850
AN GAOḊAL.
AN REILEOLAĊ.
Vocabulary.
breaṫnuġaḋ observing, bra-noo,
caṫraċ, gen. of caṫair, city, cahir.
coice, mysteries, koikhe.
coitċíonta, common, koitheentha.
éist, listen, ayisth.
gárṫaiġil, bawling, gawrheel.
gnáṫaċ, customary. gnawhaugh
grinn-ḃreaṫnuġaḋ, prying
into,
grinvranoo
imeil, dat. c border, edge, im-il.
leur, perceive, lheur.
réileolaċ, astronomer, railolaugh
seaċránaċt, wandering, shaughrawn¬
aught
sgreadaċ, screeching, sgradhaugh.
speurṫaḋ, gen. c. sky, spareh.
taḃarṫa, given to, thowr-ha.
tuitim, act of falling, thitim.
Buḋ gnáṫaċ le Réileolaċ siúḃal amaċ
gaċ oiḋċe a breaṫnuġaḋ air na reul¬
taiḃ. Mar do ḃí sé ag seaċránaċt
oiḋċe áiriġṫe in imeil na caṫraċ agus
a smuainte go h-uile taḃárṫa do'n
spéir, do ṫárlaiḋ ḋó tuitim síos i d-to¬
bar. Ag glaoḋaċ agus sgraideaċ ḋó
do riṫ duine a ċualaiḋ a ġárṫaiġil
suas aige, agus nuair a d'éist sé le na
sgeul, duḃairt, "A ḋuine ċóir, mar a
táir air ṫóir coice na speurṫaḋ, ní
leur duit na neiṫe coitċíonta atá faoi
do ċosaiḃ"
THE ASTRONOMER.
An Astronomer used to walk out every night to
gaze upon the stars. It happened one night that,
as he wandered in the outskirts of the city, with
his whole thoughts rapt up in the skies, he fell in¬
to a well. On his hoRoaing and calling out, one
who heard his cries ran up to him, and when he
had listened to his story, said, "My good man,
while you are trying to pry into the mysteries of
heaven you overlook the common objects that are
under your feet."
The moral of this Fable is applicable
to those Irishmen who soar to the sky
for English sympathy and neglect to
close the wells which are daily swall¬
owing their nationality.
We seat three hundred postal cards in Gaelic to as
many of our readers as Xmas greetings, and got in
retumn 197, tolerably well written.
TOḂAR NA n-INĠÍNE CÚL-ḂUIḊE,
Le
LAIĠNEAĊ,
(Continued)
[We promised last month something from the pen
of Laighneach that would be interesting — It is con¬
tinued here. The distance is too far to send 'proof.'
So if there be errors they are ours — Ed.].
muintir na tuaiṫe.
Nuair do friṫ fios ceart air an áḋ¬
ḃar fá d-tainig Naoṁ Pádraig go h-Éi¬
rinn, agus nuair ċonnaic na daoine mar
éiriġ leis, ṫainig imniḋe air na draoiḋ¬
ṫiḃ do réir mar ḃí a g-cuṁaċt ag dul
air g-cúl, agus d' imṫiġ siad leo do na
cearnaiḋiḃ bu ṡia siar, mar ṡúil go ḃ-
feudfaidís cuid éigin d'a sean ċúṁaċt
a ċongḃáil, an tráṫ naċ m béidís i ḃ-fo¬
gus do'n Ċríosduiḋe eagluiġṫe. Aċt
níor ḃ' eagal le luċt leanaṁna Ċríost
aon ġuais nó gaḃaḋ ḋ'a raiḃ rómpa;
agus ṡáruiġ siad gaċ dócaṁal ag scar¬
aḋ soluis an t-slánuiġṫe ameasg muin¬
tire na sléiḃteaḋ bu ġairḃe féin; agus
ba luġa gaċ lá uiṁir na luċta leanaṁ¬
na agus uiṁir na n-ioḋbairt timċioll
altóir n-Draoiḋṫeaḋ.
Ameasg an ḃeagáin do ḃí dílis fós
do'n t-seandraoiḋeaċt, do ḃí an taois¬
eaċ dorċa Doṁnall. Do lean an fear
teann cogaṁail so go dlúṫ creideaṁ a
ṡinnsear, agus ṫoirmisg sé iompoġaḋ a
ṁuinrire go h-éifeaċtaċ le gaċ searm¬
óntuiḋe, do ġeaḃaḋ ann féin ṫeaċt faoi
n-a ċumas, a ċur ċum báis láiṫriġ. Do
ḃain paisde mór talṁan leis, agus cia
gur ḃac a ḋanarḋaċt na searmóntuiḋ¬
ṫe o ṫóruiġeaċt iompuiġṫeoir 'na ċóṁ¬
ursanaċt, bu ṁór an cráḋ leo é ḃeiṫ
na Ṗágánaċ; bu ḃláṫ air iarraiḋ o ḋo¬
sán de a anam. I g-ceann tamaill do
ṫairg aon ḃráṫair aṁáin, sean-ḟear bu
ṁór ceannsaċt agus naoṁṫaċt, cuairt
a ṫaḃairt air an taoiseaċ uaḃásaċ so, &
d'imṫiġ sé air a aisdear uaigneaċ con¬
taḃairteaċ ameasg urnuiġṫeaḋ an
ċoiṁṫionól go n-eireóċaḋ leis agus go
ḃ-fillfeaḋ sé slán.
Ḃí beirt ċlainne aig an taoiseaċ,
mac agus inġíon. Buḋ h-óglaċ fialṁar,
