AN GAOḊAL
949
Socair, sedate, settled.
Farraḋ, company.
ceanntar, townland, neighbourhood.
Paoraċ, the country lying between
Waterford, Dungarvan, and Clon¬
mel, so called from the number of
Powers that inhabit it.
Fiaḋaċt, hunting.
Béimneaċ, of heavy blows.
Síor-ċaiṫréimeaċ, ever-triumphant.
Farraire, a hero, active valiant.
Bríoġṁar, powerful, energetic
Reicim, I sway, sell, exchange.
Ríoġaċt, a kingdom.
Mr. O Byrne’s address at the N. Y.
Féis Ceoil on Easter Tuesday
A Uaċdaráin Urramaiġ, a ṁná-uais¬
le agus a ḋaoine-uaisle. — Is é ḃur m-
beaṫa agus ḃur sláinte annso anoċt!
Tá áṫas mór orrainn siḃ uile d'ḟeic¬
sin san g-cruinniuġaḋ ġlórṁar so de
Ċlainn na nGaoḋal mar cuireann ḃur
laiṫeanaċd ionaṁuil do'n doṁan naċ
ḃfuil siḃ neaṁ-ṡuimeaṁuil i d-taoiḃ
ḃur d-teangan a's ḃur g-ceoil; agus go
ḃ-fuil fíor-spiorad na tír-ġráḋuiġeaċ¬
da fós beo in ḃur g-croiḋṫiḃ. Agus,
dar n-dóiṫ, ní h-iongnaḋ liom go ḃ-fuil
siḃ annso in ḃur sluaḋtaiḃ mar atá
siḃ, oir sí cúis ḃur d-teangan cúis ḃur
d-tíre, agus is maiṫ do ṫuigeann siḃ
an niḋ sin. Aċt, monuar! giḋ go ḃ-
fuil mórán Éireannaċ san g-caṫair so
tá cúramaċ a d-taoiḃ ar d-teangan is
fíor-ḃeagán de ṁuintir na h-Éireann,
i n-Éirinn féin, agus air fuid an doṁ¬
ain, ṫugas aon t-suim in ar nGaeḋilig
ḃinn líoṁṫa. Tá náire air ċuid aca
adṁáil gur Éireannaiġe iad, agus go
d-tuigeann siad aon ḟocal de ṫeangain
a n-aṫaireaċ. Agus creud fáṫ ḃ-fuil
an náire so orrṫa? Mar naċ ḃ-fóġ¬
luimeann siad stáir na h-Éireann. Tá
siad i n-ain-eolus air léiġean na h-Éir¬
eann, níor ċualadar ariaṁ air na míl¬
tiḃ leaḃar láṁ-sgríoḃṫa tá air mar¬
ṫainn againn fós, agus nár cuireaḋ
ariaṁ i n-eagar; na leaḃra luaċṁara
soin air a ḃ-fuil an oiread soin meas¬
a aig luċt fóġlumṫa na h-Euróipe, na
h-ollaṁain léiġeanta ins na sgoiltiḃ is
airde san doṁan, go ḃ-fuilid 'ga ḃ-foġ¬
lum a's ga g-cur i n-eagar. Is dóiċe
nár ċualadar tráċt ariaṁ air Leaḃar
na hUiḋre, Leaḃar Buiḋe Leacáin,
Leaḃar Mór Dúna Doire, Leaḃar na
g-Ceart, agus aroile. Tá úrṁór na
leaḃar so níos sine 'ná aon láiṁsgrí¬
ḃinn eile san g-cruinne, aċt aṁán cóip
nó ḋó de 'n sgríḃinn diaḋa, agus iad
uile toirḃearṫa suas do stáir na h-
Éireann, do ṡaorṫuġaḋ na n-ealaḋan,
a's do gaċ niḋ eile ḃaineas le beaṫa &
le b-imeaċtaiḃ ar sinsear in allóid. Is
fíor, go deiṁin, naċ ḃ-fuiġfear stáir
na h-Éireann do sgríoḃaḋ go bráṫ go
g-cuirfear na leaḃra so i n-eagar.
Is ċum eolus na teangan soin ann a
ḃ-fuilid na leaḃra so sgríoḃṫa, ioḋan,
teangain na Gaeḋilge, do ṡaorṫuġaḋ,
ċum í do leaṫnuġaḋ air fuid an doṁ¬
ain, do cuireaḋ air bun an cumann so.
Is dóiṫ linne ḃaineas leis an g-cumann
so gur ab í an obair so bun agus bárr
an ḟíor tíor-ġráḋ, óir is cinnte muna
g cosgar ó ṁúċaḋ teanga na nGaeḋel
ní ḃeiḋeas aon ċine Gaoḋalaċ ann i g-
ceann céad bliaḋan Cia b'é airġean
tá againn mar ṗobal is mar ġeall air
ar d-teangain do ṫárlaiḋ gur ḟain sé
againn. Dá réir sin atámaoid ag
glaoḋaċ orraiḃ-se, a Ċlainn na nGao¬
ḋal, do díbireaḋ ó ḃur n-oileái ġlas,
álainn féin, láiṁ cúnganta do ṫaḃairt
dúinn ċum an obair so do ċur ċum
ċinn. Támaoid go sonnrádaċ air an
uair so deunaḋ ar n-díoṫċail le caṫ¬
aoir ċum saorṫuiġṫe teangan & stáire
na h-Éireann a ċur air bun san árd-
scoil tíreaṁail i Washington, agus b'
ḟéidir i g ceann eile de árd-sgoiltiḃ
na tíre An d-taḃairfiḋ siḃ aon ċúng¬
naṁ ḋúinn? Tá maoin saoġalta ag
mórán agaiḃ; agus dar n-dóiṫ ní'l ḟios
agam air aon rud leaṫ ċoṁ maiṫ ċum
ḃur g-cuiṁne do ṫaḃairt anuas trés
na h-aoisiḃ, le cuid de'n ṁaoin sin do
ḃronnaḋ le h-aġaiḋ na h-oibre so. Dei¬
rin liḃ gan aṁrus an té ḋeunfas an
leiṫéid sin beiḋ sé n-dán do ráḋ, "Ex¬
egi monumentum acere perennius,” a¬
