(8)
7Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 8.
MÁRT,
1890.
GO MAIRIḊ ÉIRE.
Aistriġṫe leis an Aṫair
Eoġan Ó Graṁna.
Air an g-croiċ ag croċaḋ ḃí
Triúr mac óg do b' uasal croiḋe,
Buailte síos aig dian-riġ díoġaltaċ in
a m-bláṫ,
Aċt do ṡeas siad ós a ċoṁair
Dána — 'r nós a sinsear mór —
Agus ċuadar ċum ḃáis le croiḋe gan
sgáṫ.
"Go mairiḋ Éire," ġlaoḋ na gaisg-
iḋiġ,
"Go mairiḋ Éire," a n-aon ráḋ,
"'S cuma linn ca d-tuitfimid
"Air an g-croiċ nó ins an troid
"O naċ cuma, 's bás ḟáġail d' Éirinn,
tír ar ngráḋa!"
Air gach taoiḃ ḃí naiṁde dúr,'
Aċt go dána ṡeas an triúr,
Óir ba ċuiṁneaċ leo díl-ċroiḋṫe 'ngar
's i g-céin;
Mílte croiḋṫeaḋ cróḋa, fíor,
Ṫar an t-saile tonntaċ ṡiar
A's na ċairde dílse 'n-Éirinn naoṁṫa
féin.
"Go mairiḋ Éire," sin mar ġlaoḋ-
adar,
"Go mairiḋ Éire," a n-aon ráḋ,
"'S cuma linn ca d-tuitfimid,
"Air an g-croiċ nó ins a troid,
"O naċ cuma, 's bas ḟáġail d' Éirinn,
tír ar ngráḋa!"
Ċuaḋdar suas na céime cam',
Ġlaoḋadar air Dia 'san am,
A's ann sin — a's teud na Sagsan gleus¬
ta leo —
Ṫug an triúr ḋ'a ċéile póg,
Air nós triúr dearḃraiṫreaċ óg;
Ḋ'a d-tír féin, do Ḋia, 's do'n t-saoir-
se fíor go deo.
"Go mairiḋ Éire," sin mar ġlaoḋ-
