ceaṫar air ḟiċead ort," arsa Diarmud
Ċuaiḋ sé agus d' innis do 'n ṁáṫ¬
air an cleas a rinne Doṁnall.
"Taḃair párdún ḋó an t-am so," ar
san ṁáṫair, agus ní ḋeunfaiḋ sé arís
é."
"Caiṫfiḋ tú ualaċ eile ḋíol amár¬
aċ," arsa Diarmuid, "agus má ċaillean
tú a luaċ, ná tarr ann so."
Air maidin lá 'r na ṁáraċ ċuir Doṁ¬
nall ualaċ eile air an g-cairt agus d'
imṫiġ leis go Gailliṁ le n-a ḋíol. Ḋíol
sé an coirce agus fuair luaċ mór air.
Air ṫeaċt a ḃaile ḋó agus an uair a
ḃí sé i ngar go ṫeaċ an leaṫ-ḃealaiġ,
duḃairt sé leis ḟéin,
"Druidfiḋ mé mo ṡúile go d-téiḋ mé
ṫair an teaċ sin le faitċíos go m-beid¬
eaḋ caṫúġaḋ orm do ḋul asteaċ arís."
Ḋruid sé a ṡúile, aċ anuair a ṫain¬
ic na capaill ċo fada le tiġ-an-ósda
ṡeasadar agus ḋeaṁan coiscéim níos
fuide i raċfaidís, mar buḋ ġnáṫaċ leo
uisge agus coirce do ḟáġail san áit sin
gaċ am a m-bídís ag teaċt as Gailliṁ.
D' ḟosgail sé a ṡúile, ṫug uisge agus
coirce do na caipliḃ, agus ċuaiḋ sé ḟéin
asteaċ sa teaċ le splanc do ċur in a
ṗíopa.
Nuair a ċuaiḋ sé asteaċ ċonairc sé
na buaċailliḋ ag imirt ċárda. D'iar¬
radar air imirt, agus go m-b'ḟéidir go
gnóiṫeóċaḋ sé an ṁéid a ċaill sé an lá
roiṁe sin.
Mar atá caṫuġaḋ air na ċárdaiḃ,
ṫoisiġ Doṁnall ag imirt agus níor
stop sé gur ċaill gaċ h-uile ṗíġinn a ḃí
aige.
"Ní'l aon ṁaiṫ ḋam a ḋul aḃaile a¬
nois," arsa Doṁnall, "cuirfead na cap¬
aill agus an ċairt in aġaiḋ an ṁéiḋ a
ċaill mé."
D'imir sé arís agus ċaill sé na cap¬
aill agus an ċairt. An sin ní raḃ ḟios
aige creud a ḋeunfaḋ sé. Smuain sé
agus duḃairt leis ḟéin, "mar dtéiḋiḋ
mé aḃaile béiḋ imniḋe air mo ṁáṫair
ḃoċt gur éiriġ rud eigin ḋam; raċfaiḋ
mé aḃaile agus innseoċaiḋ mé an ḟír¬
inn ḋi; ní ṫig leo aċ mo ḋíbirt."
Ba trom, duḃaċ a d'iompuiġ Doṁ¬
nall amaċ, agus i nuair a ṫainic sé a¬
ḃaile d' ḟiafruiġ Diarmuid ḋe,
"Ar ḋíol tú an coire? no cá ḃ-fuil
na capaill agus an ċairt?"
"Ċaill mé an t-iomlán ag imirt ċár¬
da, agus ní ṫiucfainn air m'ais aċt le
mo ḃeannaċt d'ḟágḃáil agaiḃ sul a d'
imṫiġim."
"Nár ṫagaiḋ tú air d' ais go deo,
nó piġinn ḋe do luaċ," arsa Diarmuid,
"agus ní ṫeastuiġeann do ḃeannaċt
uaim"
D' ḟág sé a ḃeannaċt aig a ṁáṫair
in sin, agus d'imṫiġ air siúḃal air ṫóir
seirḃíse. Nuair a ḃí dorċadas na h-
oiḋċe i teaċt, ḃí tart agus ucras air.
Conairc sé duine boċt a teaċt ċuige,
agus mála air a ḋruim. D' aiṫin sé
Doṁnall agus duḃairt,
"A Ḋoṁnaill, creud a ṫug an so ṫú,
nó cá ḃ-fuil tú dul?"
"Ní'l aiṫne agam ortsa," arsa Doṁ¬
nall.
Is iomḋa oiḋċe ṁaiṫ do ċaiṫ mé i
d-teaċ d' aṫar, go ndeunfaiḋ Dia tró¬
caire air," ars an fear boċt, b'ḟéidir
go ḃ-fuil ucras ort, agus naċ mbeiṫeá
i n-aġaiḋ iṫe as mo ṁála sa."
"Is caraid do ḃéarfaḋ ḋam é," ar¬
sa Doṁnall.
In sin ṫug an fear boċt mairt-ḟeoil
agus arán ḋó, agus nuair i d'ṫi sé a
ṡáiṫ d' ḟiafruiġ an fear boċt ḋe,
Cá ḃ-fuil tú dul anoċt?"
"Maiseaḋ, ní'l fios agam," arsa
Doṁnall.
"Tá duine uasal anns an teaċ mór
sin ṡuas, agus tugann sé lóistín do
ḋuine air biṫ a ṫigeas ċuige a n-diaiġ
dorċadas na n-oiḋċe, agus tá mise ag
dul ċuige," ars an fear boċt.
"B'ḟéidir go ḃ-fuiġinn-se lóisdín leat,
arsa Doṁnall.
Ní'l aṁras air," ars an fear boċt
(Le ḃeiṫ leanta.)
As may be seen above, we have ad¬
ded sa ( as it is invariably used in con¬
versation ) to the defective verb , ar,
said; as, arsa Diarmuid, said Dermott.
We think that the original expression
was, ar sé Diarmuid, said he Dermott ;
that the é of sé was dropt before a of
