AN GAOḊAL.
851
calma, árdeagantaċ an mac. Bu cail¬
ín donn áluin an inġíon; agus an t-aṁ¬
arc doiṁin meaḃruiġṫeaċ úd na ṡúiliḃ
a réiṁinnseas, deirtear, bás go n-óg.
Ḃí gráḋ, agus aḋraḋ beagnaċ, uirṫi aig
a h-aṫair agus a ṫreiḃ go léir. Ḃí sí
mar ḃainrioġain ós a g cionn uile — 'gá
riaġluġaḋ leis an g-cumas doiḟeicsiona
sin ḃiḋeas i g-coṁnuiḋe aig inntinn lái¬
dir ḋaingin ós cionn intinne fuadaraiġe
mí-riaġalta. Do luaḋaḋ í le Gríoḃṫa,
taoiseaċ óg eile sa g-cóṁursanaċd a¬
gus ḃí an ceangal so naoṁuiġṫe aig
fíor-ġráḋ d'a ċéile; ní raiḃ siad ag
fuireaċ aċt go d-tiocfaḋ an t-Árd-
draoi ċum an pósaḋ do ċríoċnúġaḋ.
Bu ġeal ciuin an traṫnóna é i mí-
ṁeaḋain an ḟoġṁair, agus do réir mar
ċaill an spuer ġorm a lonnraċt, ḃí sé
d'a ḟoluġaḋ ag daṫaiḃ & ag líṫiḃ dia-
ṁaire, a líonfaḋ croiḋe an ḃreaṫnuiġ-
ṫeóra le córruiġeaċtaiḃ neiṁċinnte
neiṁḋealḃṫa. Ḃí na realta — grianta
doṁan eile naċ n-ainmniġṫear — sgap¬
ṫa ṫríd an maċaire neaṁḋa so; agus
do ḃreaṫnuiġ an ġealaċ anuas air a
dealraḋ féin in uisge ciuin an tobair.
Do ḃí an taoiseaċ, in éinfeaċt le n-
a ṁac féin agus Gríoḃṫa as baile ó
ṁaidin ag sealgaireaċt an ċarr-ḟiaiḋ
a measg na sléiḃteaḋ fraoiċ. Agus
anois air an taoiḃ ṫall de ċaisleán
Ṁic Ġaṁna, ċloisfeá glaoḋ mear an
ġaḋair agus aḋarc na sealgairiḋ ag
teaċt a ḃaile Ṡeas Fíola le geata an
ċaisleáin ag feiṫeaḋ air a gráḋuiġ¬
ṫeóir, agus i g-ceann taṁaill, meallta
amaċ aig spiorad na h-oiḋċe, ṡiúḃal sí
go seaċránaċ i solus ómra na gealaiġe,
agus air n-dul treasna an ḟéir ḃláṫaċ
síos do'n ġleann ċiuin, ṡuiḋ sí síos go
neaṁṡuimeaṁail ag an tobar.
Le cumas na h-oiḋċe naoṁṫa ciuine
sáiṁe, dúiseaḋ innte smuainte air an
am neaṁaiṫniġṫe neaṁ-noċtuiġṫe le
teaċt, agus gan ḟios dí féin, do laḃair
sí amaċ iad.
"Dob áluinn í gnúis mo ṁáṫar," ċog¬
air sí, "agus do h-aiṫṫeilgṫí a h-áilneaċt
ó'n uisge ceudna so, uair. Anois tá
mo ġnúis ḟéin d'a h-aiṫṫeilgeaḋ, aċ cia
an ḟaid? Agus feuċann an ġealaċ
ċiuin anuas gan aṫruġaḋ fós. O! dá
ḃ-fuiġmís marṫuinn go deo!"
"A inġíon," duḃairt guṫ a láiṁ leiṫe,
"do rugaḋ ṫú le ḃeiṫ síoruiḋe, agus tig
leat féin an t-síorruiḋeaċt sin a ḋéan¬
aḋ seunṁar nó leunṁar."
Do léim an inġíon suas na seasaṁ,
agus d' ḟeuċ sí le pusaiḃ sgarṫa air
an duine oirḃidineaċ do ḃí os a coinne.
"O!" ġlaoġ sí, "is tusa ceann de na
Críostuiḋṫiḃ fuaṫuiġṫe. Naċ feasaċ ṫú
gur bás do ḋíol má faġṫar annso ṫú?"
"Is feasaċ mé sin, a Inġíon," d'ḟrea¬
gair sé. "Aċt do ṫóig ar Slánuiġṫeoir
ar nádúir daonda air féin agus a ḟíos
Aige go n-déanfuiḋe ioḋbairt ḟuilteaċ
Ḋe; agus cad ċuige a ḃ'eagal liomsa
mo ḃeaṫa ṡuaraċ a ċur a g-contaḃairt,
dá ḃ-feudfainn aon anam aṁáin a ġnó¬
ḋaċan as dorċadas no Págántaċta?"
Annsin, faoi ġaeṫiḃ tuilteaċa na
gealaiġe, i d-taoiḃ uisge ċogaraiġ an t-
sean-tobair, riġne beaṫa ċeannsa ar
Slánuiġṫeora, agus a ḃás leor-ġníoṁaċ
a ċraoḃsgaoileaḋ do ċluais na h-inġíne
Págánaiġe.
"O, ní ḟeudaim ḃeiṫ ag éisdeaċt
leat," a ḃris sí amaċ, " agus tú i m-
baoġal báis gaċ uile ṁóimeud. Ní
ċreidim a n-deirir liom, giḋ go g-corr¬
uiġeann tú gaċ uile ċuisle de'm ċroiḋe.
Aċt sáḃálfad ṫú más féidir liom é —
lean mé."
Do ġéill an soanduine ḋí, óir ċual¬
aiḋ sé glór na luċta seilge aig teaċt
a ḃaile aig briseaḋ ciuinis na h-oiḋċe.
Do ṫreóruiġ Fíola tamall beag as sin
é go sean-ḃoṫán i léig, foluiġṫe aig na
carraigeaċaiḃ agus ná sgeaċaiḃ do ḃí i
d-timċioll air.
"Leig do sgíṫ annso, a ṡeanduine,"
ars an Inġíon, "Ní ṫig liom ṫú ṫaḃairt
go fasgaḋ níos feárr anois; feuċad a
m-beiḋ d' easḃaḋ ort a ṡoláṫar ḋuit
annso nó go ḃ-feudfair dul air ais ċum
do ṁuntire féin."
Do leag an sagart a láṁa air a
ceann, ċrom sí faoi ḃeannaċt an Ċríos¬
tuiḋe, agus d'imṫiġ sí ċum siúḃail.
D'eulaiġ seaċtṁain ṫart, agus ḃí
