'n Naoṁ; ċuaiḋ sé air an oileán, ċuir
sé cill air bun ann, agus ḃeannuiġ sé í,
agus is iomaḋ céad oilear a ċuaiḋ
ann ó ṡoin
Nuair a d'ḟág an Naoṁ gach níḋ in
orduġaḋ, d'imṫiġ sé ḟéin agus Fíntán
go dtangadar go Teaṁraḋ An sin
cuir sé teaċ sgoile ar bun agus riġne
sé maiġistir sgoile ḋe Ḟíntán Ḃí an
sgoil air bun go d-tainic Naoṁ Colum
Cille, agus a ḃ-fad 'na ḋiaiḋ mar is ann
fuair sé a ċuid foġlumṫa.
Anois ḃí ḟios aig Naoṁ Páḋraic go
raḃ a aimsir saoġalta ionann 's caiṫ¬
te, agus mar ḃí an oirid sin gráḋ aig
na daoiniḃ air, ḃí ḟios aige go mbeiḋ¬
eaḋ imreas eatarṫa d-taoḃ cia an áit
a mbeiḋeaḋ sé curṫaḋ.
Aon lá aṁáin ċruinniġ sé an pobul
agus duḃairt sé leo:
"Nuair a ġeaḃfas mé bás ceangail
mé air ċapall nár sgar fear a ḋá ċois
air ariaṁ agus béarfaiḋ sé mé go dti
'n áit a tá ceapṫaḋ ó Ḋia le mo ċur."
Nuair do fuair an Naoṁ bás riġne
na daoine mar d'orduiġ sé ḋóiḃ. Ċuir¬
eadar an corp air ḋruim capaill óig, a¬
gus ḃí ag imṫeaċt, agus na daoine ḋ'a
leanaṁaint, go dtainic sé ċum áit dar
ab ainm, ins na laeṫiḃ sin, Dún-ḋá-
Ċlais, aċt anois Dún Ṗádraic atá air.
Nuair a ṫainic an capall ċo fada leis
an áit sin stop sé, agus cuireaḋ an
corp san áit.
An sin ṫoisiġ an pobul agus ċuirea¬
dar cill air bun os cionn uaiġ Naoiṁ
Ṗádraic Faoi ċúrsa aimsire baineaḋ
anuas an cill seo agus cuireaḋ árd-
ċill air bun 'san áit.
Nuair do fuair Colum Cille bás in
Albain, bliaḋanta na ḋiaiġ sin, ḃí riġ
págánaċ os cionn na tíre; ḃí meas mór
aig an b-pobul air an Naoṁ agus ċuir¬
eadar pláta air an g-cónra & sgríḃinn
air le ráḋ, "Tá corp Ċolum Cille 'san
g-cónra seo," aċt nuair do fuair an
riġ fios air an níḋ a ḃí deunta acu d'
orduiġ sé ḋóiḃ an ċónra do ċaṫaḋ a¬
maċ 'san ḃ-fairge, agus b'éigin dóiḃ
deunaḋ aṁlaḋ sin.
Buḋ é toil Dé nach n-deaċaiḋ an ċón¬
ra go bun na fairge; ṫug na toinn leo
í gur ċuireadar asteaċ air ċuan Dún
na nGall í Aon lá aṁáin ḃí buaċaill
beag ag cúṁdaċ bó air ḃruaċ an ċuain
agus conairc sé an ċónra a snáṁ air
na tonnaiḃ. Ġáir sé air aṫair, agus
fir eile, agus ṫugadar an ċónra amaċ,
agus ḃí luṫġáir ṁór orṫa nuair do
fuaireadar amaċ gur buḋ é Colum
Cille do ḃí ann.
Ṫugadar an ċónra leo, agus ċurad¬
ar i in aon uaiġ le Naoṁ Páḋraic
Nuair do fuair Naom Briġid bás
fuair na daoine páipeur in a deas
láiṁ, agus ḃí sgríoḃṫa air. "Cuir mo
ċolainn in aon uaiġ le Naoṁ Páḋraic
agus Colum Cille.
Cuireaḋ í in aon uaiġ leo, agus tá
sgriḃinn os cionn na h-uaiġe le ráḋ. —
In Down’s Cathedral three saints one grave doth
fill,
Saints Patrick, Bridgett and Columb Cill.
Cuirfeaċ siḃ féin Gaeḋilge air,
E. L. Blácaċ
[Cuirfimiḋ Gaoḋailge air mar seo, —
I g-Cilleasboig Ḋúin, in aon uaiġ 'nna
luiḋeaṁ,
Tá Colum, Páḋraic 's Bríġid, plúr na
naoṁ.
F. G]
Glossary
dorċadas, darkness
aṫair niṁe, snake
coinneal, candle.
feoga, rushes
blainic, lard.
múċ, extinguish
ó ṡoin, since then.
ṫangadar, they came
bain, pull, have call to.
ċonairc, did see
ṡluig, did swallow.
ḋaṫuiḋ, did color.
oilear, a pilgrim.
imreas, contention
pobul, people.
ceangail, tie.
ceapṫaḋ, ordained
bliaḋanta, years.
cónra, coffin.
ċaṫaḋ, to throw.
cúṁdaċ, minding.
colainn, the body.
uaiġ, grave.
eatarṫa, between them
cilleasboig, cathedral
Very little alteration has been made
in this month's installment of the fore¬
going story. It is couched in very sim¬
ple, nevertheless correct, Gaelic, and
