912
AN GAOḊAL.
air cuṁaċt na Gaeḋilge agus na fiaċa
atá air gaċ Éireannaċ í d' ḟoġluṁ..
Tar neaṁṫaḃaċt inṁeaḋanaċ na n-
aḃrán so do ċuirim ċuġat is feasaċ
mé go milltear fós iad le ḋá loċt eile,
iaḋon, trúilliġeaċt i g-ciall agus i ḃ-fo¬
cail de ḃriġ gur ṫangadar ċuġainn ó
aimsir bunaḋasaċ tré sliġe neaṁċruinn
míċinnte beo-ġoṫa daoineaḋ gan leiġin
ler' ċleaċtann do gnaṫ aineolus agus
failliġe in gaċ niḋ a ḃaineas le cóiruġ¬
aḋ beaċt agus coṁṫrom litireaċa. Ei¬
riġeann an dara loċt ó m' ċoir féin
óir tá inntinn díreaċ agam go ḃ-fuil
rudaiḋe beage ṫáll 'sa ḃus nár sgríoḃ
me ceart, gan ḟios dam in áitiḃ aċt i
n-eugmais euluis air a leasugaḋ in
áitiḃ eile.
Ma ċuirir aon dom' ṗáiṗeuriḋiḃ i g-
clóḋ bí toilteanaċ uiḃir ṡeolaḋ ċuġam
a ḃaile,
Is mé do ċara fíor-ḋíleas,
Risterd de h-Enebre.
Seo é Stáir Ṡeáġain Mac Ṡeamuis —
Go m-beannuiġiḋ Críoṫ duit a Ċlíona
ṁaorga,
Mar is fada an stáir a ṫángas ad'
ḟeuċaint.
Ó Ċill-Ċluṫar mar a d-tuiteann na
caorċa,
Nó ó Ġráiġ-Siona mar a ruiṫeann na
caol-ċuin.
Cia acu bean an ṡoir tú nó bean an
ṫuaiġ tú,
Nó an tú bean-siġe síoḃraiḋeaḋ Leasa
Móra?
Ní bean an ṡoir mé agus ní bean an
ṫuaiġ mé,
Ní mé bean síoḃraiḋeaḋ Leasa Móra,
Aċt codla amuiġ a riġne mé agus mé
air buaireaṁ.
Ṫainic ċugam an riġ-ḃean uasal,
Buḋ ṡia meur léi' 'ná geug óm' ġualann
Agus buḋ glaise a súil 'ná an duileaḃ¬
ar buacaċ;
Fós, fós no ar ṗós Seáġan mac Ṡéam¬
uis?
Má ṗósair é, óig ṁnaoi, bioḋ do ċróċ¬
ur ó ló agat d'a ḋéanaḋ [?]
Fós, a ḃean, cuir amaċ mo spré ċugam:
Seaċt g-ceud barraile d'airgiod reulaċ
Seaċt g-ceud eile d'óir ḃuiḋe ċraoraċ;
Seaċt g-ceud crán a's n-áilte céise,
Seaċt g-ceud gaḃar, aḋḃar a maola,
Seaċt g-ceud gandal 'sa n-annlan géiḋ¬
eana
Seaċt g-ceud beaċ air ḋaṫ a ċéile,
Seaċt g-ceud buaċall geal-ḟionn gléġeal
Seaċt g-ceud óig-ḃean gan aon loċt.
Seaċt g-ceud píopa ḋe ṫuiġe na Gréige,
Buḋ é mo leanán-sa Seáġan mac Ṡéa¬
muis.
Buḋ é m'aṫair si flaiṫ na féile,
Mo ḋearḃraṫair an ḋioscán geal glé-
ġeal
Agus mo ḋearḃṡiur bláṫ na sgeiṁe,
Agus mo ṁáṫair Gob-Óir ó Ṁór-Ċnoc-
Gréine,
Dá m-buḋ é do leanán-sa Seáġan mac
Ṡéamuis
Agus da m-buḋ é d' aṫair-si flaiṫ na
féile,
Dá m-buḋ é do ḋearḃraṫair-si an dios¬
cán geal glé-ġeal.
Dá m-buḋ í do ḋearḃṡiur-sa bláṫ na
sgéiṁe,
Dá m-buḋ í do ṁáṫair-si Goḃ-Óir ó
Ṁór-Ċnoc-Gréine
Ḃeiḋeaḋ foll gruaige 'nuas air d-eudan
Beiḋeaḋ fáinne óir air gaċ meur leat
A's do leacan geal-dearg a b-peorsain
le h-aon ḃean,
Dá d-taḃarfá-sa seaċt m-bliaḋna faoi
tuille na raeċill,
Siúḃal curraċaiġeaḋ, cnoc agus sléiḃ¬
teaḋ
Gan le n-iṫe i euġmuis gaċ aon rud
Aċt saṁan a's biolar a's uisge mar
ḃéile
Ní ḃeiḋeaḋ foll gruaige anuas air d'
eudan
Nó fáinne óir air aon ṁeur leat,
Nó do leacan geal-dearg i b-pearsain
le h-aon ḃean,
Mar a b'é sin é cuir é féin ċuġam.
Sé duḃairt Clíonaḋ a's a croiḋe d'a
raobaḋ,
Buail annnso amaċ Seáġan mac Ṡéam¬
uis.
Crioċ.
Remember, one and all, if you desire
the success of the Gaelic movement,
you must support it
