(11)
7Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 11.
MÍ-ṀEAḊON,
1890.
COLANN GAN ĊEANN.
A ḃ-fad ó ṡoin ḃí baintreaḃaċ na
ċóṁnuiḋe i g-condae na Gailliṁe agus
ḃi beirt ṁac aici darab ainm Diarm¬
uid agus Doṁnall. Buḋ é Diarmuid
an mac ba sine, agus ḃí na ṁáiġistir
ós cionn an tiġe. Buḋ feillméaraiḋe
móra iad, agus lá aṁáin fuaireadar
fuagraḋ ó 'n tiġearna-talṁan a ṫeaċt
agus cíos bliaḋna do íoc leis.
Ní raḃ mórán airgid aca san teaċ,
agus duḃairt Diarmuid le Doṁnall,
"Taḃair ualaċ coirce go Gaillim a-
gus díol é."
Fuair Doṁnall ualaċ réiḋ, ċuir ḋá
ċapall faoi'n g-cairt, agus d' imṫiġ leis
go Gailliṁ.
Ḋíol sé an coirce, agus fuair luaċ
maiṫ air. Nuair a ḃí sé teaċt aḃaile
d' ḟan sé aig teaċ an leaṫ-ḃealaiġe,
mar buḋ ġnáṫaċ leis, le deoċ a ḃeiṫ
aige féin, agus le deoċ agus coirce do
ṫaḃairt do na caipliḃ.
Nuair do ċuaiḋ sé isteaċ le deoċ
do ḟáġail ḋó ḟéin, conairc sé beirt
ḃuaċall ag imirt ċárda. D' ḟeuċ sé
orra tamall agus duḃairt ceann aca,
"M-béiḋ cluiċe agad?"
Ṫoisiġ Doṁnall ag imirt agus níor
stop no gur ċaill sé gaċ h-uile ṗiġinn
de luaċ an arḃair.
"Creud a ḋeunfas mé anois?" arsa
Doṁnall leis féin, marḃóċaiḋ Diarm-
uid mé. Air ċaoi ar biṫ, raċfaiḋ mé
aḃaile agus innseoċaiḋ mé an ḟírinne"
Nuair a ċuaiḋ sé 'ḃaile d' ḟiafruiġ
Diarmuid ḋe,
"Ar ḋíol tú an coirce?"
"Díolas, a ḋ'anam, agus fuaireas
luaċ maiṫ air," arsa Doṁnall.
"Taḃair ḋam an t-airgiod," arsa
Diarmuid.
"Deaṁan piġinn agam ḋe," arsa
Doṁnall, ċaill mé gaċ h-uile ṗíġinn de
ag imirt ċárda i d-teaċ an leaṫ-ḃeal-
aig."
"Mo ṁallaċt agus mallaċt na g-
