(7)
7Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 7.
FAḂRA,
1890.
LEITIR 'N MNAOI UASAL
MAIRE NÍ ḊILṀAIN.
( Ó Nuaiḋeaċt Túma.)
A Saoi, — In aisdir dá d-tugamar air
Éirinn an saṁraḋ ċuaiḋ ṫarrainn ṫár-
lá ḋá ní a ṫaisbeánas an ḟailliġe riġ-
eaḋ air an nGaeḋilge in Éirinn, agus
an aire a tugaḋ do 'n Ġaelic in Albain
Air a m-beiṫ ḋúinn i m-Brazell's Ho-
tel i m-Baile-an-riġ, i ngar do Ḃaile-áṫa-
cliaṫ, le áṫas air son a ḃeiṫ in Éirinn
arís, níor laḃramar lé ċéile aċt Gaeḋ-
ilge. Ċualaiḋ an giolla boird sinn ag-
us air ḃeiṫ ḋó ó ċúige Múṁan ṫig sé
sinn go beaċt. Ó sin amaċ níor laḃra-
mar leis aċt 'san teangain Ġaeḋilge i
d-taoiḃ na neiṫeaḋ a ḃí d' uirreasḃaḋ
orrainn. Tárla, lá ḋá raḃamar ann,
beirt óg-ḟear asteaċ ins an seomra-iṫ-
e. I n-diaġ dul amaċ ḋúinn, ( d' innis
an giolla boird dúinn arís ) d' ḟiafruiġ
an ḃeirt ḋe, "An Gearmánaiġe iad súd
a ḃí aig caint leat? "'Seaḋ," ar sei-
sean. "Maiseaḋ, is tusa an ċeud ġioll-
a boird a ċualmar a riaṁ aig laḃairt
na Gearmainse." Buḋ Éireannaiġe an
ḃeirt!
Air d-teaċt air ar n-ais ḋúinn ċaill-
eamar ar m-bealaċ. D' iarramar air
ḋuine uasal ar g-cur air ar n-eolas.
D' ḟreagair seisean, mar ṡaoileamar-
ne, i nGaeḋilge, air feaḋ ċúig moim-
eint. Air sgaraḋ leis duḃramar go
raiḃ áṫas mór orrainn faoi nár ḋear-
mad sé teanga a ṡinsir. "Aċt ní Éir-
eannaċ mise," ar seisean, "sí Gaelic
Alban a laḃraim." Seo é ciall a ċoṁ-
ráḋ.
Lé meas mór,
Máire Ní Ḋilṁain,
Aon de 'n ċuideaċt a tá a tár-
ṫáil na Gaeḋilge.
Do 'n t-Saoi Seáġan MacṖilipín.
[Is maiṫ i tá an sgeul seo innste leis
an Óiġe Ní Ḋilṁain, agus téiġeann sé
faoi ḟréiṁ na cúise. — F. G.]
