898
AN GAOḊAL.
TEAĊ NAOṀ IÓSEṖ,
Coláiste i Maġ-Nuaḋat,
Éire, '89
A Ṡaoi Ḋílis.
Ag so léiġeanna sgríoḃ mé nurraḋ
'san g-coláiste so agus cuirim ċugat
anois é le súil go g-cuirfeá i g-clóḋ
'san nGAOḊAL é. Ní fiú mórán é gan
aṁrus, diosgán beag is seaḋ é, aċt d'
aiṁḋeoin sin is féidir leat níos measa
ġaḃailt ó ógánaċ mar atáim-se nár ḃ-
fuair aon ċuid oileaṁnaċta a riaṁ; i
d teanga ar ndúṫċais aċt a ḃeiṫ am'
aonar ag iarraiḋ roinnt ḃeag di d'ḟóġ-
luim anois 's arís.
Dá ndeunfá é so ċlóḋ-ḃualaḋ ḃeiḋ-
eaḋ mór-áṫas orm, ní h-é aṁáin tre
gur teasbánaḋ mo sgríḃin i leaṫanaċ¬
aiḃ an ĠAOḊAL aċt ċeana tre go ḃ-
fuilim ag déanaḋ rud éigin ċum an
teanga ḃoċt do leasuġaḋ. D'ḟeudfainn
sgeul beag i nGaeḋilge nó aḃrán a ċur
ċugat ó am go ċéile mar luiḋtear anois
iad sa bPortláirge. Mar tosaċ a ḋéa-
naḋ ġeoḃair (má ċuirfiḋ tu d'ḟiaċaiḃ
orm le leitir) aḃrán a fuaras ó ḃeul
reaċtaire sa m-baile agus dreaċtín a
riġne mé féin i g cosaṁlaċt na searc-
dán a sgríoḃaḋ fad ó annsa Muṁain.
Ḃi fear aguinn annso a rurraḋ, Eo¬
ġan O'Graṁna, duine árd-léiġeanta i
nGaeḋilge aċt anois tá sé imṫiġṫe a-
maċ i ḃ-feiḋil oibre maiṫ a Ṫiġearna,
agus is truaiġ linn nár fágaḋ 'na ḋiaiġ
oiḋre a ḋoineantaċta ná an gráḋ lán¬
ḟairsing ḃí léir-suiḋte aige go daingion
'na ċroiḋe i d-taoiḃ na Gaeḋilge. Tá
aiṫinn agat air óir is é do sgríoḃ "Ais-
dear Mic Léiġin" san nGAOḊAL.
Is buaċaill mise ó ċondae Ṗortláirge,
am' ċoṁnuiḋe, nuair a ḃiḋim sa m-baile,
le h-ais na Siúire láṁ le Carraġ; agus
táim i Maġ Nuaḋat i g-cionn ceiṫre
bliaḋan.
Tá muiníġn agam cúntas éigin a ġa¬
ḃailt uait mar ġeall air an gnó so ċoṁ
luaṫ 's is féidir leat, agus uiḃir de 'n
Ġaoḋal.
Slán leat a ḋuine uasail, agus
beannaċt go bráṫ air d' obair.
Do ṡeirḃíseaċ neaṁ-ṫuirseaċ,
Risteird De h-Enebre.
Glossary,
diosgán, a bundle,
dhiskawn.
aiṁḋeoin, in spite of,
avyo-in
leaṫanaċaiḃ, pages,
lhahanachiv
luaiḋtear, current,
looathuir.
reaċtaire, authority,
rachthireh.
dreaċtín, a little poem,
dhraughteen
nurraḋ, lest year,
nhurhy
feiḋil, faithful,
fayil
aiṫin, knowledge,
ah-hin.
AḂRÁIN NA h-ÉIREANN, A N-OIB-
riuġaḋ air Ḃeusaiḃ na n-Éireonnaċ.
Air d-tús is dearḃṫa gur eirġe ar
n-dán filiḋeaċt ó h-intleaċt ciniḋ na h-
Éireann agus ann sin taréis cian d'
aimsir gur oibriġ an ḟiliḋeaċt sin air
ais arís ċum meanma na ndaoineaḋ g-
ceudna do ċumaḋ, ċum meisneaċ a
ḃrosduġaḋ suas in a g-croiḋṫiḃ boċta
in am daor-ḃruide agus tubaiste go
leor, agus faoi ḋeireaḋ ċum an gné sú-
gach, sulṫṁar sin a ṫaḃairt dóiḃ tre 'r
ṫuilleadar gradam agus árd-ċéim le
ceudtaiḃ bliaḋain.
Is feasaċ do 'n doṁan uile go ḃ-fuil,
agus go raiḃ a g-coṁnuiġe, dian-ġráḋ
i lár croiḋṫeaḋ Cloinne-na-nGaoḋal
air ċeol agus air ḟiliḋeaċt Anns an
t-sean-aimsir ḃí eigse agus aos ceoil
i seilḃ-réim féile agus onóra ag flaiṫ-
iḃ na h-Éireann tar oidiḋe gaċ ealaḋ-
an agus céirde eile. Ḃídis saor ó ċíos-
aiḃ agus ċeangalaiḃ le'r dioḃálaiḋ na
daoine go léir; agus bud ġnáṫ leo fáil-
te ḟairsing agus céileaḃraḋ d'ḟáġail
rómpa in gaċ áit d'a rángadar. Is mi-
nic a ċleaċtadar le n-a g-cláirseaċaiḃ
caoine i g-coiṁṫional uasal agus riġṫe
mar a ṡinndis duanta go guṫ-ḃinn ag
molaḋ gníoṁarṫaḋ agus caiṫ-réime a
sinsir agus a g-cróḋaċta i g-coṁlann
ċruaiġ. Uime so cíḋfear gur ṫoinsg-
nuiġ ar ḃ-filiḋeaċt fad ó agus go ḃ-fuil
sí coṁ-ṁaranaċ le síol Eber.
Aċt ċuaiḋ an aois sin ṫart agus ní
mian linn tuilleaḋ a ráḋ 'na taoiḃ.
Mar an g-ceudna, leigimís ṫarrainn
lán de ċeudtaiḃ bliaḋain agus ḃreaṫ-
nuiġmís aṁáin air an g-ceud bliaḋain
is fiogse d'ar n-aimsir féin. Feudfa-
