AN GAOḊAL.
947
Ó d' imṫiġ 'n t-am fad ó.
IV
A's so mo láṁ ḋuit, ċara ḋil,
A's taḃ'r ḋam láṁ go beo.
A's ólfamuid aon ġloine ṁaiṫ
Air son an am' fad ó.
Air son an am' fad ó, a ġráḋ,
Air son an am' fad ó,
A's ólfamuid aon ġloine ṁaiṫ
Air son an am' fad ó.
Eoġan O'Graṁna.
Coláiste Ṁaiġe-Nuaḋat, Seaċtṁain
na Páise, 1890.
A Ṡaoi Ḋílis, — Ag so ċugat aḃrán a
fuaras tamall ó ṡoin ó ḋuine dar ab
ainm Pádruig Breaṫnaċ, a ċoṁnuiġeas
i g-Cúl-Finn air ṫaoḃ buḋ ḋeas ó Ṗort-
láiċ, i n-Deisiḃ Muṁan. Creidim gur
ab é so an t-aḃrán ceudna ar aistriġ
an File sin i. i. Callanán, go Beurla
mar ġeoḃair ṡíos annso, giḋ go n-deir
duine éigin ler' cuireaḋ an dán Gall¬
da sin a g-clóḋ go dtoisiġiḋ an Ġaeḋ¬
ilge ḃunaḋasaċ ór baineaḋ é "Is duḃ¬
aċ é mo ċás." Ní 'l ḟios agam-sa ar
fuaras an t-aḃrán so air fad no nár
fuaras; sgríoḃas an ṁeud a ṫug sé
ḋam de, ní raiḃ fáġail air a ṫuille; a¬
gus ní ḃ-fáġainn ṫeagṁail le neaċ dár
ċleaċtuiġ é ler féidir an ċeud rann a
ṫaḃairt air ṁalairt "ḋ'imṫiġeas-sa óm
ṁuintir," ⁊c Ḃiḋeaḋ taṫuiġe ag na
daoiniḃ go coitċeanta air an dreaċt
so air fuaid na duiṫċe fiċe bliaḋain ó
ṡoin, agus dreaċta naċ é, aċt is deac¬
air ceann acu a ċlos anois muna m-
beiḋeaḋ duine dá n-eilioṁ le dioġrois;
mar atáid ag imṫeaċt as cuiṁne pob¬
uil na h-Éireann de ḋeasga méid faill¬
ige a ṫugann siad 'na dteangan.
Muna m-beiḋeaḋ go ḃ-fuil "na spail¬
píniḋe' no daoine oibre dá laḃairt do
ġnáṫ fós le n-a ċéile, agus míle molaḋ
le feile agus fialṁaireaċt na n daoin¬
eaḋ m-boċt air a ṡon sin, b'ḟurus Gae¬
ḋilge Ċondae Ṗortláirge d'áireaṁ an¬
diu.
Ní ċuirfinn ċuġat an dán Gallda so
aċt ċiḋim go g-clóḋḃuailtear ruda dá
ṡaṁail san nGaoḋal. Fuaras an Gao-
ḋal déiġeanaċ.
Slán go ṡíor leat a ḋuine uasail air
taoḃ ṫáll de'n ḟairrge ṁóir ó d'ḟíor
ċaraid,
RISTÉARD de h-ENEBRE
CLUAIN-MEALA.
Ḋ'imṫiġeas-sa óm' ṁuintir le h-árd-inn¬
tinn gan ċiall,
Liostáil mé 'sa n-arm a's níor ḋ' ḟan
mé ann aċt bliaḋain;
Riġne mé desarting a's air an m-baile
ḃí mé triall,
A's gur a b-príosún Ċluain-meala tá
mo leaba le bliaḋain.
Astoiḋċe Dia h-aoine a's mé gaḃailt
síos ags na barracks
Casaḋ light-horse saġadúiriḋe a's iad
líonta dá g-cuid arm;
Ḋeit mé agus ḃioḋg mé as níor ḋ' ḟan
briġ ionam ná tapa,
Agus ruiṫ mé naoi míle gan ḃrísde
gan hata.
Cuireaḋ air aṫ-ċuirt mé ó Ṗortláirge
go Cluain-meala,
A gonntaḃairt mo ḃáiḋte a's an bád
air an ngaise;
Ḃí cailíniḋe óga mná pósta ann a's
fearaiḃ,
Agus Nelly go duḃaċ deoraċ ag siúḃal
bóiṫre lem' leanḃ.
Tá mo ṡrian a's mo ḋiallat air iasaċt
le tamall,
A's mo ċumán ag liaṫaḋ 's ag fiaraḋ
fán' leaḃain;
Tá mo liaṫróid dá bualaḋ ag buaċ¬
ailliḋiḃ an ḃaile,
A's mar ḃárr air gaċ droċ-sgeul tá
mé daor a g-Cluain-meala,
Ċomaráidiḋe ċroiḋe na páirte más 'n-
dán dam ċoiḋċe ċasaḋ,
Taḃarfad spoir a's mo láṁainiḋe dom
ḋearḃráṫair boċt a's dom aṫair;
'Sé deir Bagwell siúḃal 'na sráide go
