864
AN GAOḊAL.
aiṫne atá agam-sa air ṁac a aṫar ag¬
us a ṁáṫar ṁaiṫ féin, agus ní'l aon
aṁrus air doṁan agam air a ḟeaḃas
ċum céile ṁaiṫ do ḋeunaḋ."
Air ngluaiseaċt air aġaiḋ ḋúinn d'
iarr sé ḋíom an raiḃ aon sgeul nuaḋ
agam dó. Ní'l nuaiḋeaċt air biṫ agam
le h-innsinn duit," ar mise, " aċt go ḃ-
fuil an t-aṫair Maitiu ag dul air aġaiḋ
go buaḋṁar le cúis na measaraċta; tá
Dóṁnall Ó'Connaill ag tagraḋ le díog¬
ras air aṫ-ġairm na cóiṁ-ċeangaile; a¬
gus tá tráċd go m-beiḋ an féis láṫair¬
eaċ briste suas go goirid, agus go m-
beiḋ an tiġearna Seáġan Ruiséal toġ¬
ṫa os cionn na féise nuaiḋ." "Go dei¬
ṁin, a Ṡeáġain, is sé mo ḃaraṁuil slán
duit gur cuma ḋúinn-ne agus d'ár g-cin¬
eaḋ cia aca Píel nó an Ruiséalaċ a
ḃeiḋeas suíḋte 'san g-caṫaoir sdáid¬
eaṁuil sin, is mar a ċéile ḋúinn iad, a¬
gus gaċ Sacsanaċ eile aca ċóṁ maiṫ.
Tá ár d-talaṁ aca ; tá ár léiġeann tóg¬
ṫa uainn leó; tá ár d-teanga beag naċ
imṫiġṫe, agus teanga na m-buaiḋteóra
ann ár m-beulaiḃ; agus ċóṁ fíor agus
tá tusa agus mise ag cóṁnuiḋe i d-
triuċa céad íoċdaraċ uí Ċonnaill Ġaḃ¬
ra, ċóṁ fíor-san ní ċíḋfiḋ aon againn
riam aon ṁaiṫ deunta d'Éirinn leis an
tíorġráḋuiġṫeoir ṁeisneaṁuil sin,
Dóṁnall Ó Connaill, nó aon tagarṫóir
Éireannaċ eile, is cuma cia h-é."
Timċioll an ama so ṫáinic mian orm
féin gal tobac a ċaiṫeaṁ, & ċuaḋas as¬
teaċ ċum boṫáin ḃig a ḃí cois an ḃóṫair
ċum spré a ċur am' ṗíopa; mar do ḃí
dailtíneaċd ameasg na n-aos óg an uair
sinn ċóṁ maiṫ agus tá a n-diu. Mar do
ċuaḋas asteaċ cé ċíḋfinn aċt bean ṁeá¬
ḋon aosda suíḋte cois na teine ag luas¬
gaḋ cliaḃáin ann a raiḃ beirt leanḃ 'na
g-codlaḋ. "Go m-beannuiġ Dia annso
'steaċ," ar mise léiṫe. "Go m-beannuiġ
Dia agus Muire ḋuit, a ṡaoi," ar sise.
'Ṫángas asteaċ," ar mise, "ċum mo
ṗíopa do lasaḋ, a ḃean uasal, ma 'sé
do ṫoil é." "Tóg é le fáilte," ar sise.
Ċromas síos agus ḃeireas air fód mó¬
na a ḃí leaṫ-ḋóiġte agus las mé mo ṗío¬
pa.
Air leagan mo ṡúl air an g-cliaḃán
dam, duḃairt mé : "Is breáġ na leinḃ
iad so atá tú ag oileaṁuin, a ḃean ṁa¬
cánta, bail ó Ḋia orṫa." "Tá siad go
meóḋanaċ," ar sise. "An leat féin
iad?" ar mise. "Ní liom," ar sí, "aċt
is clann clainne ḋam iad agus is ċlann
do lánaṁain an tiġe seo iad, agus ní'l
aon ġaol agam-sa le lánaṁain an tiġe
seo." "Maiseaḋ," ar mise, is greann¬
ṁar agus is aċranaċ an ċeist í sin má
's fíor í." "Tá sí fíor agus ceart," ar
sise, "agus do réir dliġe Dé agus duine
mar d'inneósad duit air an m-ball."
"Ná innis aon níḋ d'á ṡórt dam, má 's
é do ṫoil é," ar mise, "óir beiḋ fonn a¬
gam ag a réiḋteaċ;" agus air ráḋ sin
dam ṫógḃas mo ċead agus ḃuaileas a¬
maċ an dorus, agus suas liom an bóṫ¬
ar gur ṫáinic me suas le Nioclás a ḃí
ag siúḃal go réiḋ ag fanaṁain liom.
Ṫugas an ċeist dó air an móimeint, aċt
ní raiḃ an focal déiġeanaċ aċt go tearc
as mo ḃeul go raiḃ sí réiḋtiġṫe aige.
Cuirim míniuġaḋ na ceiste seo ċug¬
at, a Ṡaoi, ionnas dá m-b' áil le h-aon
de léiġṫeoiriḋiḃ an Ġaoḋail iarraċd a
ṫaḃairt air í d'ḟuasglaḋ agus gan a
ḃeiṫ áḋṁaraċ, go m-b' ḟusa ḋóiḃ é d'
ḟáġail uait-se fá ḋeoiġ dá m-ba ṁaiṫ
leó é Agus anois leigfead as, ag mian¬
uġaḋ ḋuit maiṫeas na n-aimsir.
"SEANĠUALAINN."
a ḋeargaḋ
If any of our readers has no. 6 and 7 of vol.
6 to spare, we hope he will send them to us. Mr.
John M. Tierney of San Juan wants no 6, and
Major Maher, of New Haven wants no. 7. to com¬
plete their respective volumes.
Let no one say that he cannot learn the Irish
language. There is no difficulty about it, we
have a sample of how Mr. T. O'N. Russell wrote
Irish ten years ago, and yet he is a tolerably good
writer of what is called classical Irish to-day. We
shall give in the next issue samples of what Dr.
O'Duffy, who is now a professor, and other Irish
scholars in New York City, wrote some seven
years ago, and they are now the best Irish schol¬
ars in the country, and are able to take charge of
a Gaelic department in any newspaper.
The Mugwump papers ; laudate ex President
Cleveland's public policy and commend it as a
pattern for President Harrison to follow — Hardly
President Harrison may desire a second term.
