936
AN GAOḊAL.
'S ḃeurfaiḋ mé ṫusa liom, a Ṡeáġain
ḃoiċt aoraiġ,
Caiṫ uait do ṗlae liom 's gluais mar
ċáċ."
"Is mór go mbuḋ ḟeárr liom ḃeiṫ seal
air súgraḋ,
Le h-óig-ḃean ṁúinte ḃeiṫ eidir mo ḋá
láiṁ,
Na ḋul tar m'aiṫne le fear ó do
ḋúiṫċe
Nar ṫug ariaṁ cundas cia'r ġaḃ ċáċ."
These prayers are taken down from Miss Mag¬
gie Gorden, from the parish of Donaghmoyne, co
Tyrone.
Morning Prayer.
A Ḋia 'gus a Ṁaiġdean Ṁuire,
A ṫug slán mé ḟéin 'gus mo ṗáistiḋe,
Ó ḃás collaḋ aréir ann an lae gil andiu,
Go d-tugaiḋ tú slán muid ar eaċ uile
ġáḋ
A's go sáḃailiġ tú muid air ar náṁad
anam agus corp.
Night Prayer.
Sínim-se air an leaba seo
Mar siantar mé san uaiḋ,
Aig iaruiġ toraḋ 'Gus briġ
Na sacramuinte beannuiġṫe,
As uċt Ṁuire agus gráḋ Dé.
Gaḃaim le Dia mar aṫair ċugaim,
'S gaḃaim le Muire mar ṁáṫair ċugam
Gaḃaim leis na flaiṫeas mar ḋúiṫċe
'Gus mar lón síoruiḋe aig m' anam.
A Ṫiġearna go slánuiġ tú ar n-anam,
A Ċríosta deun trócare orrainn.
Going a Journey.
Ann ainm an aṫar le buaiḋ,
Agus an Ṁic, a ḟoileann an ṗian,
Muire 'gas a Mac go raḃ liom air mo
ṫriall.
Ó, a Ṁuire, caraḋ daṁ ag an ṗórt,
Na leig m'anam ṫart,
Is mór m'eagla roiṁ do Ṁac.
A g-cumann na naoṁ go raḃmuid
Aig éiseaċt le guṫ na n-aingeal,
Agus a mollaḋ Mic Dé le saoġal na
saoġal, —
Ámén.
Those are some of the prayers that I took down
from Margaret Sexton, from the parish of Kildy¬
sart, co. Clare.
Caḃair 's cáirde, 's grásta ó Ḋia ċug¬
ainn,
Caḃair gaċ lá ċugainn 's táim dá iar¬
ruiġ;
Sácraimeud na h-aiṫriġe 's go neart¬
uiġ Dia linn,
M'anam air do ċuimre, a Ṁuire Ḃain-
tiġearna.
A Íosa, a Aṫair 's a uain,
Díbir gaċ smuainte mallaiġṫe uaim;
Biḋ 'n-ár d-timċioll 'nár luiḋe dúinn,
'N ar seasaḋ 's 'n ar suan;
Biḋ 'n ar n-intinn 's 'nar ḃ-foċair
Air an uair deirneaċ.
On Lying down to Sleep.
Mar luiḋim air mo leaba so,
Seaḋ luiḋim anns an uaiḋ,
Deunaim m'ḟaoisidean
Go cruaiḋ leat, a Ḋia;
Le cros na n-aingeal
Anns an leaba so luiḋim,
Braon as na flaiṫeas
Go dtigiḋ ann ar g-croiḋṫe,
A ḋíbreóġas na peacaiḋe,
'S na scamaill so dinn.
Mrs. McGowan (nee Mannion), of Glennamad¬
dy, co. Galway, wishes to have these prayers,
which she learned from her mother, preserved in
the GAEL.
Bronnaim m'anam duit-se, a Riġ na n-
grásta,
Agus go bráṫ nár leigiḋ tú mé air ais,
A ḟianuiside seo ort-sa, a Ṁaiġdean
ḃeannuiġṫe.
Gur ċuir mé féin m'anam air láiṁ do
Ṁic:
A gnúis is gile ná an ġrian,
Na foileann mé a b-pian a ḃ-fad.
A Ṁaiġdean ġlórṁar, ṁóḋṁar' ṁais¬
eaċ,
Is tú mo stór, mo lón 's mo ṫaisce:
Is tú mo Reult eoluis ḃiḋeas róṁam
anns gaċ bealaċ,
'S air ṡliaḃ na n-deor go m-buḋ tú mo
ċaraḋ.
A ngáirdín Ṗárṫais a tá 'n paidirín
páirteaċ
A molaḋ na mná ḃí riaṁ gan loċt;
