AN GAOḊAL
953
There was no sign of a Dublin Society then)
1878 May, 5, 31 Members of the Society resided
in N. Y. City — A committee appointed to or¬
ganize N. Y. City — May 17, Hall 214 Bow¬
ery engaged, meeting held and 27 new mem¬
bers enrolled — June 2nd., the N. Y. branch
of the Brooklyn Society is resolved into the
N. Y. Philo-Celtic Society.
Excepting Frank Ward, we do not know of any
one now connected with the Gaelic Schools in N.Y
City who was present at their organization there —
We have the record of those then enrolled.
So much for the “News” and all others whom it
may concern.
Ballynacargy, Westmeath, Ireland,
3rd ḋe' Oibreán. 90.
Do 'n Saoi M. J. Ó'Lóċáin
Fuaras an uiṁir deirannaċ de'n
Ġaoḋal go tráṫaṁail, agus do léiġeas
é le sult mór Is dóċa nár ċuir tú
amaċ riaṁ uiṁir ċoṁ beo, beaṫuiḋeaċ.
Dar ndóiġ, tá gaċ uile ḋuine ciall¬
ṁar air an indinn ċeudna le M. J. O'
Tiġearnaiġ mar deir sé, sé niḋ tá
uainn, leaḃra agus páipéir in a m-beiḋ
an Ġaeḋilġe nuaḋ, ġlan, simpliḋe, go
díreaċ mar tá sí dá laḃairt ins gaċ
ceárda ḋe'n t-Sean Tír so, agus am¬
easg na n Éireannaċ air deoruiḋeaċt
in imigcéin.
Air an áḋḃar ceudna so, do ḃeiḋ¬
inn-se in aġaiḋ na cóṁairle a ṫugann
mo ċaraid, an t-Aṫair Pádraig Breaṫ¬
naċ. Ba ṁór an dearmad, agus an
seaċrán, 'sé mo ḃaraṁail, obair agus
airgead a ċaṫaḋ le foclóir Ċuanaiġ a
ċur a g-cló mar tá sé. Gan aṁrus,
dá d-tógfaḋ cuigear nó seisear an
foclóir so i láiṁ — fir a ḃeiḋeaḋ eol¬
gusaċ air an teangain, agus ion ann í
laḃairt — dá d-tógfaidís an foclóir
so, & gaċ a ḃ fuiġdis d'ḟoclaiḃ nuaḋa
agus cr aiḋe, & d' eolus eile ameasg
na ndaoineaḋ a ċur leis, ba ḃreáġ an
leaḃar é.
Is feasaċ mé go ḃ fuil Seáġan Pléi¬
mionn ag oibriuġaḋ le fada air an m-
bealaċ so, ag cruinniuġaḋ focal agus
ḋá g-cur asteaċ i leaḃar Ċuanaiġ. An
spíonaḋ atá seisean a ṫaḃairt do
Ġaeḋilge na Muṁan ṡoir, tá an t-oide
Gaeḋilge i g coláisde na Tríonóide, an
Saoi oirḃideaċ Seumas Gudman, ḋá
ṫaḃairt do Ġaeḋilge Ċiarraiġe
In Irisleaḃar na Gaeḋilge do ċiḋmíd
sgoláiriḋe eile ó'n Múṁain ag sgríoḃ¬
aḋ i dtaoiḃ na Gaeḋilge. I g-Connaċ¬
taiḃ, faġmuid an Saoi MacLoinn i d-
Tuaim; an Saoi O'Faṫartaiġ níos sia
siar; agus an Ċraoiḃín Aoiḃinn rud
beag soir, ag deunaḋ oibre maiṫe. Tá¬
im-se féin, freisin, le fada ag cruinn¬
iuġaḋ gaċ ar airiġeas i b-Portláirge,
in Iar g-Connaċtaiḃ agus 'san Miḋe.
Sin fear eile naċ ḃ-feicimid i g cló,
ċor air biṫ, an Saoi Bushe, a ċruinniġ¬
eas faoi 'n g-Cunga, Loċ Measga agus
Áṫ-Cinn.
Dá ḃ-feudaḋ muis go h-uile ar ḃ-fo¬
cla a ċur le ċéile, ḃeiḋeaḋ an obair
deunta. Cia an ċaoi a d-tiuḃramuid
le ċéile iad? Ba ḋeacair sin a ḋéan¬
aḋ anois; aċt níor ḋeacair do ḋuine
air biṫ gaċ focal ar bealaċ do ṫugann
sé fá deara a ċur do'n Ġaoḋal, ná go
ṗáipeur air biṫ eile a ċlóḃuailfeas iad.
Má cuirtear ċugam féin roinnt
ḋíoḃ, beiḋead an-ḃuiḋeaċ
Leig dam innseaċt do'n Saoi O'Liaṫ¬
áin naċ ḃ-faca mé riaṁ an ṗaidir úd
air a laḃrann sé.
Lé mór ṁeas, a Ṡaoi ionṁuin,
Is mé do ċara
Eoġan O'Graṁna. C. C.
TEAMPUL ṀAIḊEO.
(These verses are taken down from a native of
the county Sligo.
J. J. Lyons.
Ḃí mé lá saṁraiḋe gaḃáil gleannta
Ṁaiḋeo,
'S casaḋ orm a n-uaigneas cailín deas
óg;
Ṫeann mé liom análl í 's d'iar mé air¬
ṫi póg,
Sé duḃairt sí liom, "Gan aṁrus aig
Teampul Maiḋeo"
Ḃí mé a Maiḋeo 'gus mé cóṁráḋ le
mnaoi,
Lot sí mo ṗócaiḋe 's níor ḟág sí ag¬
am piġinn;
Tá ḟios ag an doṁnaċ naċ brón a ḃí
