AN GAOḊAL.
899
maid feuċaint annso go h-áiriġṫe ḋá
ċineál filiġeaċta. Coiṁsiġeann an ċeud
ċineál na duanta agus na h-aḃráin
sgríoḃṫa i nGaeḋilge in ar ċaoineadar
go cumaċ eigse na h-Éireann doġrúin
agus míoḋaḋ an ṗríóṁlaoċ Séarlus
Maor a ḃí a ḃ-fad uaṫa air fán; no
in ar ċuireadar a muiniġin ins an lá
nuair ṫiocfaḋ riġ na ḃ-Frainc tar lear
ċuca le loingiḃ luaiṫ agus longṗortaiḃ
treuna ċum an Gall-ṗoc Seoirse
agus a scata méirleaċ d'ḟogairt ó'n
d-tír le sgriosaḋ fiaċṁar ionnus go
sealḃoċaḋ an deoruiḋe boċt a ríoġaċt
féin & a ṡíolraḋ 'na ḋiaiġ go deo. Do
sgrioḃaḋ an dara cineál filiġeaċta i
m-Beurla Ġalldaiḋ iar g-cailleaḋ do'n
ċuid buḋ ṁó de ṁuintir na n-Éireann
a d-teanga ḃinn, ḃlasda féin.
Foillsiġeann stáir an am úd gur ċuir
an ḃárdaċt sin briġ i ngeugaiḃ na n-
Éireannaċ ċum troid a ḋeunaḋ go cró¬
ḋa air son an seaċráiniġ nár ḃ'fiú a
saoṫar, ionnus gur ḃeag leo a ḃ-fuil
do ḋórtaḋ amaċ go fial, toilteanaċ
ḋo i g caṫa no Boinne agus air ḃallaiḃ
Luimniġ. Seal 'na ḋiaiġ sin, tar éis
buaiḋ do ḃreiṫ do'n Gall air na
h-Éireannaċaiḃ, buḋ ṁaiṫ an ċaḃair an
ḟiliḋeaċt so ċum loċrán an tír-ġráḋ a
ċonġḃáil lasda i m-brollaċaiḃ na n-deoi¬
riḋe m-boċt a ḃí díbirṫe tar fairge, &
ċum doṫċas cognaṁ d'ḟáġail ó ċoṁaċt
éigin ċoigrioċ a ṫaḃairt do na aindeis¬
óiriḋiḃ a ḃí ag fuireaċ le fulangtas a
n-dóiṫin sa m-baile.
Do rugaḋ an nuaḋ-ḟiliḋeaċt Ġall¬
daċ sul ar euluiġ an t-sean-ḟiliḋeaċt
ġrinn ġlórṁar. Air ṫosaċ na h-aoise
laiṫriġ seaḋ ṫionsgnuiġ eigse na h-Éir¬
eann a canaḋ i rioċt Beurla, agus ċoṁ
deáġ-ḃlasda sin go m b' eol le duine gur
ab é spioraid filiḋeaċta a líonaḋ an
allod croiḋṫe ar sinsir de ġáirdeaċus
do seolaḋ ċum beaṫa arís. Ameasg
lán de ċliaraiḋiḃ oirḋearca do'n t-sa¬
ṁuilt so teamuiġid go h-áiriġṫe ainm¬
eaċa O'Morḋa, O'Gríoḃṫa agus Daḃis,
gan dearmaid air aon ċor an ċaoiṁḟir
ḟíor-ġráḋṁair, Séarlus J. Cicham. Ad¬
ṁuiġeann gaċ duine a léiġeas na h-aḃ¬
ráin a sgríoḃ Ó'Morḋa, agus go cinnte
aḃráin air Éirinn, gur ḃ'ḟéidir leis ceol
do ṡinim go cliste air ċruit ċaoin a
ḋúṫċais. Le beul binn agus i m-briaṫ¬
airiḃ moḋaṁla, deáġ-ḃeusaċa, do ċaoin
sé an duḃrón fada le 'r smaċtuiġear
Éire le ceudtaiḃ bliaḋain, do ṁol sé
mórdaċt agus gaisgiḋeaċt ar n-aiṫr¬
eaċ i linn a réime, agus ḋúiliġ ḋ'a
ṫír an t-saoirseaċt sin ḃí lé cian air
cáirde. Tré ṁeud a m-binnis agus a
ngeanaṁlaċt ṫaiṫniġidear go sár-ṁaiṫ
na dánta so leis an dream is uaisle a¬
gus is léiġeanta; agus ní breug a ráḋ
gur ċorruiḋ siad daoine do'n ċineul so,
a ḃí roiṁe sin mórḋálaċ go leor asta
féin agus failliġeaċ i d-taoiḃ leasa a
g-criċe, ċum a smuainte agus a meaṁ¬
air do ċlaonaḋ le súil go réiġṫeoċai¬
dís eugċóra Ċláir Banba.
Tar na cáiliḋeaċtaiḃ air ar ṫráċta¬
mar ṡuas ḃí gné eile suairċ, greanṁar
ag filiḋeaċt O'Morḋa tré'r ceanglaḋ
go dlúṫ inntinn an ṗobuil leis na clea¬
saiḃ breáġ Gaoḋalaċa, agus ṫug ceol
agus meiḋir do na daoiniḃ boċta giḋ í¬
siol a g-céim agus a g-cás. D'a ḃriġ
sin tá cuing daingion ag O'Morḋa or¬
rainn agus beiḋ fad a lonoċaiḋ baḋ 'n
ar measg le milseaċt goṫa agus aoiḃ¬
neas ceoil.
Dob' ċoṁaimsearaċ leis an Morḋaċ
Gearailt O'Gríoḃṫa. Gráḋuiġeann na
daoine é sud mar ġeall air a sgríoḃ¬
nóireaċt ċaiḋ agus a ḋuantaiḃ ḋeáġ-
ḃlasda, ṫíoraṁla. Gion gur ṁáir sé
na ḋuine uaigneaċ, ṁacánta, fanfaiḋ
a ainm go buan-t-seasṁaċ i g-cuiṁne
fear an duiṫċe seo, óir d'ḟág sé 'na
ḋiaiġ bronntanas sólásaċ dóiḃ naċ
sgarfaiḋ leo go deo.
Is é Tomás Dáiḃis a ċuir i g-coṁair
arís an ḟiliḋeaċt cogaiḋ. Faoi n-a
ḃaraṁail san agus daoineaḋ seaċ é ni
raiḃ aon t-sliġe le fáġail a ḃrisfeaḋ
Slaḃraḋ
na daor-ḃruide a ġreamuiġeann na
daoine air éigin aċt foġa do-ċoisgṫe
i g-coṁraic neirt agus claoiḋeaṁ. Dá
ḃriġ sin, agus mar a ḃí sé 'na ḋuine
súḃáilceaċ, ní raiḃ dadaṁ aige le déa¬
naḋ aċt an cosán do leanaṁuin go dúḃ¬
raċtaċ ḃi leagaiġṫe amaċ roiṁe. Ann
