AN GAOḊAL.
875
Do cóiṁlíonaḋ go naoṁṫa an ġeall¬
eaṁain do tugaḋ ḋí, agus riġneaḋ
Críostuiḋṫe díoḃ sin go léir a ḃí ċoṁ-
ionṁun sin dí. Ṫuġ Gríoḃṫa suas a
ṁaoin agus a áirdċéim do ḋearḃrá¬
ṫair ní b' óige, agus ċuir sé coċall na
m-bráṫar air féin. Ċuaiḋ an taois¬
eaċ in a oiliṫreaċ aig taḃairt toruis
air a lán áiteaḋ naoṁṫa agus fuair
sé bás air nós leinḃ neiṁċionntaiġ.
Agus leis na ciantaiḃ ina ḋéiḋ sin, tá
an gleann ciuin úd ina áit-taiṫiḋe aig
na creidṁiġiḃ, a ġuiḋeas faoi sgáile na
g-crann, agus tá meas uisge beannuiġ¬
ṫe air uisge airgeadaṁail an tobair
ó'n am ar measgaḋ é le fuil croiḋe na
h-Inġíne Cúl-ḃuiḋe.
Críoċ an sgéil
Glossary
meall, crowd, me-uhl.
moṫuiġeaċt, emotion, mohyucht.
gleus, means, glay-uss.
creidṁiġiḃ, the faithful, kredveev.
Coláiste Naoṁ Ċaroill, Phila.
8aḋ lá deug ḋe ṁí 'n Ḟeaḃra, '89.
A Ċara ionṁuin:
Seo ḋuit aḃrán
a riġniġ fear ḋe ṁuintir Ḋoṁnaill ó d-
tuaiḋ air ḃáṫaḋ a ṁic. Tigfiḋ fear
a léiġte an deáġ ċroiḋe láġaċ buḋ dual
ḋo 'n g-clann, giḋ naċ d-tugaḋ luċt an
ḃíodáin orṫaḋ le n-a linn-san, agus air
ċineaḋ na nGaoḋal go h-uile, aċ na h-
"Éireannaiġ fiaḋaine." Faraor géar
sé 'n sean scéal céadna é g-coṁnuiġ.
Tá Éire ḃoċt faoi ċraos an leoġain 's
is truaiġ le fir an doṁain a brón-scéal
Ní'l maiṫ ag caint ná aig iaruiġ ceart
agus ní'l ḟios aig fear beo an croiḋe
cruaiḋ a tá sa nGall borb.
"Ḋuit-se go measaṁuil.
Doṁnall O'Murċaḋa.
A' ċéad ṁáirt ḋ'ḟoġṁar baḋ ḃrónaċ
torsaċ mo scéal,
Láṁ ṫapaiḋ 'raḃ cróga 'ḟáġail róṁam
ar leabaiḋ na n-eug;
Ar ċarraic na n-deor mo ḃrón! gur
ċaill mé mo raḋarc,
'S go d-téiḋ mé faoi 'n ḟód cé ṫógfas
m'aigneaḋ 'do ḋéiġ.
Mo ṁallaċt go buan fá ḃruaċ a' ċlad¬
aiġ so 'síor,
'D' ḟág osnaḋ 'nn mo stuaim a's gual
duḃ 'n-aice mo ċroiḋ;
'Sé d'imṫeaċt-sa uaim, monuar! d'ḟág
mise gan ḃriġ,
Gan miseaḋ gan stuaim mar ṡoiġead
's mé 'g imṫeaċt le gaoṫ.
Do ḋearḃráirṫe cráiḋte go bráċ ag
sileaḋ na súl,
A's ní'l ḟios cé 'n lá go bráċ a n-imṫeá¬
ċaiḋ 'n ċúṁaiḋ;
Tá d' aicme faoi smál 's is gránna
'riġniġ tú 'n siúḃal,
'S cad aige nár agar tú Parṫas le spás
ḃeag eile 'toḃairt ḋúinn?
Do ṁáṫair a's Niall faoi ċian 's is fad¬
a leo 'n lá,
A's osnaḋ 'nn a g-cliaḃ naċ léaġasfaḋ
doċtúr na leáġaiḋ;
Ar ṡolár mé 'riaṁ a's biḋ' sé cruinn
ann mo láṁ,
Go d-túḃarfainn féin uaim é mar ḟuas¬
glaḋ 's Padaiḋ 'ḃeiṫ slán.
Baḋ ċarṫannaċ fial ṫú riaṁ 's baḋ so¬
na do láṁ,
'S go m-beiḋṫeá faoi ċian mar riarfa
'd-tiocfaḋ 'nn do ḋáil;
Baḋ deasṁar do ċiall le 'ċ aon ḋe d'-
aicme 'r a' t-sráid,
'S ní ṁairfiḋ mé bliaḋain 's mé 'm-
buaiḋreaḋ d'easḃaiḋ mar táim.
Stadfaiḋ mé m'éagċaoine 's deánfaiḋ
mé géarán le cáċ,
'Fuair pileáid a's pian ar ṫaoḃ na
croiċe go h-árd;
A Ṁuire ḋá m-b'ḟéidir d' Aon-ṁaċ
'agraḋ gan spás,
Aċ guiḋim-sa Dia 'ḃeiṫ faḃraċ ḋuitse-
faoi 'n ċáin.
Is fada mo ṡaoġal 's mé 'deanaḋ géar¬
án go bráċ,
Ag coiṁeáḋ uaim síos fá ṫaoḃ a' ċlaḋ¬
aiġ 'aċ lá;
Ni'l cuideaċt aig aon mar ḃiḋeaḋ fá'n
rannaiġ so gnáṫaċ,
An Ċead Ṁáirt D'Ḟoġṁar
ṁeisniġ
deismear
