910
AN GAOḊAL.
You, Irish Notionalists, read the following from
your thirteen year old country woman of N. York
city. Are you ashamed of yourselves ? Not a bit.
Your forefathers lost that when they bent their
necks beneath the galling yoke of the Sassanach.
EAḂRAĊ NUAḊ
Uiḃir 145 anns an Seiseaḋ air
Ḟiċid Sráid Ṡoir, an 10ṁaḋ
lá de Ġionḃar, '90.
Eagarṫóir an Ġaoḋail.
A Ṡaoi Ionṁuin,
Feicim go ḃ-fuil bliaḋain ṫarrainn
ó ċuireas an ċeud litir agus bile dail¬
léir air son do ṗápéar beag sár-ḟoġ¬
lamṫa. Agus is mór an t-aoiḃnios a
ċuireann sé orm dailléir eile ċuir ċug¬
at air son an Ġaoḋail an ḃliaḋain so.
Deir m' aṫair liom a ráḋ leat go ḃ-
fuil meas mór aige ort mar tá sé an-
ċeannaṁuil air an Gaeḋilge; agus fáġ¬
ann sé ans an n-Gaeḋilge a tá ann do
ṗápéar beag in sórt do ċualaiḋ sé aig
teaċ aṫar ṫáll in Éirinn bliaḋanta ó
ṡoin. 'Nuair a ċruinnuiġeas air ċuairt
na sean-ċóṁarsanaiḃ aige annso do
léiġinn sé dóiḃ as an Gaoḋal na sgeul¬
ta breáġa ḃíḋeas ann, agus imṫiġid
siad a ḃaile le croiḋṫiḃ éadtrom, agus
aig ráḋ paidir air son an ḟir a ċuireas
na sgeulta sin ans an b-pápéar. Agus
is féidir liom an rud ceudna a ráḋ
air ċaraid eile a ṫagas in ar d-teaċ
gaċ aon seaċtṁain, sé sin, NUAIḊ¬
EAĊT ṪÚMA,
Caiṫfiḋ mé anois focal maiṫ a ráḋ
do na teagasgṫóiriḋe a tá do mo ṁú¬
naḋ aig scoil an Boḃaraoi. Is féidir
liom a ráḋ go ḃ-fuilim air aġaiḋ deiċ
m-bliaḋna anns an teangain áluin so mar
ġeall air an nós do ċúṁduiġeann siad
mé agus na pianta ṫógann siad le na
scoláire ṫeagasg ann. Mar d' innis
mé ḋuit a nurraḋ, ni ḃ-fuilim aċt ḋá
bliaḋain aig dul air scoil, agus beiḋ
mé trí-bliaḋana-deug d'aois an fiċeaḋ
lá de 'n Ṁárt so ċugainn.
Tá an litir so anois an-ḟada, agus
le iarraċt ṁór caiṫfiḋ mé a críoċ¬
nuġaḋ, mar ní furas dam stop aig
scríoḃa agus aig laḃairt Gaeḋilge,
mar ní ḃíḋeann mórán do aon seanaċ¬
as eile ans an teaċ aċt Gaeḋilge,
Le Bliaḋain Nuaḋ ṡeunṁar ḋuitse,
agus do ṁuintir Nuaiḋeaċt Ṫúma, ag¬
us do ċumann na Gaeḋilge faoi rioṫ¬
aiḋe an doṁain, sé paidir agus gráḋ
an ċaraid so,
Caitlín M. Ní Ainmneaċ
Congratulations to, and good wishes for, THE
GAEL from all sides
15 Abercorn Place St. John's Wood N. W.
London, England.
21aḋ MÍ NA NODLOG, '89.
A Ṡaoi.
A né sgríoḃas ċugat a Sacsḃéar¬
la an GAOḊAL a ċur ċugam air feaḋ
bliaḋana nó ḋó: andiaġ measaim go
m-buḋ ċóra agus go m-ḃuḋ tíreaṁala
ḋam sgríoḃ a nGaeḋilge air a leiṫid
seo d' ócáid. Dá ḃriġ sin sgríoḃaim
anois i d-teangainn mo ṡinsir. Cuir
ċugam, le do ṫoil, an GAOḊAL air
feaḋ bliaḋana nó ḋó, do réir mar riġ¬
feas an t-airgead a ċuir mé ċugad.
Ḃeiḋeaḋ sé soimeaṁuil ionnamsa
coṁairle ṫaḃairt do ḋaoiniḃ eile a d-
taoiḃ na Gaeḋilge agus an tír-ġráḋ a
ṁúsglas sí agus a neartuiġeas sí; aċt
tá sé ceaduiġeaċ a ráḋ gan oilḃéim
gur ċuir léiġeaḋ do ṗáipéir nuaiḋeaċ¬
ta ríṁiad mór orm — sgríoḃṫa mar tá
sé a ḃ-fad a g-céin !! — agus gur ṁúsg¬
al sé ionnam an dóṫċus go m-béiḋ air
a laġad cuid de leaḃaraiḃ aiṫris mo
ṫíre sgríoḃṫa an a teangainn ṁilis
féin.
Leat go h-iomlán,
CÓLMÁN O'CONGALAIĠ.
Here comes Dublin Double.
BLACKHALL St, DUBLIN.
Feb. 23, '89.
A Ṡaoi,
Do fuair mé do litir agus an dara
uiṁir ded' ṗáipeur an ṁaidin seo, agus
táim buiḋeaċ ḋíot go deiṁin.
Is mian liom anois go g-cuirfeaḋ tú
an Gaoḋal ċugam-sa air feaḋ na bliaḋ¬
na seo, ag tosuġaḋ ó 'n ċeud uiṁir
de 'n 7aḋ rolla.
