḋ aon ḟear eile sa
tír.
Tá AN GAOḊAL anois air a ḃun
go daingean agus ní'l beann aige air
éinneaċ — s. s., a náṁaid, agus, naċ h-
iongantaċ le ráḋ é, ḃí go leór acu aige —
an cineál sin, faraoir! atá g-coṁnuiḋe
farsaing, ce d'iompóċaḋ Éire faoi 'n t-
sáile dá ḃ-fáġfaidís, buntáiste saoġal-
ta as.
Aċ anois ó ṫárla go ḃ-fuil an Gaoḋ-
al as cuṁaċt a náṁaid agus go ḃ-fuil
cúis na teangan buaiḋeaċ, tig leis a
ṁeura a smeaċeaḋ ag na ruidíniġiḃ
suaraċ ce ṡaoil a ġoinneaḋ, agus a ḋul
air aġaiḋ a g-cúis ṁór na h-Éireann.
Deunaċ gaċ duine a ḋiṫċioll an Gao-
ḋal a sgeiṫeaḋ ċo maiṫ as is féidir a
ḋeunaḋ. Cia'n fáṫ a g-cuirtear páipeur
ar biṫ air bun? Le cúis éigin a ṫaḃairt
faoi ċoṁair na n-daoineaḋ. Agus naċ
ḃ-fuil sé dlíġte de'n ṁuintir a deir go
ḃ-fuilid diṫċiollaċ a saoṫar na cúise
sin a b-páipeur a sgeiṫeaḋ go fóirleaṫ-
an air fud na tire. Muna n-deunfaiḋ
siad seo ní ṫig leo a ráḋ go ḃ-fuilid go
fírinneaċ a saoṫar na cúise.
Ní'l cineaḋ faoi 'n gréin níos faill
iġe d-taoḃ a d-teangan ná cineaḋ na
nGaoḋal. Cad fáṫ? I n-aineolgaċt!
